4. Chun críocha mhír 1, pointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
(a)
forléargas a fháil ar na fachtóirí riosca arna roghnú ag an institiúid agus a fhíorú:
(i)
cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn na critéir leibhéal leordhóthanach cumhdaigh i gcineálacha na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe arna roghnú i gcomparáid leis an tacar iomlán d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu;
(ii)
cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh maidir leis na critéir go bhfuil coinne leis go sárófar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le himeacht ama;
(iii)
cé acu a thástálann nó nach dtástálann an institiúid fothacair mhalartacha d’fhachtóirí riosca insamhaltaithe chun a áirithiú nach ndéantar gannmheastachán lena rogha ar na ceanglais cistí dílse;
(iv)
cé acu is fearr nó nach fearr leis an institiúid, ina rogha, rogha na bhfachtóirí riosca a bhfuil sonraí sa tréimhse struis ann ina leith ná fachtóirí riosca a n-úsáidtear ionadaigh ina leith, agus i gcás nach amhlaidh an cás, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an gcúis nár chuir an institiúid critéar den sórt sin chun feidhme, agus cé acu a fheabhsódh nó nach bhfeabhsódh rogha dhifriúil cáilíocht an bhirt easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe nó pháirtigh.
(b)
a fhíorú, i gcás ina bhfuil aibíocht níos lú ná 10 lá ag an suíomh, cé acu atá nó nach bhfuil tréimhse leachtachta éifeachtach na bhfachtóirí riosca uile socraithe go 10 lá, agus a fhíorú nach mbíonn tionchar ag an suíomh sin ar ríomh
le haghaidh
;
(c)
i gcás ina bhfuil aibíocht Mat lá ag an suíomh, le
, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
(i)
fachtóirí riosca uile an tsuímh sin ag a bhfuil tréimhse leachtachta
, sannadh do thréimhse leachtachta éifeachtach iad arb í an tréimhse leachtachta is giorra í i measc na dtréimhsí leachtachta a sholáthraítear i dTábla 1 d’Airteagal 325bc(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá níos mó ná nó cothrom le Mat;
(ii)
níl tionchar ag an suíomh ar ríomh
le haghaidh gach j a chomhfhreagraíonn do thréimhse leachtachta atá níos mó ná an tréimhse leachtachta is giorra i measc na dtréimhsí leachtachta a sholáthraítear i dTábla 1 d’Airteagal 325bc(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá níos mó ná nó cothrom le Mat;
(d)
a fhíorú, i gcás ina bhfuil aibíocht Mat lá ag an suíomh, le
, cé acu a shann nó nár shann an institiúid fachtóirí riosca uile an tsuímh sin do thréimhse leachtachta éifeachtach a chomhfhreagraíonn don tréimhse leachtachta SubCatLH arna sannadh do na fachtóirí riosca;
(e)
a fhíorú, le linn don institiúid
a ríomh, ar cé acu a choimeádann nó nach gcoimeádann sí tairiseach na fachtóirí riosca sin ag a bhfuil tréimhse leachtachta éifeachtach atá níos ísle ná an tréimhse leachtachta a chomhfhreagraíonn don innéacs j.
Chun críocha phointe (a)(ii), déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an gcorrlach ar ina leith a sháraigh an institiúid an tairseach sna ráithí roimhe sin.
Chun críocha phointe (a)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás ina measann siad nach leordhóthanach an tástáil ar fhothacair mhalartacha arna ndéanamh ag an institiúid, é a cheangal ar an institiúid fothacair mhalartacha a thástáil agus measúnú a dhéanamh ar cé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn difríochtaí ábhartha as roghanna malartacha i dtéarmaí ceanglais cistí dílse.