+IARSCRÍBHINN V

IARSCRÍBHINN V




IARSCRÍBHINN V

DEIMHNIÚ GUR EISÍODH IARRAIDH AR FHIANAISE A THABHAIRT AR AIRD TAR ÉIS ORDÚ CAOMHNAITHE EORPACH

Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ), ní mór don seolaí, tar éis dó an Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) a fháil, na sonraí atá á n-iarraidh a chaomhnú gan moill mhíchuí. Ní mór éirí as an gcaomhnú tar éis 60 lá mura rud é go gcuireann an t-údarás eisiúna síneadh 30 lá breise leis nó go ndeimhníonn an t-údarás eisiúna go bhfuil an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird eisithe trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.

Tar éis an deimhnithe sin, ní mór don seolaí na sonraí a chaomhnú chomh fada agus is gá chun na sonraí a tabhairt ar aird a luaithe a gheofar an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird.

CUID A: Údarás eisiúna an EPOC-PR

An Stát eisiúna:…

An t-údarás eisiúna:…

Murab ionann é agus an pointe teagmhála a luaitear san EPOC-PR, an t-údarás/an pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC-PR:

Ainm agus sonraí teagmhála:…

CUID B: Seolaí an EPOC-PR

Seolaí:…

Seoladh:…

Fón/facs/ríomhphost (más eol):…

Teagmhálaí (más eol):…

Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol):…

An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí):…

Aon fhaisnéis ábhartha eile:…

CUID C: Faisnéis faoin EPOC-PR

Caomhnaítear na sonraí i gcomhréir leis an EPOC-PR a eisíodh an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid… (luaigh an uimhir chomhaid).

image 

Chuir an t-údarás eisiúna … síneadh 30 lá leis, uimhir chomhaid … an … (cuir tic sa bhosca agus sonraigh, más infheidhme).

CUID D: Deimhniú

Deimhnítear leis seo gur eisíodh an iarraidh seo a leanas ar fhianaise a thabhairt ar aird (cuir tic sa bhosca cuí agus comhlánaigh, más gá):

image 

Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird arna eisiúint ag… (luaigh an t-údarás) an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid… (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig… (luaigh an soláthraí seirbhíse/an bhunaíocht ainmnithe/an t-ionadaí dlíthiúil/an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige nó chuici agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug an seolaí).

image 

Ordú Imscrúdaithe Eorpach arna eisiúint ag… (luaigh an t-údarás) an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid … (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig… (luaigh an Stát agus an t-údarás inniúil ar tarchuireadh chuige é agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug na húdaráis iarrtha).

image 

Iarraidh ar Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach arna heisiúint ag… (luaigh an t-údarás) an… (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh) agus a tarchuireadh an… (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh) ag a bhfuil an uimhir chomhaid… (luaigh an uimhir chomhaid) agus a tarchuireadh chuig… (luaigh an Stát agus an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug na húdaráis iarrtha).

Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí:

Ainm:…

Dáta:…

Síniú ( 25 ):…

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.