+Airteagal 12
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
|
Airteagal 12
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Le linn na bhfíoruithe ar an bhformáid sonraí agus ar an aistriú dá dtagraítear in Airteagal 11, tarchuirfidh an ródaire na sonraí API criptithe agus aon sonraí eile PNR, arna n-aistriú ag aeriompróirí chuige de bhun Airteagal 5(1) agus (2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 7(3) agus (4), chuig PIUnna an Bhallstáit a dtuirlingeoidh an eitilt ar a chríoch nó a n-imeoidh an eitilt óna chríoch, nó an dá rud i gcás eitiltí laistigh den Aontas. Tarchuirfidh sé na sonraí sin láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, gan inneachar na sonraí a athrú ar aon bhealach. I gcás ina bhfuil stad amháin nó níos mó le déanamh ag eitilt i gcríoch Ballstát eile seachas an Ballstát ónar imigh sí, tarchuirfidh an ródaire na sonraí API agus aon sonraí eile PNR chuig PIUnna na mBallstát uile lena mbaineann. Chun críocha an tarchuir sin, déanfaidh eu-LISA tábla comhfhreagrais idir na haerfoirt tionscnaimh agus cinn scríbe éagsúla agus na tíortha lena mbaineann siad a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta. I gcás eitiltí laistigh den Aontas, áfach, ní tharchuirfidh an ródaire chuig na PIUnna ábhartha ach sonraí API agus sonraí eile PNR de na heitiltí atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 4.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Tarchuirfidh an ródaire na sonraí API agus sonraí eile PNR i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i mír 6, a luaithe a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndeimhneoidh a gcuid PIUnna, ar na sonraí API agus sonraí eile PNR a fháil i gcomhréir le mír 1, don ródaire, láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, go bhfuarthas sonraí den sórt sin.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Na Ballstáit a chinneann Treoir (AE) 2016/681 a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2 den Treoir sin, bunóidh gach ceann acu liosta de na heitiltí nó bealaí laistigh den Aontas a roghnaíodh. Féadfaidh na Ballstáit cód an aerfoirt imeachta agus an aerfoirt teacht isteach a úsáid chun na heitiltí nó bealaí roghnaithe a léiriú. Déanfaidh na Ballstáit sin, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Treoir sin agus le hAirteagal 13 den Rialachán seo, athbhreithniú tráthrialta ar na liostaí sin agus, i gcás inar gá, iad a nuashonrú. Féadfaidh Ballstát gach eitilt nó bealach laistigh den Aontas a roghnú nuair atá údar cuí leis, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681 agus Airteagal 13 den Rialachán seo. Cuirfidh na Ballstáit, faoi dháta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara mír, na heitiltí nó bealaí roghnaithe isteach sa ródaire, trí mhodhanna uathoibrithe tríd an gcainéal cumarsáide slán dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b), agus ina dhiaidh sin soláthróidh siad aon nuashonruithe orthu don ródaire.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit isteach sa ródaire, déileálfar léi mar fhaisnéis rúnda agus ní bheidh rochtain ag foireann eu-LISA ar an bhfaisnéis sin ach amháin don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun fadhbanna teicniúla a réiteach. Áiritheoidh eu-LISA, ar an bhfaisnéis sin a fháil don ródaire nó ar aon nuashonrú uirthi ó Bhallstát a fháil don ródaire, go dtarchuirfidh an ródaire na sonraí API agus sonraí eile PNR láithreach chuig PIU an Bhallstáit sin i ndáil leis na heitiltí nó bealaí roghnaithe, i gcomhréir le mír 1.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha mionsonraithe teicniúla agus nós imeachta is gá maidir le tarchur na sonraí API agus sonraí eile PNR ón ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir le faisnéis a chur isteach sa ródaire dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir le ceanglais i ndáil le slándáil sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|