4. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord. Féadfaidh an Cathaoirleach stádas breathnóra ar an mBord a dheonú do shaineolaithe arna n-ainmniú ag eintitis, réigiúin, eagraíochtaí agus tíortha is iarrthóirí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil inniúlacht shonrach acu in ábhar atá ar an gclár oibre a bheith rannpháirteach ar bhonn ad hoc. Cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht ar fáil don Bhord.
Déanfaidh comhaltaí an Bhoird gach iarracht cinntí a ghlacadh de chomhthoil. I gcás vótála, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann an Bord. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta i gcoinne togra nó a staon ó vótáil go gcuirfí doiciméad i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh.