+Airteagal 39 Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a fhorchur
---+Airteagal 39 1
---+Airteagal 39 2
---+Airteagal 39 3
---+Airteagal 39 4
---+Airteagal 39 5
---+Airteagal 39 6
---+Airteagal 39 7
---+Airteagal 39 8
---+Airteagal 39 9
---+Airteagal 39 10

Airteagal 39 Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus fíneálacha a fhorchur

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1

1.   I gcás ina bhfaigheann ESMA amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann maidir le sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar an Rialachán seo, ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdaithe laistigh de ESMA chun an cheist a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t-oifigeach imscrúdaithe páirt go díreach ná go hindíreach, ná ní bheidh páirt glactha ag an oifigeach, go díreach ná go hindíreach, i maoirseacht na rátálacha ESG lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna nó feidhmeoidh sí a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ESMA.

Airteagal 39 2

2.   Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, cuirfidh sé nó sí san áireamh aon bharúil a chuir daoine atá faoi réir an imscrúdaithe isteach, agus cuirfidh sé nó sí comhad iomlán ina mbeidh a chuid torthaí nó a cuid torthaí faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA.

Airteagal 39 3

3.   Beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdaithe faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 32 agus imscrúduithe a sheoladh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34.

Airteagal 39 4

4.   Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh ag an oifigeach imscrúdaithe, beidh rochtain aige nó aici ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ESMA ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

Airteagal 39 5

5.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithe a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar faoin Rialachán seo.

Airteagal 39 6

6.   Tar éis don oifigeach imscrúdaithe an comhad ina bhfuil a chuid torthaí nó a cuid torthaí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA, tabharfaidh sé nó sí fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe.

Airteagal 39 7

7.   Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil torthaí an oifigigh imscrúdaithe agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 40, déanfaidh Bord Maoirseoirí ESMA measúnú cé acu a rinne nó nach ndearna duine amháin nó níos mó atá faoi réir an imscrúdaithe na sáruithe lena mbaineann agus, i gcás inarb é an chonclúid a bheidh aige go ndearnadh na sáruithe sin, déanfaidh sé beart maoirseachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 35 agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 36.

Airteagal 39 8

8.   Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdaithe rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ESMA ná ní dhéanfaidh sé nó sí idirghabháil ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ESMA.

Airteagal 39 9

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú chumhacht ESMA fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus trí rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Airteagal 39 10

10.   Déanfaidh ESMA ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta lena mbaineann i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a chúraimí faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gur ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ní fhorchuirfidh ESMA fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó fíorais arb ionann iad den chuid is mó, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.