+Airteagal 4 Seirbhísí rochtana sonraí leictreonacha sláinte do dhaoine nádúrtha agus dá n-ionadaithe
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5
|
Airteagal 4 Seirbhísí rochtana sonraí leictreonacha sláinte do dhaoine nádúrtha agus dá n-ionadaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar seirbhís rochtana sonraí leictreonacha sláinte amháin nó níos mó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, lena gcuirfear ar chumas daoine nádúrtha rochtain a fháil ar a sonraí leictreonacha pearsanta sláinte agus cearta dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 5 go 10 a fheidhmiú. Beidh seirbhísí rochtana den sórt sin saor in aisce do na daoine nádúrtha agus dá n-ionadaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar seachsheirbhís amháin nó níos mó mar fheidhmiúlacht de sheirbhísí rochtana sonraí leictreonacha sláinte lena ndéanfar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a chur ar chumas daoine nádúrtha údarú a thabhairt do dhaoine nádúrtha eile dá rogha féin rochtain a fháil ar a sonraí leictreonacha pearsanta sláinte, nó ar chuid díobh, thar a gceann ar feadh tréimhse theoranta nó neamhtheoranta agus, más gá, chun críche sonraí amháin, agus chun na húdaruithe sin a bhainistiú; agus
|
|
(b)
|
a chur ar chumas ionadaithe dlíthiúla daoine nádúrtha rochtain a bheith acu ar shonraí leictreonacha pearsanta sláinte na ndaoine nádúrtha sin a riarann siad a ngnóthaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
Bunóidh na Ballstáit rialacha maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír agus gníomhaíochtaí caomhnóirí agus ionadaithe dlíthiúla eile.
|
|
Airteagal 4 3
|
3. Leis na seachsheirbhísí dá dtagraítear i mír 2, soláthrófar údaruithe ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, saor in aisce, agus go leictreonach nó ar pháipéar. Cuirfear daoine nádúrtha agus a n-ionadaithe ar an eolas faoina gcearta údaraithe, lena n-áirítear conas na cearta sin a fheidhmiú, agus faoin bpróiseas údaraithe.
Cuirfear sásra gearán éasca ar fáil do dhaoine nádúrtha leis na seachsheirbhísí.
|
|
Airteagal 4 4
|
4. Beidh na seachsheirbhísí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo idir-inoibritheach i measc na mBallstát. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos d’idir-inoibritheacht sheachsheirbhísí na mBallstát. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
|
|
Airteagal 4 5
|
5. Beidh na seirbhísí rochtana sonraí leictreonacha sláinte agus na seachsheirbhísí inrochtana go héasca do dhaoine faoi mhíchumas, do ghrúpaí leochaileacha agus do dhaoine a bhfuil litearthacht dhigiteach íseal acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|