+Airteagal 13
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.

Airteagal 13

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Na Ballstáit a chinneann, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681, an Treoir sin agus, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas, roghnóidh siad eitiltí den sórt sin laistigh den Aontas i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 13 2.
Ní fhéadfaidh na Ballstáit Treoir (AE) 2016/681 agus, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le gach eitilt laistigh den Aontas a thagann isteach ina gcríoch nó a imíonn óna gcríoch ach amháin i gcásanna ina bhfuil fíorbhagairt sceimhlitheoireachta láithreach nó intuartha ann, ar bhonn cinneadh atá bunaithe ar mheasúnú ar bhagairtí, atá teoranta ó thaobh ama de don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus a fhéadfaidh cúirt nó comhlacht riaracháin neamhspleách a bhfuil a cinneadh nó a chinneadh ceangailteach athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh air.
Airteagal 13 3.
In éagmais fíorbhagairt sceimhlitheoireachta láithreach nó intuartha, déanfaidh na Ballstáit a chuireann Treoir (AE) 2016/681 agus, dá réir sin, an Rialachán seo i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas eitiltí den sórt sin laistigh den Aontas a roghnú de réir toradh measúnaithe arna dhéanamh ar bhonn na gceanglas a leagtar amach i míreanna 4 go 7 den Airteagal seo.
Airteagal 13 4.

Maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 3:

(a) 

déanfar é ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh réasúnú cuí ag gabháil leis i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681;

(b) 

ní chuirfear san áireamh leis ach critéir atá ábhartha maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí ag a bhfuil nasc oibiachtúil, lena n-áirítear nasc indíreach, le hiompar paisinéirí d’aer, agus nach bhfuil bunaithe go hiomlán ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt i gcás aon phaisinéirí nó grúpaí paisinéirí;

(c) 

ní úsáidfear leis ach faisnéis ar féidir léi tacú le measúnú oibiachtúil, cuí-réasúnaithe agus neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 13 5.
Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, ní roghnóidh na Ballstáit ach eitiltí laistigh den Aontas a bhaineann, inter alia, le bealaí sonracha, patrúin taistil shonracha nó aerfoirt shonracha a bhfuil tásca ann ina leith gur ann do chionta sceimhlitheoireachta agus don choireacht thromchúiseach agus lena dtugtar údar le sonraí API agus sonraí eile PNR a phróiseáil. Beidh roghnú na n-eitiltí laistigh den Aontas teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóirí Threoir (AE) 2016/681 agus an Rialacháin seo a ghnóthú.
Airteagal 13 6.
Coinneoidh na Ballstáit an doiciméadacht uile den mheasúnú dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon athbhreithniú uirthi, agus cuirfidh siad ar fáil í, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680, dá n-údaráis mhaoirseachta neamhspleácha agus dá n-údaráis mhaoirseachta náisiúnta arna iarraidh sin dóibh.
Airteagal 13 7.
Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681, athbhreithniú tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad ar a measúnú dá dtagraítear i mír 3, chun athruithe sna himthosca lenar tugadh údar le roghnú na n-eitiltí laistigh den Aontas a chur san áireamh agus chun a áirithiú go leanfaidh roghnú na n-eitiltí laistigh den Aontas de bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis.
Airteagal 13 8.
Éascóidh an Coimisiún malartú tráthrialta tuairimí maidir leis na critéir roghnúcháin don mheasúnú dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt, agus, ar bhonn deonach, malartú faisnéise faoi eitiltí roghnaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.