+Airteagal 455 1.

Airteagal 455 1.

Nochtfaidh institiúid a úsáideann na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh:

(a) 

a cuspóirí maidir le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trádála agus na próisis a chuirtear chun feidhme chun an riosca margaidh a shainaithint, a thomhas, chun faireachán a dhéanamh air agus chun é a rialú;

(b) 

na beartais dá dtagraítear in Airteagal 104(1) chun cinneadh a dhéanamh faoin suíomh atá le cur san áireamh sa leabhar trádála;

(c) 

tuairisc ghinearálta ar struchtúr na ndeasc trádála a chumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha, lena n-áirítear, maidir le gach deasc, tuairisc gharbh ar straitéis ghnó na deisce, na hionstraimí a cheadaítear sa straitéis sin agus na príomhchineálacha riosca a bhaineann leis an deasc sin;

(d) 

forbhreathnú ar na suíomhanna leabhair trádála nach gcumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar struchtúr na deisce agus na cineálacha ionstraimí a áirítear sna deasca nó sna catagóirí deasc i gcomhréir le hAirteagal 104b;

(e) 

struchtúr agus eagrú na feidhme bainistithe riosca margaidh agus rialachas;

(f) 

raon feidhme, príomhthréithe agus príomhroghanna samhaltaithe na samhlacha inmheánacha éagsúla a úsáidtear chun méideanna na neamhchosanta ar riosca a ríomh le haghaidh na bpríomhshamhlacha a úsáidtear ar an leibhéal comhdhlúite, agus tuairisc ar a mhéid a léiríonn na samhlacha inmheánacha sin na samhlacha a úsáidtear ar an leibhéal comhdhlúite, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc gharbh ar an méid a leanas:

(i) 

an cur chuige samhaltaithe a úsáidtear chun an t-easnamh ionchasach dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a), a ríomh, lena n-áirítear minicíocht an nuashonraithe sonraí;

(ii) 

an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an beart riosca maidir le cás faoi strus dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b), a ríomh, seachas na sonraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 325bk(3);

(iii) 

an cur chuige samhaltaithe a úsáidtear chun an muirear riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2) a ríomh, lena n-áirítear minicíocht an nuashonraithe sonraí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas