+77. Mar chuid den mheasúnú foriomlán ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud na …

77. Mar chuid den mheasúnú foriomlán ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud na …

Mar chuid den mheasúnú foriomlán ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe ar fud na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh ar chumas na hinstitiúide na heasnaimh a sainaithníodh agus/nó na hábhair imní mhaoirseachta arna gcur in iúl ag údaráis inniúla a leigheas go héifeachtach agus go tráthúil. Agus an mheastóireacht seo á déanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla a bhreithniú cibé acu an léiríonn nó nach léiríonn cuntas teiste na hinstitiúide a cumas agus a rún aghaidh a thabhairt ar ábhair imní mhaoirseachta agus/nó ar easnaimh shainaitheanta ar bhealach éifeachtach agus tráthúil, agus cibé acu atá nó nach bhfuil sé sin curtha san áireamh cheana féin sa mheasúnú ar réimsí eile SREP. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla leas a bhaint as measúnú na ngnéithe seo a leanas:

  • a. ról an chomhlachta bainistíochta maidir le (i) measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht shocruithe rialachais na hinstitiúide, go háirithe maidir leis na bearta feabhsúcháin, agus (ii) bearta cuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar imní maoirseachta agus/nó easnaimh (freagairt éifeachtach d'imní maoirseachta);
  • b. an cultúr riosca laistigh den institiúid;
  • c. leordhóthanacht agus tráthúlacht na faisnéise a chuirtear ar fáil agus a mhalartaítear leis an údarás inniúil;
  • d. cáilíocht na tuairiscithe inmheánaigh ar ghníomhaíochtaí feabhsúcháin don chomhlacht bainistíochta, don ardbhainistíocht agus d'fheidhmeanna rialaithe inmheánaigh;
  • e. ról na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí feabhsúcháin a rinneadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.