|
+IARSCRÍBHINN IV |
IARSCRÍBHINN IV
IARSCRÍBHINN IV Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le foireann eitilte 1. OILIÚINT PÍOLÓTAÍ 1.1. Ginearálta Ní mór do dhuine a bhfuil oiliúint á cur air nó uirthi chun aerárthach a eitilt a bheith chomh haibí ó thaobh oideachais, coirp agus meabhrach de agus go mbeidh sé nó sí in ann an t-eolas ábhartha teoiriciúil agus an scil phraiticiúil a shealbhú, a choinneáil ar bun agus a thaispeáint. 1.2. Eolas teoiriciúil Ní mór do phíolóta leibhéal eolais a shealbhú agus a choinneáil ar bun a oireann do na feidhmeanna a chuirtear i gcrích ar an aerárthach agus atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál gníomhaíochta atá i gceist. Maidir leis an leibhéal eolais sin, ní mór cuid de na réimsí seo a leanas a bheith cuimsithe ann:
(a)
dlí an aeir;
(b)
eolas ginearálta faoi aerárthaí;
(c)
ábhair theicniúla a bhaineann le catagóir an aerárthaigh;
(d)
feidhmiú agus pleanáil eitilte;
(e)
feidhmiú an duine agus na teorainneacha atá leis;
(f)
meitéareolaíocht;
(g)
loingseoireacht;
(h)
nósanna imeachta oibríochta, lena n-áirítear bainistíocht acmhainní;
(i)
prionsabail na heitilte;
(j)
cumarsáid; agus
(k)
scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú. 1.3. Eolas teoiriciúil a thaispeáint agus a choinneáil ar bun
1.4. Scil phraiticiúil Ní mór do phíolóta scileanna praiticiúla a shealbhú agus a choinneáil ar bun más iomchuí chun a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chur i gcrích ar an aerárthach. Ní mór na scileanna sin a bheith comhréireach leis na rioscaí a ghabhann leis an gcineál gníomhaíochta atá i gceist agus caithfidh siad, i gcás ina n-oireann do na feidhmeanna a chuirtear i gcrích ar an aerárthach, an méid seo a leanas a chuimsiú:
(a)
gníomhaíochtaí roimh eitilt agus le linn na heitilte lena n-áirítear feidhmiú an aerárthaigh, mais agus cothromaíocht an aerárthaigh a chinneadh, cigireacht agus seirbhísiú a dhéanamh ar an aerárthach, pleanáil breosla nó pleanáil fuinnimh, breithiúnas ar an aimsir, pleanáil bealaí, srianta ar aerspás agus fáil ar rúidbhealaí;
(b)
oibríochtaí aeradróim agus oibríochtaí patrúin tráchta;
(c)
réamhchúraimí agus nósanna imeachta maidir le himbhualadh a sheachaint;
(d)
aerárthach a rialú trí amharcthagairt sheachtrach;
(e)
ainlithe eitilte, lena n-áirítear ainlithe i suímh chriticiúla, agus ainlithe “suaiteachta” gaolmhara, de réir mar is féidir iad a chur i gcrích go teicniúil;
(f)
gnáthéirí de thalamh agus éirí de thalamh trasghaoithe chomh maith le gnáth-thuirlingtí agus tuirlingtí trasghaoithe;
(g)
eitilt gan mar thagairt ach uirlisí, más iomchuí don chineál gníomhaíochta atá i gceist;
(h)
nósanna imeachta oibríochta, lena n-áirítear scileanna foirne agus bainistíocht acmhainní, más iomchuí don chineál oibríochta atá i gceist, cibé acu oibríocht aon fhoireann nó oibríocht ilfhoirne í;
(i)
loingseoireacht agus cur chun feidhme rialacha an aeir agus nósanna imeachta gaolmhara, agus feidhm á baint chucu, más iomchuí, as amharcthagairt nó as áiseanna loingseoireachta;
(j)
oibríochtaí neamhghnácha agus oibríochtaí éigeandála, lena n-áirítear mífheidhmeanna trealaimh aerárthaí ionsamhalta;
(k)
comhlíonadh nósanna imeachta seirbhísí aerthráchta agus cumarsáide;
(l)
cineál aerárthaí nó gnéithe sainaicme;
(m)
oiliúint bhreise i scileanna praiticiúla a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha a mhaolú; agus
(n)
scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú, trí mhodheolaíocht leordhóthanach measúnaithe a úsáid i dteannta an mheasúnaithe ar scileanna teicniúla. 1.5. Scil phraiticiúil a thaispeáint agus a choinneáil ar bun
1.6. Inniúlacht Teanga Ní mór do phíolóta inniúlacht teanga a bheith aige a mhéid is iomchuí do na feidhmeanna a fheidhmítear ar an aerárthach. Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san inniúlacht sin:
(a)
a bheith in ann doiciméid faisnéise aimsire a thuiscint;
(b)
a bheith in ann cairteanna aerloingseoireachta faoi bhealach, cairteanna aerloingseoireachta imeachta agus cairteanna aerloingseoireachta tuirlingthe a úsáid mar aon le doiciméid faisnéise aerloingseoireachta ghaolmhara; agus
(c)
a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh le comhaltaí eile den fhoireann eitilte agus le seirbhísí aerloingseoireachta le linn gach céim den eitilt, lena n-áirítear ullmhú chun eitilte, sa teanga a úsáidtear le haghaidh cumarsáid raidió a bhaineann leis an eitilt. 1.7. Feistí oiliúna ionsamhalta eitilte Nuair a bhaintear feidhm as feiste oiliúna ionsamhalta eitilte (FSTD) chun críche oiliúna, nó chun a léiriú gur sealbhaíodh nó gur coinníodh scil phraiticiúil ar bun, ní mór leibhéal áirithe feidhmíochta a bheith ag an FSTD sin sna réimsí sin atá ábhartha don chúram lena mbaineann a chur i gcrích. Thar aon rud eile, ní mór macasamhlú sásúil a dhéanamh ar chumraíocht an aerárthaigh, ar a airíonna láimhseála, ar fheidhmiú an aerárthaigh agus ar iompraíocht a chóras. 1.8. Cúrsa oiliúna
1.9. Teagascóirí 1.9.1. Teagasc teoiriciúil Teagascóirí cuícháilithe amháin a dhéanfaidh an teagasc teoiriciúil. Ní mór:
(a)
an t-eolas iomchuí a bheith acu ar an réimse lena mbaineann an teagasc; agus
(b)
iad a bheith in ann modhanna teagaisc iomchuí a úsáid. 1.9.2. Teagasc eitilte agus teagasc eitilte ionsamhalta Teagascóirí cuícháilithe amháin, a bhfuil na cáilíochtaí seo a leanas acu, a dhéanfaidh an teagasc eitilte agus an teagasc eitilte ionsamhalta:
(a)
comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí maidir le heolas teoiriciúil agus maidir le taithí de réir an teagaisc atá á thabhairt;
(b)
beidh siad in ann modhanna teagaisc iomchuí a úsáid;
(c)
beidh taithí acu ar theicnící teagaisc a bhaineann leis na hainlithe eitilte agus na nósanna imeachta eitilte ina mbeartófar teagasc a chur ar fáil;
(d)
léireoidh siad go bhfuil cumas teagaisc acu sna réimsí sin ina dtabharfar teagasc eitilte, lena n-áirítear teagasc réamh-eitilte, teagasc iareitilte agus teagasc ar an talamh; agus
(e)
gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin teagaisc cothrom le dáta. Ina theannta sin, ní mór do na teagascóirí eitilte a thugann oiliúint ar aerárthach a bheith i dteideal feidhmiú mar phíolóta i gceannas ar an aerárthach lena mbaineann an teagasc, ach amháin i gcás oiliúint ar chineálacha nua aerárthaí. 1.10. Scrúdaitheoirí Maidir leis na daoine a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar scil na bpíolótaí, ní mór dóibh:
(a)
na ceanglais i leith teagascóirí eitilte nó teagascóirí eitilte ionsamhalta a chomhlíonadh; agus
(b)
a bheith in ann feidhmíocht píolótaí a mheasúnú chomh maith le tástálacha agus seiceálacha a dhéanamh ar eitiltí. 2. CEANGLAIS MAIDIR LE TAITHÍ — PÍOLÓTAÍ Duine a bheidh ag feidhmiú mar chomhalta foirne eitilte, mar theagascóir, nó mar scrúdaitheoir, ní mór dó taithí leordhóthanach a shealbhú agus a choinneáil ar bun i dtaca leis na feidhmeanna a chuirfear i gcrích, ach amháin i gcás ina bhforáiltear sna gníomhartha cur chun feidhme, arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo nach mór inniúlacht a léiriú i gcomhréir le pointe 1.5. 3. DEA-SHLÁINTE — PÍOLÓTAÍ 3.1. Critéir leighis
3.2. Scrúdaitheoirí aerleighis Maidir le scrúdaitheoirí aerleighis:
(a)
ní mór dóibh a bheith cáilithe agus ceadúnaithe i gcleachtadh leighis;
(b)
ní mór oiliúint a bheith orthu sa leigheas eitlíochta chomh maith le hoiliúint athnuachana rialta sa leigheas eitlíochta a fháil chun a áirithiú go gcoinneofar ardchaighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta; agus
(c)
ní mór eolas praiticiúil agus taithí phraiticiúil a bheith acu maidir le na dálaí faoina gcuireann píolótaí a gcuid dualgas i gcrích. 3.3. Ionaid Aerleighis Ní mór d'ionaid aerleighis na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní mór gach acmhainn a bheith acu is gá le haghaidh raon na bhfreagrachtaí sin a ghabhann lena bpribhléidí. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht na gcúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;
(b)
más iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach; agus
(c)
bunóidh siad socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais seo ar bhonn leanúnach. 4. AN FHOIREANN CÁBÁIN 4.1. Ginearálta Maidir leis an bhfoireann cábáin:
(a)
ní mór iad a bheith oilte agus seiceáil a bheith á déanamh orthu ar bhonn rialta sa chaoi go n-éireoidh leo leibhéal oiriúnach inniúlachta a bhaint amach agus a choinneáil ar bun d'fhonn a gcuid dualgas sábháilteachta a dhéanamh; agus
(b)
ní mór measúnú sláinte a dhéanamh orthu go tréimhsiúil chun a chinntiú go bhfuil siad i gcumas a gcuid dualgas sábháilteachta a dhéanamh go sábháilte. Ní mór a thaispeáint go bhfuil gach ceanglas á chomhlíonadh trí mheasúnú iomchuí a dhéanamh atá bunaithe ar an gcleachtas is fearr ó thaobh aerleighis. 4.2. Cúrsa oiliúna
4.3. Teagascóirí na bhFoirne Cábáin Teagascóirí cuícháilithe amháin a dhéanfaidh an teagasc. Ní mór do na teagascóirí sin:
(a)
eolas iomchuí a bheith acu ar an réimse lena mbaineann an teagasc;
(b)
a bheith in ann modhanna teagaisc iomchuí a úsáid; agus
(c)
oiliúint athnuachana rialta a fháil chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin teagaisc cothrom le dáta. 4.4. Scrúdaitheoirí na bhFoirne Cábáin Ní mór do na daoine sin atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an bhfoireann cábáin:
(a)
na ceanglais maidir le teagascóirí na bhfoirne cábáin a chomhlíonadh; agus
(b)
a bheith in ann feidhmiú na bhfoirne cábáin a mheasúnú agus scrúduithe a chur ar siúl. 5. EAGRAÍOCHTAÍ OILIÚNA Ní mór d'eagraíocht oiliúna a sholáthróidh oiliúint do phíolótaí nó d'fhoireann cábáin na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní mór gach acmhainn is gá a bheith acu maidir le raon na bhfreagrachtaí sin a bhaineann lena ngníomhaíocht. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;
(b)
de réir mar is iomchuí don oiliúint a chuirfear ar fáil agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór don eagraíocht córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le meath ar chaighdeán na hoiliúna, agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach; agus
(c)
socruithe a bhunú le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais sin ar bhonn leanúnach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|