+Airteagal 23 MoShláinte@AE (MyHealth@EU)
---+Airteagal 23 1
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3
---+Airteagal 23 4
---+Airteagal 23 5
---+Airteagal 23 6
---+Airteagal 23 7
---+Airteagal 23 8
---+Airteagal 23 9

Airteagal 23 MoShláinte@AE (MyHealth@EU)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1

1.   Bunóidh an Coimisiún ardán idir-inoibritheachta lárnach don tsláinte dhigiteach, MoShláinte@AE (MyHealth@EU), chun seirbhísí a chur ar fáil chun tacú le sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a mhalartú idir pointí teagmhála náisiúnta na mBallstát do shláinte dhigiteach, agus chun an malartú sin a éascú.

Airteagal 23 2

2.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta amháin do shláinte dhigiteach, mar thairseach eagraíochtúil agus theicniúil chun seirbhísí a sholáthar atá nasctha le malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte i gcomhthéacs na húsáide príomhúla. Nascfar gach pointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach le gach pointe teagmhála náisiúnta eile do shláinte dhigiteach i mBallstáit eile agus leis an ardán idir-inoibritheachta lárnach MoShláinte@AE (MyHealth@EU). I gcás inarb ionann pointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach agus eintiteas comhdhéanta d’eagraíochtaí iomadúla atá freagrach as seirbhísí éagsúla a chur chun feidhme, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann tuairisc ar dháileadh na gcúraimí idir na heagraíochtaí in iúl don Choimisiún. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chéannacht a phointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach faoin 26 Márta 2027. Féadfar an pointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach a ainmniú laistigh den údarás sláinte digití dá dtagraítear in Airteagal 19. Aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chéannacht na bpointí teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach sin, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 23 3

3.   Na pointí teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach, cumasóidh siad malartú na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte dá dtagraítear in Airteagal 14(1) leis na pointí teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach i mBallstáit eile trí MoShláinte@AE (MyHealth@EU). Beidh an malartú sin bunaithe ar fhormáid malartaithe Eorpach na ríomhthaifead sláinte.

I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le catagóirí breise de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte faoi Airteagal 14(1), an tríú fomhír, cumasófar, le leis an bpointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach, malartú na gcatagóirí breise de shonraí leictreonacha sláinte dá dtagraítear in Airteagal 14(1), an tríú fomhír a mhéid a rinne an Ballstát lena mbaineann foráil go ndéanfar na catagóirí breise sin de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte a rochtain agus a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír.

Airteagal 23 4

4.   Faoin 26 Márta 2027, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh le haghaidh forbairt theicniúil MoShláinte@AE (MyHealth@EU), rialacha mionsonraithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí leictreonacha pearsanta sláinte agus maidir leis na coinníollacha a bhaineann le seiceálacha comhlíontachta is gá chun teacht isteach in MoShláinte@AE (MyHealth@EU) agus chun leanúint de bheith nasctha leis. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

Airteagal 23 5

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an nasc le gach soláthraí cúraim sláinte lena bpointí teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil soláthraithe cúraim sláinte nasctha in ann malartuithe déthreo sonraí leictreonacha sláinte a dhéanamh leis an bpointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach.

Airteagal 23 6

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cógaslanna atá ag oibriú ar a gcríocha féin, lena n-áirítear cógaslanna ar líne, in ann ríomhoidis arna n-eisiúint i mBallstáit eile a dháileadh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11 de Threoir 2011/24/AE.

Beidh rochtain ag na cógaslanna ar ríomhoidis a tharchuirtear chucu ó Bhallstáit eile trí MoShláinte@AE (MyHealth@EU), agus glacfaidh siad leo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11 de Threoir 2011/24/AE.

Tar éis dháileadh na dtáirgí íocshláinte bunaithe ar ríomhoideas ó Bhallstát eile, déanfaidh an chógaslann lena mbaineann, trí MoShláinte@AE (MyHealth@EU), dáileadh den sórt sin a thuairisciú don phointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach an Bhallstáit inar eisíodh an t-oideas.

Airteagal 23 7

7.   Feidhmeoidh na pointí teagmhála náisiúnta um shláinte dhigiteach mar rialaitheoirí comhpháirteacha ar na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a chuirtear in iúl trí ‘MoShláinte@AE (MyHealth@EU)’ le haghaidh na n-oibríochtaí próiseála a bhfuil baint acu leo. Gníomhóidh an Coimisiún mar phróiseálaí.

Airteagal 23 8

8.   Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos na rialacha i dtaobh na gceanglas maidir le cibearshlándáil, idir-inoibritheacht theicniúil, idir-inoibritheacht shéimeantach, oibríochtaí agus bainistiú seirbhísí i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann an próiseálaí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo agus a fhreagrachtaí i leith na rialaitheoirí, i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2016/679. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

Airteagal 23 9

9.   Leis na pointí teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach, comhlíonfar na coinníollacha maidir le bheith páirteach in MoShláinte@AE (MyHealth@EU) agus fanacht nasctha leis mar a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4. Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú, trí sheiceálacha ar chomhlíonadh, an gcomhlíonann na pointí teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach na coinníollach sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.