+IARSCRÍBHINN II FAIREACHÁN
---+1. Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2) maidir le huisce atá beartaithe lena …
---+2. Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2), áireofar orthu ceann de na nithe seo …
---+3. Áireofar freisin ar na cláir faireacháin clár faireacháin oibríochtúil lena dtugtar léargas mear …
---+4. Áiritheoidh na Ballstáit go n-athbhreithneofar na cláir faireacháin ar bhonn leanúnach agus go …
---+1. Liosta de pharaiméadair Grúpa A Déanfar faireachán ar na paraiméadair seo a leanas (Grúpa A) i …
---+2. Minicíochtaí samplála Tábla 1. Minicíocht íosta samplála agus anailíse chun faireachán a …
---+1. Bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair dá dtagraítear in Airteagal 9 …
---+2. Mar thoradh ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair, féadfar liosta de na paraiméadair a …
---+1. Cinnfear pointí samplála chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 6(1). I gcás gréasán …
---+2. Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas le linn sampláil ag an bpointe comhlíontachta: (a) is ag …
---+3. Tógfar samplaí le haghaidh Legionella i gcórais dáileacháin baile ag pointí riosca maidir le …
---+4. Is de réir ISO 5667-5 a dhéanfar an tsampláil sa ghréasán dáileacháin, cé is moite den tsampláil …
|
IARSCRÍBHINN II FAIREACHÁN
IARSCRÍBHINN II FAIREACHÁN
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2) maidir le huisce atá beartaithe lena …
|
|
1.
|
Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2) maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú go bhfuil na bearta atá i bhfeidhm chun rioscaí do shláinte an duine a rialú feadh an tslabhra soláthair uisce ina iomláine, ón limistéar astarraingthe, le linn chóireáil agus stóráil an uisce, go dtí dáileadh an uisce, ag feidhmiú go héifeachtach agus a fhíorú gur glan folláin atá an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ag an bpointe comhlíontachta;
|
|
(b)
|
faisnéis a sholáthar faoi cháilíocht an uisce arna sholáthar do thomhaltas an duine chun a thaispeáint go bhfuiltear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 agus na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5;
|
|
(c)
|
an chaoi is oiriúnaí a shainaithint chun an riosca do shláinte an duine a mhaolú.
|
|
|
|
2. Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2), áireofar orthu ceann de na nithe seo …
|
|
2.
|
Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2), áireofar orthu ceann de na nithe seo a leanas nó meascán díobh:
|
(a)
|
samplaí scoite den uisce a bhailiú agus a anailísiú;
|
|
(b)
|
tomhais arna dtaifeadadh trí phróiseas leanúnach faireacháin.
|
Ina theannta sin, féadfar na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cláir faireacháin:
|
(a)
|
cigireachtaí ar thaifid ar fheidhmiúlacht agus stádas cothabhála an trealaimh;
|
|
(b)
|
cigireachtaí ar an limistéar astarraingthe, agus ar an mbonneagar cóireála, stórála agus dáileacháin, gan dochar do na ceanglais faireacháin dá bhforáiltear faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) agus pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 10(1).
|
|
|
|
3. Áireofar freisin ar na cláir faireacháin clár faireacháin oibríochtúil lena dtugtar léargas mear …
|
|
3.
|
Áireofar freisin ar na cláir faireacháin clár faireacháin oibríochtúil lena dtugtar léargas mear ar fheidhmíocht oibríochtúil agus fadhbanna cáilíochta uisce agus lenar féidir gníomhaíocht mhear feabhais réamhphleanáilte a dhéanamh. Beidh cláir faireacháin oibríochtúil den sórt sin dírithe go sonrach ar sholáthar, agus cuirfear san áireamh leo torthaí shainaithint na nguaiseacha agus na n-eachtraí guaiseacha agus torthaí an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair, agus beidh sé mar aidhm acu a éifeachtaí atá na bearta rialaithe uile le linn chéimeanna na hastarraingthe, na cóireála, an dáileacháin agus na stórála a dheimhniú.
Áireofar ar an gclár faireacháin oibríochtúil faireachán ar an bparaiméadar darb ainm “moirtiúlacht ag gléasra an tsoláthair uisce” chun rialú rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bpróiseas scagtha i dtaca le rudaí a bhaint go fisiciúil, i gcomhréir leis na luachanna tagartha agus na minicíochtaí a léirítear sa tábla seo a leanas (níl sin infheidhme maidir le foinsí screamhuisce ina dtarlaíonn moirtiúlacht de bharr iarainn agus mangainéise):
|
Paraiméadar oibríochtúil
|
Luach tagartha
|
|
moirtiúlacht ag gléasra an tsoláthair uisce
|
0,3 NTU i 95 % de shamplaí agus gan aon cheann acu a bheith níos airde ná 1 NTU
|
|
An toirt (m3) uisce a dháiltear nó a tháirgtear gach lá laistigh de chrios soláthair
|
Minicíocht íosta samplála agus anailíse
|
|
≤ 1 000
|
Go seachtainiúil
|
|
> 1 000 go ≤ 10 000
|
Go laethúil
|
|
> 10 000
|
Leanúnach
|
Áireofar freisin ar an gclár faireacháin oibríochtúil faireachán ar na paraiméadair seo a leanas san amhuisce chun rialú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bpróiseas cóireála i gcoinne rioscaí micribhitheolaíocha:
|
Paraiméadar oibríochtúil
|
Luach tagartha
|
Aonad
|
Nótaí
|
|
Baictéarafagach sómatach drólannach
|
50 (le haghaidh amhuisce)
|
Aonaid Déanta Plaice (PFU)/100 ml
|
Déanfar an paraiméadar seo a thomhas má léirítear sa mheasúnú riosca gurb iomchuí déanamh amhlaidh. Má tá sé le fáil in amhuisce ag tiúchana > 50 PFU/100 ml, ba cheart anailís a dhéanamh air tar éis chéimeanna na traenach cóireála chun baint logartaim ag na bacainní atá i bhfeidhm a mheas agus chun a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil smacht leordhóthanach ar an riosca go dtiocfaidh víris phataigineacha chun tosaigh.
|
|
|
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go n-athbhreithneofar na cláir faireacháin ar bhonn leanúnach agus go …
|
|
4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-athbhreithneofar na cláir faireacháin ar bhonn leanúnach agus go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta nó a dheimhniú gach 6 bliana ar a laghad.
|
Cuid B
Paraiméadair agus minicíochtaí samplála
|
|
1. Liosta de pharaiméadair Grúpa A Déanfar faireachán ar na paraiméadair seo a leanas (Grúpa A) i …
|
|
1.
|
Liosta de pharaiméadair
Grúpa A
Déanfar faireachán ar na paraiméadair seo a leanas (Grúpa A) i gcomhréir leis na minicíochtaí faireacháin a leagtar amach i dTábla 1 de phointe 2:
|
(a)
|
Escherichia coli (E. coli), eintreacocas stéigeach, baictéir dhrólannacha, áireamh coilíneachtaí ag 22 °C, dath, moirtiúlacht, blas, boladh, pH agus seoltacht;
|
|
(b)
|
paraiméadair eile a shainaithnítear a bheith ábhartha sa chlár faireacháin, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) agus, i gcás inarb ábhartha, trí mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair mar a leagtar amach in Airteagal 9 agus Cuid C den Iarscríbhinn seo.
|
Faoi imthosca sonracha, cuirfear na paraiméadair seo a leanas le paraiméadair Ghrúpa A:
|
(a)
|
amóiniam agus nítrít, má úsáidtear clóraimíniú;
|
|
(b)
|
alúmanam agus iarann, má úsáidtear iad mar cheimiceáin cóireála uisce.
|
Glactar leis gur “croípharaiméadair” iad Escherichia coli (E. coli) agus eintreacocas stéigeach agus ní thiocfaidh laghdú ar mhinicíochtaí an fhaireacháin a dhéantar orthu mar gheall ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Cuid C den Iarscríbhinn seo. Déanfar faireachán orthu i gcónaí ar a laghad ag na minicíochtaí a leagtar amach i dTábla 1 de phointe 2.
Grúpa B
Chun comhlíonadh na luachanna paraiméadracha uile a leagtar amach sa Treoir seo a chinneadh, déanfar faireachán ar gach paraiméadar eile nach ndéantar anailís air faoi Ghrúpa A agus a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, seachas na paraiméadair atá i gCuid D d’Iarscríbhinn I, ag na minicíochtaí a leagtar amach i dTábla 1 de phointe 2 ar a laghad, murab é go gcinntear minicíocht eile samplála bunaithe ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Cuid C den Iarscríbhinn seo.
|
|
|
2. Minicíochtaí samplála Tábla 1. Minicíocht íosta samplála agus anailíse chun faireachán a …
|
|
2.
|
Minicíochtaí samplála
Tábla 1. Minicíocht íosta samplála agus anailíse chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bparaiméadar
|
An toirt uisce a dháiltear nó a tháirgtear gach lá laistigh de chrios soláthair
(Féach Nótaí 1 agus 2) m3
|
Paraiméadar Ghrúpa A
an líon samplaí sa bhliain
|
Paraiméadar Ghrúpa B
an líon samplaí sa bhliain
|
|
|
< 10
|
> 0 (Féach Nóta 4)
|
> 0 (Féach Nóta 4)
|
|
≥ 10
|
≤ 100
|
2
|
1 (Féach Nóta 5)
|
|
≥ 100
|
≤ 1 000
|
4
|
1
|
|
≥ 1 000
|
≤ 10 000
|
4 don chéad 1 000 m3/l [l = lá]
+ 3 le haghaidh gach 1 000 m3/l breise agus cuid den toirt iomlán
(Féach Nóta 3)
|
1 don chéad 1 000 m3/l [l = lá]
+ 1 le haghaidh gach 4 500 m3/l breise agus cuid den toirt iomlán
(Féach Nóta 3)
|
|
≥ 10 000
|
≤ 100 000
|
3 don chéad 10 000 m3/l [l = lá]
+ 1 le haghaidh gach 10 000 m3/l breise agus cuid den toirt iomlán
(Féach Nóta 3)
|
|
≥ 100 000
|
|
12 don chéad 100 000 m3/l [l = lá] + 1 le haghaidh gach 25 000 m3/l
breise agus cuid den toirt iomlán
(Féach Nóta 3)
|
|
Nóta 1:
|
Is é is crios soláthair ann limistéar atá sainithe go geografach arb as foinse amháin nó níos mó laistigh de a fhaightear an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus ar féidir glacadh leis gur cáilíocht aonfhoirmeach, den chuid is mó, atá i gcáilíocht an uisce atá laistigh de.
|
|
Nóta 2:
|
Ríomhtar na toirteanna mar mheáin a thógtar thar bhliain féilire amháin. Féadfar an líon áitritheoirí i gcrios soláthair a úsáid in ionad na toirte uisce chun an mhinicíocht íosta a shocrú, ar bhonn na tuisceana gur 200 l/(lá*capita) atá sa tomhaltas uisce.
|
|
Nóta 3:
|
Is mar seo a leanas a ríomhtar an mhinicíocht a léirítear: e.g. 4 300 m3/l = 16 shampla do pharaiméadair Ghrúpa A (ceithre cinn don chéad 1 000 m3/l + 12 do 3 300 m3/l breise).
|
|
Nóta 4:
|
Maidir le soláthróirí uisce, i gcás nár tugadh díolúine faoi phointe (b) d’Airteagal 3(3), leagfaidh na Ballstáit síos an mhinicíocht íosta samplála do pharaiméadair Ghrúpaí A agus B, ar choinníoll go ndéanfar faireachán ar chroípharaiméadair uair sa bhliain ar a laghad.
|
|
Nóta 5:
|
Féadfaidh na Ballstáit an mhinicíocht samplála a laghdú, ar choinníoll go ndéanfar faireachán uair gach 6 bliana ar a laghad ar na paraiméadair uile a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 agus go ndéanfar faireachán orthu i gcásanna ina gcomhtháthaítear foinse nua uisce sa chóras soláthair uisce nó ina ndéantar athruithe ar an gcóras sin, a mbíonn de thoradh orthu go mbeifí ag súil le héifeacht dhíobhálach ar an uisce a bheith ann.
|
|
|
Cuid C
Measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair
|
|
1. Bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair dá dtagraítear in Airteagal 9 …
|
|
1.
|
Bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair dá dtagraítear in Airteagal 9, cuirfear leis an liosta de na paraiméadair a ndearnadh faireachán orthu agus ardófar na minicíochtaí samplála a leagtar amach i gCuid B i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
ní leor an liosta de na paraiméadair ná na minicíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 13(1) a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
is gá faireachán breise chun críocha Airteagal 13(5);
|
|
(c)
|
is gá na dearbhuithe a leagtar amach i bpointe (a) de phointe 1 de Chuid A a sholáthar;
|
|
(d)
|
is gá na minicíochtaí samplála a ardú de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(4).
|
|
|
|
2. Mar thoradh ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair, féadfar liosta de na paraiméadair a …
|
|
2.
|
Mar thoradh ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair, féadfar liosta de na paraiméadair a ndearnadh faireachán orthu a ghiorrú, agus na minicíochtaí samplála a leagtar amach i gCuid B a laghdú, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
cinntear an suíomh samplála agus an mhinicíocht samplála i gcoibhneas le bunús an pharaiméadair, agus le hinathraitheacht a thiúchana agus an treocht fhadtéarmach a bhaineann lena thiúchan, agus aird á tabhairt ar Airteagal 6;
|
|
(b)
|
maidir leis an minicíocht íosta samplála a laghdú i gcás paraiméadair, níos lú ná 60 % den luach paraiméadrach gach ceann de na torthaí a fuarthas ó shamplaí a bailíodh ag eatraimh rialta thar thréimhse 3 bliana ar a laghad ó phointí samplála atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine;
|
|
(c)
|
maidir le paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, níos lú ná 30 % den luach paraiméadrach gach ceann de na torthaí a fuarthas ó shamplaí a bailíodh ag eatraimh rialta thar thréimhse 3 bliana ar a laghad ó phointí samplála atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine;
|
|
(d)
|
maidir le paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, tá an cinneadh bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca lena gcuirtear san áireamh torthaí an fhaireacháin ar fhoinsí an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus lena ndeimhnítear go gcosnaítear sláinte an duine ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le haon éilliú uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, mar a leagtar síos in Airteagal 1;
|
|
(e)
|
maidir le minicíocht samplála paraiméadair a laghdú nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, deimhnítear sa mheasúnú riosca nach ann d’aon toisc ar féidir a bheith ag súil leis le réasún gur dóigh go mbainfidh sí ó cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
|
I gcás ina bhfuil torthaí an fhaireacháin, lena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (2)(b) go (2)(e), ar fáil cheana faoin 12 Eanáir 2021, féadfar torthaí an fhaireacháin sin a úsáid, amhail ón dáta sin, chun an faireachán a oiriúnú tar éis an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair.
I gcás inar cuireadh coigeartuithe faireacháin chun feidhme cheana tar éis measúnú riosca ar an gcóras soláthair i gcomhréir, inter alia, le Cuid C d’Iarscríbhinn II de Threoir 98/83/CE, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh don fhéidearthacht a mbailíocht a dheimhniú gan gá a bheith le faireachán i gcomhréir le pointí 2(b) agus 2(c) le linn tréimhse bhreise 3 bliana ar a laghad ó phointí atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine.
|
Cuid D
Modhanna samplála agus pointí samplála
|
|
1. Cinnfear pointí samplála chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 6(1). I gcás gréasán …
|
|
1.
|
Cinnfear pointí samplála chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 6(1). I gcás gréasán dáileacháin, féadfaidh Ballstát samplaí a thógáil laistigh den chrios soláthair nó ag na hoibreacha cóireála i gcás paraiméadair ar leith más féidir a léiriú nach mbeadh aon athrú díobhálach ann ar luach tomhaiste na bparaiméadar lena mbaineann. A mhéid is féidir, dáilfear an líon samplaí go cothrom ó thaobh ama agus suímh de.
|
|
|
2. Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas le linn sampláil ag an bpointe comhlíontachta: (a) is ag …
|
|
2.
|
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas le linn sampláil ag an bpointe comhlíontachta:
|
(a)
|
is ag buacaire na dtomhaltóirí, gan é a shruthlú roimh ré, a thógfar samplaí comhlíontachta maidir le paraiméadair cheimiceacha áirithe, go háirithe copar, luaidhe, agus nicil. Tógfar sampla lae randamaigh de thoirt lítir amháin. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as modhanna samplála ar thréimhsí seasta lonnaithe uisce lena dtugtar léiriú níos fearr ar an gcás náisiúnta, amhail meán-iontógáil sheachtainiúil na dtomhaltóirí, ar choinníoll gurb amhlaidh, ar leibhéal an chreasa soláthair, nach é an toradh a bheadh air sin gur lú an líon cásanna de neamhchomhlíonadh ná an líon a bheadh ann dá n-úsáidfí modh an lae randamaigh;
|
|
(b)
|
is i gcomhréir le EN ISO 19458, cuspóir samplála B, a dhéanfar samplaí comhlíontachta a thógáil agus a láimhseáil maidir le paraiméadair mhicribhitheolaíocha ag an bpointe comhlíontachta.
|
|
|
|
3. Tógfar samplaí le haghaidh Legionella i gcórais dáileacháin baile ag pointí riosca maidir le …
|
|
3.
|
Tógfar samplaí le haghaidh Legionella i gcórais dáileacháin baile ag pointí riosca maidir le leathadh Legionella, pointí atá ionadaíoch ar nochtadh sistéamach do Legionella, nó an dá rud. Bunóidh na Ballstáit treoirlínte maidir le modhanna samplála le haghaidh Legionella.
|
|
|
4. Is de réir ISO 5667-5 a dhéanfar an tsampláil sa ghréasán dáileacháin, cé is moite den tsampláil …
|
|
4.
|
Is de réir ISO 5667-5 a dhéanfar an tsampláil sa ghréasán dáileacháin, cé is moite den tsampláil a dhéanfar ag buacaire an tomhaltóra. I gcás paraiméadair mhicribhitheolaíocha, is i gcomhréir le EN ISO 19458, cuspóir samplála A, a dhéanfar samplaí a thógáil agus a láimhseáil sa ghréasán dáileacháin.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|