+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
---+Airteagal 3 (4)
---+Airteagal 3 (5)
---+Airteagal 3 (6)
---+Airteagal 3 (7)
---+Airteagal 3 (8)
---+Airteagal 3 (9)
---+Airteagal 3 (10)
---+Airteagal 3 (11)
---+Airteagal 3 (12)
---+Airteagal 3 (13)
---+Airteagal 3 (14)
---+Airteagal 3 (15)
---+Airteagal 3 (16)
---+Airteagal 3 (17)
---+Airteagal 3 (18)
---+Airteagal 3 (19)
---+Airteagal 3 (20)
---+Airteagal 3 (21)
---+Airteagal 3 (22)
---+Airteagal 3 (23)
---+Airteagal 3 (24)
---+Airteagal 3 (25)
---+Airteagal 3 (26)
---+Airteagal 3 (27)
---+Airteagal 3 (28)
---+Airteagal 3 (29)
---+Airteagal 3 (30)
---+Airteagal 3 (31)
---+Airteagal 3 (32)
---+Airteagal 3 (33)
---+Airteagal 3 (34)
---+Airteagal 3 (35)
---+Airteagal 3 (36)
---+Airteagal 3 (37)
---+Airteagal 3 (38)
---+Airteagal 3 (39)
---+Airteagal 3 (40)
---+Airteagal 3 (41)
---+Airteagal 3 (42)
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 (1)
|
ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa’ nó ‘astaíochtaí GCT’ dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4) agus ocsaíd nítriúil (N2O) a scaoiltear isteach san atmaisféar;
|
|
Airteagal 3 (2)
|
ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001;
|
|
Airteagal 3 (3)
|
ciallaíonn ‘bithghás’ bithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (28), de Threoir (AE) 2018/2001;
|
|
Airteagal 3 (4)
|
ciallaíonn ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001;
|
|
Airteagal 3 (5)
|
ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ (RFNBO) breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001;
|
|
Airteagal 3 (6)
|
ciallaíonn ‘barra bia agus beatha’ barra bia agus beatha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), de Threoir (AE) 2018/2001;
|
|
Airteagal 3 (7)
|
ciallaíonn ‘teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha’ teicneolaíocht, nach scaoileann na gáis ceaptha teasa agus na truailleáin aeir seo a leanas isteach san atmaisféar nuair a úsáidtear í chun fuinneamh a sholáthar: dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4), ocsaíd nítriúil (N2O), ocsaídí sulfair (SOx), ocsaídí nítrigine (NOx) agus ábhar cáithníneach (PM);
|
|
Airteagal 3 (8)
|
ciallaíonn ‘foinsí ionadacha fuinnimh’ fuinneamh in-athnuaite a ghintear ar bord nó leictreachas a sholáthraítear ó OPS;
|
|
Airteagal 3 (9)
|
ciallaíonn ‘tiomáint ghaothchuidithe’ tiomáint loinge, bíodh sí páirteach nó iomlán, le fuinneamh gaoithe a bhaintear trí chórais tiomána cúnaimh ghaoithe, mar shampla, inter alia, seolta rótair, eiteoga, seolta crua nó dochta, seolta boga, sciatháin shúcháin nó tuirbíní;
|
|
Airteagal 3 (10)
|
ciallaíonn ‘calafort cuarda’ calafort ina stopann longa chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a thabhairt ar bord nó a chur i dtír seachas stadanna chun críocha athbhreoslú a dhéanamh, soláthairtí a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul isteach i nduga tirim nó deisiú a dhéanamh ar an long, ar a trealamh nó orthu araon, agus chun na gcríoch sin amháin; stadanna i gcalafort toisc cabhair a bheith ag teastáil ón long nó toisc í a bheith i nguais; aistrithe ó long go long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt; stadanna chun críche foscadh a ghlacadh ó dhrochaimsir nó a bhfuil gá leo de bharr gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin; agus stadanna long coimeádán i gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(2);
|
|
Airteagal 3 (11)
|
ciallaíonn ‘muiraistear’ muiraistear mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) 2015/757;
|
|
Airteagal 3 (12)
|
ciallaíonn ‘réigiún is forimeallaí’ críoch dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;
|
|
Airteagal 3 (13)
|
ciallaíonn ‘cuideachta’ úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht chuige ón úinéir an long a oibriú, agus a ghlac chuige na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta
|
|
Airteagal 3 (14)
|
ciallaíonn ‘olltonnáiste’ (GT) olltonnáiste mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (e), de Rialachán (AE) 2015/757;
|
|
Airteagal 3 (15)
|
ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá i mbeart mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n), de Rialachán (AE) 2015/757;
|
|
Airteagal 3 (16)
|
ciallaíonn ‘long ar ancaire’ long atá i mbeart nach bhfuil ar múráil le taobh cé;
|
|
Airteagal 3 (17)
|
ciallaíonn ‘fuinneamh arna úsáid ar bord’ an méid fuinnimh arna shloinneadh ina mheigigiúil (MJ) a úsáideann long chun tiomáint nó chun aon trealamh ar bord a oibriú, ar muir nó i mbeart;
|
|
Airteagal 3 (18)
|
ciallaíonn ‘tobar-go-marbhshruth’ modh chun astaíochtaí a ríomh lena gcuirtear san áireamh an tionchar GCT a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh, a iompar, a dháileadh agus a úsáid ar bord, lena n-áirítear le linn dócháin;
|
|
Airteagal 3 (19)
|
ciallaíonn ‘déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord’ an méid astaíochtaí GCT, arna shloinneadh ina ghraim de choibhéis CO2 a bhunaítear ar bhonn tobar-go-marbhshruth, in aghaidh MJ d’fhuinneamh arna úsáid ar bord;
|
|
Airteagal 3 (20)
|
ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ an meánráta astaíochta GCT i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse, lena nglactar le hocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na n-imoibrithe ceimiceacha eile uile;
|
|
Airteagal 3 (21)
|
ciallaíonn ‘aicme oighir’ an nodaireacht a shannann údaráis inniúla náisiúnta an stáit brataí nó eagraíocht arna haithint ag an stát sin don long, lena léirítear gur dearadh an long sin le haghaidh loingseoireachta faoi dhálaí muiroighir;
|
|
Airteagal 3 (22)
|
ciallaíonn ‘imeall oighir’ críochú ag tráth ar bith idir an fharraige oscailte agus oighear farraige de chineál ar bith, bíodh sé seasta nó le sruth, mar a leagtar amach i mír 4.4.8 d’Ainmníocht Mhuiroighir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta, mí an Mhárta 2014;
|
|
Airteagal 3 (23)
|
ciallaíonn ‘ag seoladh faoi dhálaí oighir’ long atá aicmithe mar long oighir a sheoladh i limistéar farraige laistigh den imeall oighir;
|
|
Airteagal 3 (24)
|
ciallaíonn ‘soláthar cumhachta ar tír’ (OPS) an córas chun leictreachas a sholáthar do longa i mbeart, ar leictreachas ardvoltais nó ísealvóltais é le sruth ailtéarnach nó díreach, lena n-áirítear suiteálacha ar thaobh na loinge agus ar thaobh na cé nuair atáthar ag cothú phríomh-lasc-chlár dáileacháin na loinge go díreach chun an tréimhse ar bord nó ualaí oibre seirbhíse a chumhachtú nó chun ceallraí in-athluchtaithe a luchtú;
|
|
Airteagal 3 (25)
|
ciallaíonn ‘éileamh ar chumhacht leictreach i mbeart’ an t-éileamh ar leictreachas ó long atá i mbeart chun freastal ar na riachtanais fuinnimh uile bunaithe ar leictreachas ar bord;
|
|
Airteagal 3 (26)
|
ciallaíonn ‘éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach’ an luach is airde, arna shloinneadh i gcileavatanna, den éileamh iomlán ar leictreachas ó long atá i mbeart, lena n-áirítear ualaí oibre óstáin agus láimhseála lastais;
|
|
Airteagal 3 (27)
|
ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ eintiteas dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus de bhun an Rialacháin seo;
|
|
Airteagal 3 (28)
|
ciallaíonn ‘doiciméad comhlíontachta FuelEU’ doiciméad is sonrach do long, a eisíonn fíoraitheoir do chuideachta, ar doiciméad é lena ndearbhaítear gur chomhlíon an long sin an Rialachán seo le haghaidh tréimhse shonrach tuairiscithe;
|
|
Airteagal 3 (29)
|
ciallaíonn ‘long paisinéirí’ long paisinéirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (i), de Threoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);
|
|
Airteagal 3 (30)
|
ciallaíonn ‘long chúrsála paisinéirí’ long paisinéirí nach bhfuil deic lastais uirthi, agus atá deartha go heisiach chun paisinéirí a iompar ar bhonn tráchtála i gcóiríocht thar oíche le linn muiraistir;
|
|
Airteagal 3 (31)
|
ciallaíonn ‘long coimeádán’ long a dheartar chun coimeádáin a iompar sa bholg nó ar deic, agus chuige sin amháin;
|
|
Airteagal 3 (32)
|
ciallaíonn ‘cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort’ cuairt ar chalafort nach gcomhlíonann an long an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(1) lena linn, agus nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(5) ina leith;
|
|
Airteagal 3 (33)
|
ciallaíonn ‘an chonair is lú fabhar’ an chonair táirgeachta is déine ó thaobh carbóin de a úsáidtear le haghaidh aon bhreosla ar leith;
|
|
Airteagal 3 (34)
|
ciallaíonn ‘coibhéis CO2’ an tomhas méadrach a úsáidtear chun astaíochtaí ó CO2, CH4 agus N2O a ríomh ar bhonn a n-acmhainneachta téite domhanda, trí mhéideanna CH4 agus N2O a choinbhéartú go dtí an méid coibhéise CO2 ag a bhfuil an acmhainneacht téite domhanda chéanna;
|
|
Airteagal 3 (35)
|
ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta’ an tomhas ar ró-chomhlíontacht nó ar thearc-chomhlíontacht loinge maidir leis na teorainneacha le meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord nó fosprioc RFNBO, tomhas a ríomhtar i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IV;
|
|
Airteagal 3 (36)
|
ciallaíonn ‘barrachas comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach dearfach leis;
|
|
Airteagal 3 (37)
|
ciallaíonn ‘easnamh comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach diúltach leis;
|
|
Airteagal 3 (38)
|
ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe’ suim iarmhéideanna comhlíontachta na long uile a áirítear sa chomhthiomsú;
|
|
Airteagal 3 (39)
|
ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta an chalafoirt’ comhlacht bainistíochta an chalafoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/352;
|
|
Airteagal 3 (40)
|
ciallaíonn ‘Stát riaracháin’ Ballstát arna chinneadh trí Airteagal 3gf(1) de Threoir 2003/87/CE a chur i bhfeidhm i ndáil le cuideachta de réir bhrí an Rialacháin seo, gan dochar do rogha na n-údarás inniúil atá i gceannas laistigh den Bhallstát ábhartha;
|
|
Airteagal 3 (41)
|
ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain ina ndéantar faireachán agus taifeadadh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa Rialachán seo, i gcás ina gcuirtear san áireamh sonraí maidir le muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in 2 bhliain féilire éagsúla faoin mbliain féilire lena mbaineann;
|
|
Airteagal 3 (42)
|
ciallaíonn ‘tréimhse fíorúcháin’ an bhliain féilire díreach tar éis na tréimhse tuairiscithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|