+Airteagal 12 Aitheantas a thabhairt do sholáthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
---+Airteagal 12 6
---+Airteagal 12 7
---+Airteagal 12 8
---+Airteagal 12 9
|
Airteagal 12 Aitheantas a thabhairt do sholáthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 10 nó, má ghlactar é, i gcás ina n-aisghairfear an cinneadh coibhéise, féadfaidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil glanláimhdeachas bliantúil a ghníomhaíochtaí uile atá faoi bhun na huasmhéide a leagtar amach in Airteagal 3(2), an dara fomhír, de Threoir 2013/34/AE, le haghaidh gach ceann de na trí bliana as a chéile is déanaí, oibriú san Aontas, ar choinníoll gur aithin ESMA an soláthraí rátála ESG sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. Soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhaineann le grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE a bhfuil glanláimhdeachas bliantúil comhdhlúite ghníomhaíochtaí uile an ghrúpa faoi bhun an uasmhéid a leagtar síos in Airteagal 3(5), an dara fomhír, de Threoir 2013/34/AE, le haghaidh gach ceann de na trí bliana as a chéile is déanaí, féadfaidh sé oibriú san Aontas ar choinníoll go bhfuil aitheantas tugtha ag ESMA don soláthraí rátála ESG sin i gcomhréir leis an Airteagal seo. Chuige sin, féadfaidh ESMA measúnú a rinne iniúchóir seachtrach neamhspleách nó deimhniú ó údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar mian leo go n-aithneofaí iad amhail dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus déanfaidh siad iarratas ar aitheantas a chur chuig EMSA.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Maidir le soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar mian leis go n-aithneofaí é amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh ionadaí dlíthiúil aige. Beidh an t-ionadaí dlíthiúil sin ina dhuine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a cheap an soláthraí rátála ESG sin go sainráite chun gníomhú thar a cheann. Léireoidh an t-ionadaí dlíthiúil do ESMA go gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG ceanglais an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach agus beidh sé cuntasach do ESMA ina leith sin. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil, arna iarraidh sin air, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do ESMA chun ESMA a shásamh go gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG ceanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Soláthróidh an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas, agus iarratas ar aitheantas dá dtagraítear i mír 2 á chur isteach aige, an fhaisnéis seo a leanas do ESMA:
|
(a)
|
an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh;
|
|
(c)
|
an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú do ESMA go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas chun na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh;
|
|
(d)
|
liosta de na rátálacha ESG iarbhír nó ionchasacha atá beartaithe lena ndáileadh san Aontas;
|
|
(e)
|
i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air.
|
Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar aitheantas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ESMA cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt. Cuirfidh ESMA an t-iarratasóir ar an eolas faoina chinneadh laistigh de chúig lá oibre ón gcinneadh a dhéanamh.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. Tabharfaidh ESMA aitheantas don soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a)
|
chomhlíon an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas míreanna 2,3 agus 4;
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas faoi réir maoirseachta, féachfaidh ESMA le socrú comhair iomchuí a chur i bhfeidhm le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe, chun malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú;
|
|
|
Airteagal 12 6
|
6. Glacfaidh ESMA cinneadh lena ndiúltaítear don iarratas i gcás ina gcuirtear cosc ar ESMA a fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe, nó, i gcás inarb infheidhme, le teorainneacha ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil an tríú tír sin.
|
|
Airteagal 12 7
|
7. Déanfaidh ESMA fíneálacha a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 36, nó déanfaidh sé an t-aitheantas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 9, a chur ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-aitheantas sin a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, chun a mheas gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an soláthraí rátála ESG:
|
(a)
|
go bhfuil sé ag gníomhú, nó go raibh sé ag gníomhú, ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí rátálacha ESG nó d’fheidhmiú ordúil na margaí;
|
|
(b)
|
gur sháraigh sé ar bhealach tromchúiseach an Rialachán seo;
|
|
(c)
|
go ndearna sé ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh neamhrialta eile chun an t-aitheantas a fháil.
|
|
|
Airteagal 12 8
|
8. I gcás nach gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG arna aithint ag ESMA faoin Airteagal seo na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra do ESMA faoi gan moill mhíchuí.
Tabharfaidh an soláthraí rátála ESG fógra do ESMA laistigh de 3 mhí ón dáta nach gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 a thuilleadh más mian leis leanúint dá sheirbhísí a thairiscint san Aontas agus déanfaidh sé iarratas ar údarú laistigh de 12 mhí ón dáta sin. In éagmais fógra den sórt sin, scoirfidh an soláthraí rátála ESG de bheith ag oibriú san Aontas.
|
|
Airteagal 12 9
|
9. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun foirm agus ábhar an iarratais ar údarú dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh agus, go háirithe, chun cur i láthair na faisnéise a cheanglaítear i mír 4 a chinneadh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Deireadh Fómhair 2025.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|