+5.2 Straitéisí agus samhlacha gnó
---+47. Ba cheart d’institiúidí rioscaí ESG a chur san áireamh agus a straitéisí foriomlána gnó agus …
---+48. Chun críocha mhír 47 agus d’fhonn straitéisí atá sách eolasach a áirithiú, ba cheart …
---+49. Ba cheart go mbeadh tuiscint chuimsitheach ag institiúidí ar a samhail ghnó, ar a gcuspóirí …

5.2 Straitéisí agus samhlacha gnó

5.2 Straitéisí agus samhlacha gnó

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
47. Ba cheart d’institiúidí rioscaí ESG a chur san áireamh agus a straitéisí foriomlána gnó agus …

Ba cheart d’institiúidí rioscaí ESG a chur san áireamh agus a straitéisí foriomlána gnó agus riosca á bhforbairt agus á gcur chun feidhme acu, agus ba cheart go n áireofaí an méid seo a leanas ar a laghad sna straitéisí sin: ‑

  • a) an timpeallacht ghnó ina n oibríonn siad a thuiscint agus a mheasúnú, agus an chaoi a bhfuil siad neamhchosanta ar athruithe struchtúracha sa gheilleagar, sa chóras ‑ airgeadais, agus sa tírdhreach iomaíoch sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma mar thoradh ar fhachtóirí ESG;
  • b) tuiscint a fháil agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le rioscaí ESG, go háirithe spreagaithe riosca comhshaoil lena n áirítear rioscaí aistrithe agus fisiceacha, drochthionchar a imirt ar inmharthanacht dá samhail ghnó agus ar inbhuanaitheacht ‑ dá straitéis ghnó, lena n áirítear foinsí brabúsachta agus ioncaim, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; ‑
  • c) breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na rioscaí ESG sin, go háirithe spreagaithe riosca comhshaoil lena n áirítear rioscaí aistrithe agus fisiceacha, difear a dhéanamh dá gcumas a gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach agus fanacht laistigh ‑ dá n inghlacthacht riosca;
  • d) pleananna ‑ agus spriocanna a leagtar amach i Roinn 6 a cheapadh, a chur chun

feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.

48. Chun críocha mhír 47 agus d’fhonn straitéisí atá sách eolasach a áirithiú, ba cheart …

Chun críocha mhír 47 agus d’fhonn straitéisí atá sách eolasach a áirithiú, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar léargais a fuarthas ó mheascán de mhodhanna measúnaithe riosca réamhbhreathnaitheacha, lena n áirítear:

  • a) modheolaíochtaí ailínithe ‑ punainne, mar a thuairiscítear i Roinn 4.2;
  • b) anailísí riosca cásbhunaithe maidir leis an gcomhshaol, agus an timpeallacht ghnó/na timpeallachtaí gnó (féideartha) ina bhféadfadh siad a bheith ag feidhmiú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma á gcur san áireamh, lena n áirítear tréimhse deich mbliana ar a laghad;
  • c) tástálacha ‑ struis aeráide nó comhshaoil arna gcur i gcrích ag an institiúid.
49. Ba cheart go mbeadh tuiscint chuimsitheach ag institiúidí ar a samhail ghnó, ar a gcuspóirí …

Ba cheart go mbeadh tuiscint chuimsitheach ag institiúidí ar a samhail ghnó, ar a gcuspóirí straitéiseacha agus ar a straitéis riosca ó thaobh riosca ESG de agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil a rialachas, a bpróiseas pleanála um aistriú agus a gcreat bainistíochta riosca, lena n áirítear inghlacthacht riosca, leordhóthanach ionas go bhféadfaí iad a chur chun feidhme.

‑

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/