+26. Chun na réamhaisnéisí airgeadais a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla ar a laghad: a) …
|
26. Chun na réamhaisnéisí airgeadais a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla ar a laghad: a) …
Chun na réamhaisnéisí airgeadais a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla ar a laghad: - a) athbhreithniú cainníochtúil a dhéanamh ar an bplean gnó ar bhonn an bhuncháis agus ar bhonn an cháis struis d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chumas an BTT atá beartaithe na torthaí réamh-mheasta a bhaint amach i gcomhréir leis na ceanglais stuamachta sa dá chás;
- b) athbhreithniú a dhéanamh ar an míniú ar inmharthanacht tosaigh agus inbhuanaitheacht na samhla gnó thar thréimhse 3 bliana an phlean gnó;
- c) maidir leis an gcás struis, ba cheart do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhearbhú, go háirithe: (i) tá na toimhdí eacnamaíocha agus gnó dian ach sochreidte; (ii) tá na bearta bainistíochta sainaitheanta leordhóthanach;
- d) measúnú a dhéanamh ar na réamhaisnéisí airgeadais a léiríonn an straitéis ghnó spriocdhírithe maidir leis na gníomhaíochtaí, an gnó agus na línte táirgí bunaithe ar ranníocaíocht brabúis, agus scrúdú a dhéanamh ar chreidiúnacht na dtoimhdí cainníochtúla atá mar bhonn agus taca leo (e.g. ráta fáis, ioncam, costais, rioscaí, líon na gcustaiméirí, costais foirne, toimhdí maicreacnamaíocha etc.);
- e) na príomhspreagthóirí agus príomhspleáchais a bhaineann le feidhmíocht an ghnó a shainaithint, lena n-áirítear spleáchais an ghrúpa, amhail leithdháileadh gnólachtaí, praghsáil aistrithe, ionsú costas agus leochaileachtaí féideartha;
- f) athbhreithniú a dhéanamh ar phraghsáil agus ar struchtúr an táirge, agus aird a thabhairt, mar shampla, ar an spleáchas ar fhoinsí ioncaim a bhfuil go leor riosca ag baint leis, atá comhchruinnithe nó luaineach;
- g) tuiscint a fháil ar na foinsí ioncaim éagsúla (e.g. ioncam atá bunaithe ar úis nó bunaithe ar ioncam ó tháillí), tionscnóirí ioncaim sonracha, príomhtháscairí feidhmíochta agus leibhéal riosca na línte gnó gaolmhara;
- h) nuair is féidir agus is cuí, cinneadh a dhéanamh ar chomparáid piaraí ábhartha bunaithe ar tháirgí/línte gnó iomaíocha atá ag díriú ar an bhfoinse chéanna brabús/custaiméirí agus an anailís a bhunú ar shonraí maoirseachta, margaidh agus maicreacnamaíocha atá ag na údaráis inniúla;
- i) nuair is ábhartha, measúnú a dhéanamh ar threochtaí agus ar chóimheasa brabúsachta a mheas, agus próifíl riosca ionchasach an BTT, chomh maith leis an bhfeidhmíocht choibhneasta i gcomparáid le comhghleacaithe, á gcur san áireamh. Chun tacú leis an measúnú sin, féadfaidh údaráis inniúla tagairt a dhéanamh do na táscairí brabúsachta agus riosca is coitianta, a léiríonn an cineál agus an leibhéal riosca a bhfuil coinne ag an BTT leis chun brabúis a ghiniúint;
- j) nuair is cuí agus is comhréireach, miondealú a dhéanamh ar ioncaim / ar fhoinsí ioncaim chun a thuiscint an bhfuil na foinsí ionchais ag teacht le straitéis fhoriomlán an ghnó (cineál na samhla gnó, méid an ghnó);
- k) athbhreithniú a dhéanamh ar an spriocstruchtúr costais (e.g. costais saothair, riaracháin nó TF) i ndearbhthéarmaí, agus nuair is iomchuí agus nuair is féidir, curtha i gcomparáid le piaraí;
- l) aird a thabhairt ar chomhchruinniú costais.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|