+5.5 Creat agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh
---+115. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe …
---+116. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm …
---+117. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil forálacha …

5.5 Creat agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh

5.5.1 Creat rialaithe inmheánaigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
115. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe inmheánaigh bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta atá oiriúnach do chineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, de réir na bhforálacha atá sonraithe i dTreoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach. Ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú seo, ar a laghad:

  • a. cibé an gcuireann nó nach gcuireann gnólachtaí infheistíochta an creat rialaithe inmheánaigh a chlúdaíonn an eagraíocht ar fad chun feidhme, lena n-áirítear freagrachtaí agus cúraimí an chomhlachta bainistíochta, agus gníomhaíochtaí gach líne ghnó agus gach aonad inmheánach, lena n-áirítear feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, gníomhaíochtaí seachfhoinsithe agus cainéil dáileacháin;
38
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil beartais rialaithe inmheánaigh, sásraí agus nósanna imeachta leordhóthanacha i scríbhinn á mbunú, á gcothabháil agus á dtabhairt cothrom le dáta go rialta ag gnólachtaí infheistíochta, ar cheart don chomhlacht bainistíochta iad a fhormheas;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil línte gnó na ngnólachtaí infheistíochta freagrach as na rioscaí a thabhaíonn siad nuair a bhíonn a ngníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a bhainistiú agus cibé acu atá nó nach bhfuil rialuithe bunaithe acu a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go bhfuil ceanglais inmheánacha agus sheachtracha á gcomhlíonadh;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil an comhlacht bainistíochta freagrach as bunú agus monatóireacht leordhóthanacht agus éifeachtacht an chreata rialaithe inmheánaigh, na bpróiseas agus na sásraí, agus as maoirseacht a dhéanamh ar gach líne ghnó agus aonad inmheánach, lena n-áirítear feidhmeanna rialaithe inmheánaigh;
  • e. más cuí, tá creat rialaithe inmheánaigh an ghnólachta infheistíochta curtha in oiriúint ar bhonn aonair do shainiúlacht a ghnó, dá chastacht agus do na rioscaí gaolmhara agus tá comhthéacs an ghrúpa á chur san áireamh;
  • f. cibé acu atá nó nach bhfuil próiseas cinnteoireachta atá soiléir, trédhearcach agus doiciméadaithe mar aon le leithdháileadh soiléir freagrachtaí agus údaráis laistigh dá chreat rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear a línte gnó, aonaid inmheánacha agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh;
  • g. cibé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis riachtanach á malartú, lena n-áirítear beartais, sásraí agus nósanna imeachta agus na nuashonruithe a bhaineann leo, ar bhealach tráthúil lena n-áirithítear go mbeidh an comhlacht bainistíochta, gach líne ghnó agus aonad inmheánach, lena n-áirítear gach feidhm rialaithe inmheánaigh neamhspleách, in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh;
  • h. cibé acu an gcuireann nó nach gcuireann feidhmeanna rialaithe inmheánaigh tuairiscí scríofa ar fáil don chomhlacht bainistíochta, tuairiscí atá tráthúil, beacht, achomair, cuimsitheach, soiléir agus úsáideach, maidir le heasnaimh shuntasacha atá sainaitheanta agus cuimsítear i dtuairiscí dá leithéid, le haghaidh gach easnamh suntasach sainaitheanta, na rioscaí ábhartha atá i gceist, measúnú tionchair, moltaí agus bearta ceartaitheacha atá le cur i gcrích;
  • i. cibé acu atá nó nach bhfuil rochtain ag feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus ar féidir leo tuairisciú go díreach don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, chun aird a tharraingt ar ábhair imní más gá;
  • j. cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann an comhlacht bainistíochta obair leantach i ndáil le torthaí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh ar bhealach tráthúil agus éifeachtach agus an bhfuil gá le gníomhaíochtaí feabhais oiriúnacha agus nós imeachta foirmiúil leantach maidir le torthaí agus bearta feabhais curtha i gcrích.
39

5.5.2 Feidhmeanna rialaithe inmheánaigh

116. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm comhlíonta inmheánaigh éifeachtach agus buan bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta agus, más cuí agus comhréireacht, feidhm bainistíochta riosca agus feidhm iniúchta inmheánaigh, le dóthain údaráis, seasaimh, acmhainní agus más gá, rochtain dhíreach ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta agus a choistí, sa chás go mbunaítear a leithéid, lena n-áirítear go háirithe an coiste riosca.

117. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil forálacha …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil forálacha Theideal 5 de Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach á gcomhlíonadh ag feidhm chomhlíonta an ghnólachta infheistíochta, agus sa chás go mbunaítear a leithéid, feidhm bhainistíochta riosca agus feidhm iniúchta inmheánaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/