+Airteagal 23 Measúnú ar chumhdach riosca na samhla tomhais riosca inmheánaí
---+Airteagal 23 1
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3

Airteagal 23 Measúnú ar chumhdach riosca na samhla tomhais riosca inmheánaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide le hAirteagal 325bh(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an gceanglas go n-áireofar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach na fachtóirí riosca a úsáidtear i ríomh na gceanglas cistí dílse faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach, ar a laghad, fíoróidh an t-údarás inniúil cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

doiciméadaíonn an institiúid an ann d’fhachtóirí riosca a úsáidtear sna cineálacha cur chuige caighdeánaithe ach nach n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(b)

cuireann an institiúid na gnéithe uile seo a leanas i dtábhacht:

(i)

cé acu is ann nó nach ann d’airgeadraí nach samhaltaítear riosca an ráta úis ghinearálta ina leith, lena n-áirítear riosca boilscithe nó riosca trasairgeadra-bhunaithe;

(ii)

cé acu is ann nó nach ann do raonta difríochta creidmheasa eisitheoirí nach samhaltaítear;

(iii)

cé acu is ann nó nach ann do spotphraghsanna cothromais agus rátaí athcheannaigh cothromais nach samhaltaítear;

(iv)

cé acu is ann nó nach ann do spotphraghsanna tráchtearraí nach samhaltaítear;

(v)

cé acu is ann nó nach ann do spotrátaí malairte nach samhaltaítear;

(vi)

cé acu is ann nó nach ann do chásanna nach samhaltaítear an luaineacht intuigthe in ionstraimí lena ngabhann roghnaíocht;

(c)

i gcás inar ann d’fhachtóirí riosca a úsáidtear sa chur chuige caighdeánaithe ach nach n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach, déanann an institiúid, i dteannta faisnéis a sholáthar maidir leis an tionchar a imríonn eisiamh na bhfachtóirí riosca sin ar na torthaí sannta brabúis agus caillteanais mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bh(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an méid seo a leanas:

(i)

réasúnaíocht iomchuí a sholáthar gan na fachtóirí riosca sin a áireamh sa tsamhail tomhais riosca inmheánach agus, i gcás ina mbeidh an t-eisiamh sin i ngeall ar easpa praghsanna ionadaíocha le haghaidh na bhfachtóirí riosca sin, an réasúnaíocht a sholáthar gan na fachtóirí riosca sin a ghabháil i ríomh an bhirt riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus an réasúnaíocht sin a dhoiciméadú;

(ii)

ríomh agus faireachán a dhéanamh ar an tionchar ar na ceanglais cistí dílse a leanann as eisiamh na bhfachtóirí riosca sin ón tsamhail tomhais riosca inmheánach.

Airteagal 23 2

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bh(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an gceanglas go n-áireofar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach líon leordhóthanach fachtóirí riosca, déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta seo a leanas san ord seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an institiúid forléargas ar na fachtóirí a úsáidtear i ríomh luach na punainne ag deireadh an lae a sholáthar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, liosta de chomhiomláin fachtóirí a úsáidtear i ríomh an luacha ag deireadh an lae, lena sonraítear, i gcás gach comhiomláin, na nithe uile seo a leanas:

(i)

an líon fachtóirí in aghaidh an chomhiomláin;

(ii)

an chatagóir fachtóra riosca leathan agus an fhochatagóir fachtóra riosca leathan, dá dtagraítear i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar chucu is féidir na fachtóirí sa chomhiomlán a mhapáil;

(iii)

íogaireacht chomhlán agus glaníogaireacht phunann na hinstitiúide i leith na bhfachtóirí is cuid den chomhiomlán;

(iv)

cé acu a áirítear nó nach n-áirítear na fachtóirí sa tsamhail tomhais riosca inmheánach, agus:

(1)

i gcás ina n-áirítear iad, an ndéantar gach fachtóir a shamhaltú go díreach mar fhachtóir riosca sa tsamhail tomhais riosca inmheánach gan aon ionadach a úsáid, nó an úsáidtear teicnící eile;

(2)

i gcás nach n-áirítear iad, an réasúnaíocht maidir leis an rogha sin.

(b)

bunaithe ar an bhforléargas dá dtagraítear i bpointe (a):

(i)

a fhíorú nach ann d’aon fhachtóir ábhartha nach samhaltaítear, agus gur iomchuí na réasúnaíochtaí lena dtacaítear le heisiamh fachtóirí neamhshamhaltaithe;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-áirithíonn an institiúid, i gcás fachtóirí nach samhaltaítear go díreach mar fhachtóirí riosca sa tsamhail tomhais riosca dá dtagraítear i bpointe (a)(iv), go ngabhtar na rioscaí ábhartha uile, lena n-áirítear rioscaí boinn ábhartha.

Chun críocha phointe (a), déanfaidh institiúidí fachtóirí a chomhiomlánú sa chaoi go mbeidh na tréithe céanna i bpáirt ag gach comhiomlán i ndáil le pointe (ii), pointe (iv)(1), agus pointe (iv)(2).

Chun críocha phointe (b)(i), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm, agus féadfaidh siad an modh sin a chomhlánú leis an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 4.

I gcás an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (b)(i), sainaithneoidh na húdaráis inniúla deasca trádála nó punanna hipitéiseacha a úsáideann an institiúid le haghaidh an bhailíochtaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mbraitheann a luachanna ar fhachtóirí nach n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach. Fíoróidh na húdaráis inniúla, i gcás na ndeasc trádála sin, cé acu a léiríonn nó nach léiríonn torthaí na cúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó torthaí thástálacha bailíochtaithe na hinstitiúide féin ar an tsamhail inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 laigí sa tsamhail tomhais riosca inmheánach.

Airteagal 23 3

3.   I gcás an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (b)(i), féadfaidh na húdaráis inniúla deasca trádála nó punanna hipitéiseacha a shainaithint a úsáideann an institiúid le haghaidh an bhailíochtaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mbraitheann a luachanna ar fhachtóirí nach n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach, agus na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an institiúid na nithe seo a leanas a ríomh:

(i)

na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála nó ar luach na punainne hipitéisí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;

(ii)

na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála nó ar luach na punainne hipitéisí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, agus na fachtóirí nach n-áirítear mar fhachtóirí riosca sa tsamhail tomhais riosca inmheánach a fhágáil gan athrú;

(iii)

na hathruithe riosca-theoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála nó ar luach na punainne hipitéisí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059.

(b)

a cheangal ar an institiúid míniú a thabhairt ar dhialltaí sna hathruithe ar luachanna na punainne arna ríomh i gcomhréir le pointí (a)(i), (ii) agus (iii).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.