+210. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl riosca margaidh an ghnólachta …

210. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl riosca margaidh an ghnólachta …

Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl riosca margaidh an ghnólachta infheistíochta, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialachais agus bainistíochta riosca atá mar bhonn lena ngníomhaíochtaí margaidh. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas mar aon le cuntas a dhéanamh do thoirt, cineál agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta:

  • a. tá straitéis riosca margaidh atá fónta, soiléir agus doiciméadaithe ag an ngnólacht infheistíochta, agus formheasta ag a chomhlacht bainistíochta;
  • b. léirítear i straitéis riosca margaidh an ghnólachta infheistíochta inghlacthacht an ghnólachta infheistíochta do mhargadh riosca agus tá sé comhsheasmhach leis an inghlacthacht riosca foriomlán;

66

  • c. tá creat eagraíochtúil iomchuí ag an ngnólacht infheistíochta chun riosca margaidh a bhainistiú, mar aon le feidhmeanna tomhais, faireacháin agus rialaithe agus dóthain acmhainní daonna agus teicniúla (cáilíochtúla agus cainníochtúla);
  • d. tá beartais agus nósanna imeachta atá sainithe go soiléir ag an ngnólacht infheistíochta chun riosca margaidh a shainaithint, a bhainistiú, a thomhas agus a rialú, lena n-áirítear teorainneacha atá ag teacht leis an inghlacthacht riosca atá formheasta ag an mbord bainistíochta;
  • e. tá creat iomchuí ag an ngnólacht infheistíochta chun riosca margaidh a shainaithint, a thuiscint agus a thomhas, i gcomhréir le méid agus castacht an ghnólachta infheistíochta, agus tá na híoscheanglais ábhartha de réir na reachtaíochta ábhartha AE agus náisiúnta cur chun feidhme á gcomhlíonadh ag an gcreat; agus
  • f. tá creat rialaithe láidir agus cuimsitheach bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta mar aon le cosaintí fónta chun a riosca margaidh a mhaolú i gcomhréir lena straitéis bainistíochta riosca margaidh agus lena inghlacthacht riosca.

6.4.4 Achoimre ar thorthaí agus scóráil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.