+Airteagal 23 2

Airteagal 23 2

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bh(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an gceanglas go n-áireofar sa tsamhail tomhais riosca inmheánach líon leordhóthanach fachtóirí riosca, déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta seo a leanas san ord seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an institiúid forléargas ar na fachtóirí a úsáidtear i ríomh luach na punainne ag deireadh an lae a sholáthar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, liosta de chomhiomláin fachtóirí a úsáidtear i ríomh an luacha ag deireadh an lae, lena sonraítear, i gcás gach comhiomláin, na nithe uile seo a leanas:

(i)

an líon fachtóirí in aghaidh an chomhiomláin;

(ii)

an chatagóir fachtóra riosca leathan agus an fhochatagóir fachtóra riosca leathan, dá dtagraítear i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar chucu is féidir na fachtóirí sa chomhiomlán a mhapáil;

(iii)

íogaireacht chomhlán agus glaníogaireacht phunann na hinstitiúide i leith na bhfachtóirí is cuid den chomhiomlán;

(iv)

cé acu a áirítear nó nach n-áirítear na fachtóirí sa tsamhail tomhais riosca inmheánach, agus:

(1)

i gcás ina n-áirítear iad, an ndéantar gach fachtóir a shamhaltú go díreach mar fhachtóir riosca sa tsamhail tomhais riosca inmheánach gan aon ionadach a úsáid, nó an úsáidtear teicnící eile;

(2)

i gcás nach n-áirítear iad, an réasúnaíocht maidir leis an rogha sin.

(b)

bunaithe ar an bhforléargas dá dtagraítear i bpointe (a):

(i)

a fhíorú nach ann d’aon fhachtóir ábhartha nach samhaltaítear, agus gur iomchuí na réasúnaíochtaí lena dtacaítear le heisiamh fachtóirí neamhshamhaltaithe;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-áirithíonn an institiúid, i gcás fachtóirí nach samhaltaítear go díreach mar fhachtóirí riosca sa tsamhail tomhais riosca dá dtagraítear i bpointe (a)(iv), go ngabhtar na rioscaí ábhartha uile, lena n-áirítear rioscaí boinn ábhartha.

Chun críocha phointe (a), déanfaidh institiúidí fachtóirí a chomhiomlánú sa chaoi go mbeidh na tréithe céanna i bpáirt ag gach comhiomlán i ndáil le pointe (ii), pointe (iv)(1), agus pointe (iv)(2).

Chun críocha phointe (b)(i), cuirfidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm, agus féadfaidh siad an modh sin a chomhlánú leis an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 4.

I gcás an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (b)(i), sainaithneoidh na húdaráis inniúla deasca trádála nó punanna hipitéiseacha a úsáideann an institiúid le haghaidh an bhailíochtaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mbraitheann a luachanna ar fhachtóirí nach n-áirítear sa tsamhail tomhais riosca inmheánach. Fíoróidh na húdaráis inniúla, i gcás na ndeasc trádála sin, cé acu a léiríonn nó nach léiríonn torthaí na cúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó torthaí thástálacha bailíochtaithe na hinstitiúide féin ar an tsamhail inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 laigí sa tsamhail tomhais riosca inmheánach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.