Comhlánófar BDNanna, lena n-áirítear breoslaí nach breoslaí iontaise iad a úsáidtear ar bord, leis an bhfaisnéis seo a leanas maidir leis na breoslaí sin:
—
Luach calrach íochtarach [MJ/g],
—
I gcás bithbhreoslaí, luachanna E mar a bhunaítear i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001, Cuid C d’Iarscríbhinn V agus Cuid B d’Iarscríbhinn VI [gCO2eq/MJ] agus fianaise ghaolmhar i dtaca le comhlíonadh na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin maidir leis na breoslaí sin, lena sainaithnítear an chonair táirgeachta breosla,
—
I gcás breoslaí nach breoslaí iontaise ná bithbhreoslaí iad, fachtóir astaíochtaí GCT WtT [gCO2eq/MJ] agus deimhniú gaolmhar lena sainaithnítear an chonair táirgeachta breosla.
an fuinneamh a sholáthraítear: an codán cumhachta arna leithdháileadh ar phointe soláthair (más infheidhme) [kW], tomhaltas leictreachais (kWh) le haghaidh na tréimhse billeála, faisnéis faoin mbuaic chumhachta (má tá sí ar fáil);
Modh chun fachtóirí astaíochtaí GCT TtW a chinneadh
Cinntear astaíochtaí TtW ar bhonn na modheolaíochta atá san Iarscríbhinn seo mar a fhoráiltear i gCothromóid (1) agus i gCothromóid (2)
Tá luachanna réamhshocraithe fachtóirí astaíochtaí GCT TtW (CO2eq,TtW,j) in Iarscríbhinn II.
I gcomhréir lena phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8 agus ar mheasúnú an fhíoraitheora, féadfaidh cuideachta modhanna eile a úsáid, mar shampla tomhas díreach CO2eq nó tástáil saotharlainne, má chuireann siad le cruinneas foriomlán an ríomha, agus Airteagal 10(5) á chur i bhfeidhm.
An modh chun astaíochtaí idirleata agus sceite TtW a chinneadh
Is éard atá in astaíochtaí idirleata agus sceite astaíochtaí arb é is cúis leo an méid breosla nach sroicheann cuasán dócháin an aonaid dócháin nó nach n-ídíonn an t-aonad tomhaltóra breosla toisc iad a bheith neamhdhóite, scaoilte nó tar éis sceitheadh ón gcóras. Chun críocha an Rialacháin seo, cuirtear astaíochtaí idirleata agus sceite san áireamh mar chéatadán de mhais an bhreosla a úsáideann an t-aonad tomhaltóra breosla. Tá na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.
Modhanna chun na fachtóirí luaíochta a bhaineann le tiomáint ghaothchuidithe
I gcás ina suiteáiltear tiomáint ghaothchuidithe ar bord, is féidir fachtóir luaíochta a chur i bhfeidhm, arna chinneadh mar a leanas:
Fachtóir luaíochta le haghaidh tiomáint le ghaothchuidithe -WIND (fwind)
0,99
0,05
0,97
0,1
0,95
≥ 0,15
Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:
—
Is é PWind cumhacht éifeachtach na gcóras tiomána ghaothchuidithe atá ar fáil agus comhfhreagraíonn sé do feff * Peff arna ríomh i gcomhréir le 2021 guidance on treatment of innovative energy efficiency technologies for calculation and verification of the attained energy efficiency design index (EEDI) and energy efficiency existing ships index (EEXI) [treoraíocht 2021 maidir le láimhseáil teicneolaíochtaí nuálacha éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh ríomh agus fhíorú an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh dearaidh agus an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh i gcás long atá ann cheana EEXI arna mbaint amach] (MEPC.1/Circ.896);
—
Is é PProp cumhacht tiomána na loinge agus comhfhreagraíonn sé do PME mar a shainmhínítear é sna 2018 guidelines on the method of calculation of the attained EEDI for new ships [treoirlínte 2018 maidir le modh ríofa an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh dearaidh arna bhaint amach (EEDI) do longa nua] (rún IMO MEPC.364 (79)) agus sna 2021 guidelines on the method of calculation of the attained EEXI [treoirlínte 2021 maidir le modh ríofa an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh i gcás long arna bhaint amach] (EEXI) (rún IMO MEPC.333(76)). I gcás ina bhfuil mótair seafta suiteáilte, PProp = PME + PPTI(i),shaft.
Ansin déantar innéacs déine GCT na loinge a ríomh trí thoradh Chothromóid (1) a iolrú faoin bhfachtóir luaíochta.