|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “astaíochtaí tagartha CO2” meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 le linn thréimhse thagartha na bhfeithiclí nua tromshaothair uile i ngach foghrúpa feithiclí, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;
(2)
ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” astaíochtaí CO2 feithicle tromshaothair ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1 d’Iarscríbhinn I;
(3)
ciallaíonn “tréimhse tuairiscithe na bliana Y” an tréimhse ón 1 Iúil na bliana Y go dtí an 30 Meitheamh na bliana Y+1;
(3a)
ciallaíonn “tréimhse thuairiscithe” an tréimhse ón 1 Iúil de bhliain ar leith go dtí an 30 Meitheamh den bhliain dár gcionn;
(3b)
ciallaíonn “tréimhse thagartha” an tréimhse thuairiscithe de bhliain ar leith ina sonraítear faoin Rialachán seo na hoibleagáidí rialála maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 atá ar fhoghrúpa feithicle áirithe;
(4)
ciallaíonn “meánastaíochtaí sonracha CO2” meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair feithiclí nua tromshaothair monaróra i dtréimhse tuairiscithe ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn I;
(5)
ciallaíonn “sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2” sprioc i leith astaíochtaí CO2 monaróra aonair, arna cinneadh go bliantúil don tréimhse thuairiscithe roimhe sin i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I;
(6)
ciallaíonn “leoraí docht” leoraí nach bhfuil deartha nó déanta chun leathleantóir a tharraingt;
(7)
ciallaíonn “tarracóir” aonad tarracóra atá deartha agus déanta go heisiach nó go príomha chun leathleantóirí a tharraingt;
(8)
ciallaíonn “foghrúpa feithiclí” grúpa feithiclí mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil tacar comhchoiteann sainiúil critéar teicniúil mar shaintréith acu atá ábhartha chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin a chinneadh;
(9)
ciallaíonn “feithicil seirbhíse” feithicil tromshaothair atá beartaithe lena húsáid le haghaidh dualgais shonracha, a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn I de réir na faisnéise atá ina deimhniú comhréireachta, arna tuairisciú ag na Ballstáit;
(10)
ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht dár sannadh na feithiclí atá cláraithe i dtréimhse áirithe i gcomhréir le hAirteagal 7a;
(10a)
ciallaíonn “tuairisceoir” eintiteas atá freagrach as sonraí a thuairisciú don Choimisiún;
(11)
ciallaíonn “feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha” aon cheann de na feithiclí seo a leanas:
(a)
mótarfheithicil tromshaothair gan inneall dócháin inmheánaigh, nó ag a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh nach n-astaíonn níos mó ná 3gCO2/(t.km) nó 1gCO2/(p.km) arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400;
(b)
mótarfheithicil tromshaothair gan inneall dócháin inmheánaigh nó ag a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh nach n-astaíonn níos mó ná 1 g/kWh de CO2 arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme, nó nach n-astaíonn níos mó ná 1 g/km de CO2 arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), agus a bhearta cur chun feidhme ar an gcoinníoll nár cinneadh aon astaíochtaí CO2 de bhun Rialachán (AE) 2017/2400;
(c)
leantóir atá feistithe le gaireas a thacaíonn go gníomhach lena thiomáint agus nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aige nó ag a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme nó i gcomhréir le Rialachán (CE) UNECE Uimh. 49.
(12)
ciallaíonn “feithicil tromshaothair astaíochtaí ísle” feithicil tromshaothair, seachas feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha, ar lú na hastaíochtaí sonracha CO2 atá aici ná leath d’astaíochtaí tagartha CO2 na bhfeithiclí ar fad san fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.4 d’Iarscríbhinn I;
(13)
ciallaíonn “próifíl mhisin” meascán de sprioc maidir le timthriall luais, luach pálasta, cumraíocht chabhlach nó leantóra agus paraiméadair eile, más infheidhme, lena léirítear an úsáid shonrach a bhaintear as feithicil, ar ar a bhonn a chinntear astaíochtaí oifigiúla CO2 agus ídiú oifigiúil breosla feithicle tromshaothair;
(14)
ciallaíonn “sprioc maidir le timthriall luais” an tuairisc ar threoluas na feithicle is mian leis an tiománaí a bhaint amach nó ag a bhfuil sé teoranta i ngeall ar dhálaí tráchta, mar fheidhm den fhad arna thaisteal le linn turais;
(15)
ciallaíonn “pálasta” meáchan na n-earraí nó na ndaoine a iompraíonn feithicil faoi dhálaí difriúla;
(16)
ciallaíonn “príomhfheithicil” príomhfheithicil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2017/2400;
(17)
ciallaíonn “príomhfheithicil feithicle tromshaothair” príomhfheithicil, a leithdháiltear cabhail chineálach i leith a hionsamhlúcháin a chomhfhreagraíonn do chabhail iarbhír na feithicle tromshaothair maidir lena cumraíochtaí urláir (íseal/ard), deice (aonair/dúbailte) agus aon pharaiméadar eile de réir mar is infheidhme;
(18)
ciallaíonn “feithicil lánchríochnaithe” feithicil lánchríochnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (26), de Rialachán (AE) 2018/858;
(19)
ciallaíonn “feithicil iomlán” feithicil iomlán mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) 2018/858;
(20)
ciallaíonn “feithicil easbhóthair” feithicil easbhóthair mar a shainmhínítear i gCuid A, pointe 2.1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858;
(21)
ciallaíonn “feithicil shainchuspóireach” feithicil shainchuspóireach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (31), de Rialachán (AE) 2018/858;
(22)
ciallaíonn “feithicil shainchuspóireach easbhóthair” feithicil shainchuspóireach easbhóthair mar a shainmhínítear i gCuid A, pointe 2.3.1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858;
(23)
ciallaíonn “deimhniú comhréireachta” deimhniú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2018/858;
(24)
ciallaíonn “conradh poiblí”, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí agus mura sonraítear a mhalairt, “conradh poiblí” mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), “conarthaí soláthair, oibreacha agus seirbhíse” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), agus “lamháltais” mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1) de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
(25)
ciallaíonn “leoraí cónaisc thar a bheith trom” nó “leoraí EHC” feithicil tromshaothair de chatagóir N3 atá oiriúnach lena húsáid i gcónasc feithiclí agus a chomhlíonann na critéir deartha agus déantúis uile seo a leanas:
(a)
ag a bhfuil trí acastóir nó níos mó;
(b)
ag a bhfuil cumhacht rátaithe innill 400 kW ar a laghad;
(c)
atá deartha le huasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil (TPMLM) den chónasc ar mó é ná 60 tona; Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “grúpa monaróirí bainteacha” monaróir agus a ghnóthais bhainteacha. Ciallaíonn “gnóthais bhainteacha” an méid seo a leanas i ndáil le monaróir:
(a)
gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, go díreach nó go neamhdhíreach:
(i)
an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú;
(ii)
an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh; nó
(iii)
an ceart chun gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;
(b)
gnóthais a shealbhaíonn go díreach nó go neamhdhíreach, an ceart nó cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) i leith an mhonaróra;
(c)
gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go neamhdhíreach, an ceart nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a);
(d)
gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, i dteannta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c), nó ina sealbhaíonn dhá ghnóthas nó níos mó de na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c), go comhpháirteach an ceart nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a);
(e)
gnóthais ina bhfuil an ceart nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) ar seilbh go comhpháirteach ag an monaróir nó ag ceann amháin nó níos mó dá ghnóthais bhainteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus ag tríú páirtí amháin nó níos mó ná sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|