+Airteagal 30 Oibleagáidí monaróirí córas RTS
---+Airteagal 30 1
---+Airteagal 30 2
---+Airteagal 30 3
---+Airteagal 30 4
---+Airteagal 30 5

Airteagal 30 Oibleagáidí monaróirí córas RTS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1

1.   Déanfaidh monaróirí córas RTS an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil comhpháirteanna comhchuibhithe bogearraí a gcóras RTS agus na córais RTS iontu féin, a mhéid a bhunaítear ceanglais dóibh leis an gCaibidil seo, i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus leis na sonraíochtaí comhchoiteanna i gcomhréir le hAirteagal 36;

(b)

a áirithiú nach ndéanfar difear diúltach do chomhpháirteanna comhchuibhithe bogearraí a gcóras RTS le comhpháirteanna bogearraí eile den chóras RTS céanna;

(c)

doiciméadacht theicniúil a gcóras RTS a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 37 sula gcuirfidh siad na córais RTS sin ar an margadh, agus é a choimeád cothrom le dáta ina dhiaidh sin;

(d)

a áirithiú go mbeidh an bhileog faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 38 agus treoracha úsáide soiléire agus iomlána ag gabháil lena gcórais RTS, agus iad a bheith ar fáil saor in aisce don úsáideoir;

(e)

dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 39;

(f)

an mharcáil chomhréireachta CE a chur leis i gcomhréir le hAirteagal 41;

(g)

an t-ainm, an trádainm cláraithe nó an trádmharc cláraithe, an seoladh poist, agus an suíomh gréasáin, an seoladh ríomhphoist nó aon sonraí teagmhála digiteacha eile ag trínar féidir dul i dteagmháil leo, a léiriú sa chóras RTS; pointe aonair ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a léiriú sna sonraí teagmhála; beidh na sonraí teagmhála i dteanga is furasta d’úsáideoirí agus d’údaráis faireachais margaidh a thuiscint;

(h)

na hoibleagáidí maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 49 a chomhlíonadh;

(i)

aon ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a dhéanamh gan moill mhíchuí i ndáil lena gcórais RTS, i gcás ina measann siad nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint nach bhfuil na córais sin i gcomhréir nó nach bhfuil siad i gcomhréir a thuilleadh leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, nó na córais sin a aisghairm nó a tharraingt siar; déanfaidh monaróirí córas RTS údaráis náisiúnta na mBallstát, inar chuir siad a gcórais RTS ar fáil ar an margadh nó inar chuir siad i mbun seirbhíse iad, a chur ar an eolas ina dhiaidh sin faoin neamh-chomhréireacht, faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh, lena n-áirítear an tráthchlár don chur chun feidhme, agus faoin dáta ag a mbeidh na comhpháirteanna comhchuibhithe sin dá gcóras RTS tugtha chun comhréireachta nó aisghairthe nó tarraingthe siar;

(j)

dáileoirí a gcóras RTS agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, allmhaireoirí agus úsáideoirí a chur ar an eolas láithreach faoin neamh-chomhréireacht agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach, aon aisghairm nó aon tarraingt siar maidir leis na córais RTS sin;

(k)

dáileoirí a gcóras RTS agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, allmhaireoirí agus úsáideoirí, a chur ar an eolas faoi aon chothabháil choisctheach éigeantach a dhéantar ar chórais RTS agus faoi mhinicíocht na cothabhála sin;

(l)

arna iarraidh sin, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a sholáthar, i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann, d’údaráis faireachais margaidh sa Bhallstát sin chun comhréireacht na gcóras RTS atá curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse acu leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a léiriú;

(m)

comhoibriú le húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun na córais RTS a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i mbun seirbhíse a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus leis na ceanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 42 i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann;

(n)

bealaí gearáin a bhunú agus dáileoirí a choinneáil ar an eolas maidir leis na bealaí sin;

(o)

clár gearán agus clár de chórais RTS neamh-chomhréireacha a choinneáil agus dáileoirí a choinneáil ar an eolas maidir leis sin.

Airteagal 30 2

2.   Áiritheoidh monaróirí córas RTS go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú go leanfaidh dearadh, forbairt agus úsáid comhpháirteanna comhchuibhithe bogearraí de chórais RTS de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 36 a chomhlíonadh. Déanfar athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe córais RTS, a mhéid a bhaineann leis na comhpháirteanna comhchuibhithe bogearraí de chórais RTS, a chur i gcuntas go leordhóthanach agus déanfar iad a léiriú sa doiciméadacht theicniúil.

Airteagal 30 3

3.   Coimeádfaidh monaróirí córas RTS an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 37 agus dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 39 go ceann 10 mbliana tar éis an córas RTS a cumhdaíodh le dearbhú comhréireachta AE a chur ar an margadh.

Déanfaidh monaróirí córas RTS an cód foinseach nó an loighic ríomhchlárúcháin a áirítear sa doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha, ar iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis sin, i gcás ina bhfuil gá leis an gcód foinseach nó loighic ríomhchlárúcháin sin chun go mbeadh na húdaráis sin in ann a sheiceáil go bhfuil na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II á gcomhlíonadh.

Airteagal 30 4

4.   Áiritheoidh monaróir córas RTS atá bunaithe lasmuigh den Aontas go bhfuil an doiciméadacht is gá ar fáil go héasca ag a ionadaí údaraithe chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 31(2) a chomhlíonadh.

Airteagal 30 5

5.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás faireachais margaidh, cuirfidh monaróirí córas RTS an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an chórais RTS leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus leis na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 36 a léiriú, i dteanga is féidir leis an údarás faireachais margaidh sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh monaróirí na gcóras RTS i gcomhar leis an údarás faireachais margaidh, ar iarraidh uaidh, maidir le haon bheart a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le córas RTS a chealú, ar córas é atá curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse acu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.