+133. I gcás go bhfuil dámhachtain luach saothair inathraithe, lena n-áirítear pleananna dreasachta …
|
133. I gcás go bhfuil dámhachtain luach saothair inathraithe, lena n-áirítear pleananna dreasachta …
I gcás go bhfuil dámhachtain luach saothair inathraithe, lena n-áirítear pleananna dreasachta fadtéarmacha (LTIPanna), bunaithe ar fheidhmíocht roimhe seo ar feadh bliana ar a laghad, ach go mbraitheann sé freisin ar choinníollacha feidhmíochta amach anseo, ba cheart go mbeadh feidhm ag na nithe seo a leanas: - a. ba cheart go ndéanfadh gnólachtaí infheistíochta na coinníollacha feidhmíochta breise nach mór a chomhlíonadh i ndiaidh dhámhachtain an luach saothair inathraithe atá le dílsiú a leagan amach go soiléir do na baill foirne; EBA Public
- b. ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta, sula ndílsíonn siad an luach saothair inathraithe, a mheas gur comhlíonadh na coinníollacha maidir lena dhílsiú;
- c. ba cheart na coinníollacha feidhmíochta breise réamhbhreathnaithe a leagan síos ar feadh tréimhse feidhmíochta réamhshainithe de bhliain amháin ar a laghad;
- d. i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha feidhmíochta breise réamhbhreathnaithe, ba cheart go mbeadh suas le 100% den luach saothair inathraithe arna dhámhachtain faoi na coinníollacha sin faoi réir socruithe malus;
- e. ba cheart go dtiocfadh deireadh leis an tréimhse iarchurtha bliain amháin ar a luaithe i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll feidhmíochta deiridh; beidh feidhm ag na forálacha eile go léir maidir le hiarchur an luach saothair inathraithe le haghaidh baill foirne shainaitheanta atá leagtha amach in alt 15 ar an dóigh chéanna le luach saothair inathraithe atá bunaithe go heisiach ar fheidhmíocht roimh a dhámhachtain;
- f. chun an cóimheas idir comhpháirt inathraithe agus comhpháirt sheasta an luach saothair iomláin a ríomh, ba cheart méid iomlán an luach saothair inathraithe a dámhadh a chur san áireamh sa bhliain airgeadais inar dámhadh an luach saothair inathraithe, lena n-áirítear LTIPanna. Ba cheart go mbeadh feidhm aige seo freisin i gcás go ndearnadh measúnú ar an bhfeidhmíocht roimhe seo i dtréimhse fhabhraithe ilbhliantúil.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|