+5.1. Breithnithe ginearálta
---+73. Agus an rialachas inmheánach agus na rialuithe ar fud na hinstitiúide á measúnú, ba cheart …
---+74. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht shocruithe rialachais …
---+75. Ba cheart d'údaráis inniúla rioscaí ESG a chur san áireamh, agus tús áite á thabhairt d'aistriú …
---+76. Ba cheart go mbeadh an measúnú ar rialachas inmheánach mar bhonn leis an measúnú sonrach ar …
---+77. Mar chuid den mheasúnú foriomlán ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud na …
---+78. Nuair a bhíonn an measúnú á dhéanamh ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud an …

5.1. Breithnithe ginearálta

5.1. Breithnithe ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
73. Agus an rialachas inmheánach agus na rialuithe ar fud na hinstitiúide á measúnú, ba cheart …

Agus an rialachas inmheánach agus na rialuithe ar fud na hinstitiúide á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla, i measc nithe eile, measúnú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí a fhoilsítear ar leithligh ar shuíomh gréasáin an ÚBE, mar a dtagraítear dó i mír 12, a bheith á gcomhlíonadh ag an institiúid.

74. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht shocruithe rialachais …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht shocruithe rialachais inmheánaigh na hinstitiúide, agus nádúr, scála agus chastacht na rioscaí bunúsacha a bhaineann leis an tsamhail ghnó agus le gníomhaíochtaí na hinstitiúide á gcur san áireamh. Ba cheart dóibh a mhéid a chomhlíonann an institiúid na ceanglais dlíthiúla agus rialála maidir le socruithe rialachais inmheánaigh fónta a shainaithint, lena n-áirítear iad siúd atá liostaithe sa mhír roimhe seo, agus aon easnamh a shainaithint. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé a gcruthaítear nó nach gcruthaítear rioscaí ábhartha de bharr droch-shocruithe rialachais inmheánaigh agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an bpróifíl riosca, ar athléimneacht oibríochtúil agus ar inbhuanaitheacht na hinstitiúide. Chun na críoch seo, ba cheart na réimsí seo a leanas a mheas, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus leis an rannpháirtíocht mhaoirseachta atá leagtha amach i dTeideal 2:

  • a. struchtúr eagraíochtúil, comhlacht bainistíochta agus a choistí;
  • b. cultúr riosca agus iompar gnó;
  • c. beartais agus cleachtais luacha saothair;
  • d. feidhmeanna rialaithe inmheánaigh;
  • e. creat bainistíochta riosca;
  • f. córais TFC, comhiomlánú sonraí riosca agus tuairisciú riosca;
  • g. rioscaí ML/TF agus imní stuamachta
  • h. rialachas pleanála téarnaimh.
75. Ba cheart d'údaráis inniúla rioscaí ESG a chur san áireamh, agus tús áite á thabhairt d'aistriú …

Ba cheart d'údaráis inniúla rioscaí ESG a chur san áireamh, agus tús áite á thabhairt d'aistriú comhshaoil agus do rioscaí fisiceacha, agus na réimsí a chlúdaítear le pointe (a) go pointe (f) den mhír roimhe seo á measúnú.

76. Ba cheart go mbeadh an measúnú ar rialachas inmheánach mar bhonn leis an measúnú sonrach ar …

Ba cheart go mbeadh an measúnú ar rialachas inmheánach mar bhonn leis an measúnú sonrach ar bhainistíocht riosca agus rialuithe mar atá sonraithe i dTeidil 6 agus 8, chomh maith le measúnú ICAAP agus ILAAP i measúnú caipitil SREP (Teideal 7) agus measúnú leachtachta agus cistiúcháin SREP (Teideal 8). Ar an gcuma chéanna, ba cheart go mbeadh anailís riosca-ar-riosca ar ríomhanna/meastacháin chaipitil ICAAP a athbhreithníodh faoi Theideal 7, agus aon easnamh a shainaithnítear leis sin, mar bhonn leis an measúnú ar chreat foriomlán ICAAP a ndearnadh measúnú air faoin teideal seo.

77. Mar chuid den mheasúnú foriomlán ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud na …

Mar chuid den mheasúnú foriomlán ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh ar chumas na hinstitiúide na heasnaimh a sainaithníodh agus/nó na hábhair imní mhaoirseachta arna gcur in iúl ag údaráis inniúla a leigheas go héifeachtach agus go tráthúil. Agus an mheastóireacht seo á déanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla a bhreithniú cibé acu an léiríonn nó nach léiríonn cuntas teiste na hinstitiúide a cumas agus a rún aghaidh a thabhairt ar ábhair imní mhaoirseachta agus/nó ar easnaimh shainaitheanta ar bhealach éifeachtach agus tráthúil, agus cibé acu atá nó nach bhfuil sé sin curtha san áireamh cheana féin sa mheasúnú ar réimsí eile SREP. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla leas a bhaint as measúnú na ngnéithe seo a leanas:

  • a. ról an chomhlachta bainistíochta maidir le (i) measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht shocruithe rialachais na hinstitiúide, go háirithe maidir leis na bearta feabhsúcháin, agus (ii) bearta cuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar imní maoirseachta agus/nó easnaimh (freagairt éifeachtach d'imní maoirseachta);
  • b. an cultúr riosca laistigh den institiúid;
  • c. leordhóthanacht agus tráthúlacht na faisnéise a chuirtear ar fáil agus a mhalartaítear leis an údarás inniúil;
  • d. cáilíocht na tuairiscithe inmheánaigh ar ghníomhaíochtaí feabhsúcháin don chomhlacht bainistíochta, don ardbhainistíocht agus d'fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh;
  • e. ról na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí feabhsúcháin a rinneadh.
78. Nuair a bhíonn an measúnú á dhéanamh ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud an …

Nuair a bhíonn an measúnú á dhéanamh ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud an ghnólachta ag leibhéal foghnólachta, sa bhreis ar na gnéithe a liostaítear sa teideal seo, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna imeachta sa ghrúpa trí chéile á gcur chun feidhme go comhsheasmhach ag leibhéal an fhoghnólachta agus cibé acu atá nó nach bhfuil céimeanna curtha i gcrích ag eintitis ghrúpa d'fhonn a áirithiú go bhfuil gach dlí agus rialachán is infheidhme á gcomhlíonadh ag a gcuid oibríochtaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.