+9.3. Toradh mheasúnú SREP a chur in iúl
---+447. Ba cheart d'údaráis inniúla toradh mheasúnú SREP a chur in iúl don institiúid i scríbhinn, i …
---+448. Ba cheart go n-áireofaí na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chumarsáid maidir le toradh …
|
9.3. Toradh mheasúnú SREP a chur in iúl
9.3. Toradh mheasúnú SREP a chur in iúl
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
447. Ba cheart d'údaráis inniúla toradh mheasúnú SREP a chur in iúl don institiúid i scríbhinn, i …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla toradh mheasúnú SREP a chur in iúl don institiúid i scríbhinn, i gcomhréir le samhail rannpháirtíochta SREP atá leagtha amach i rannóg 2.4. Ba cheart an chumarsáid a sheoladh chuig comhlacht bainistíochta na hinstitiúide.
|
|
448. Ba cheart go n-áireofaí na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chumarsáid maidir le toradh …
|
Ba cheart go n-áireofaí na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chumarsáid maidir le toradh mheasúnú SREP d’institiúidí, agus, i gcás inarb ábhartha, d’údaráis inniúla nó réitigh eile: - a. an leibhéal ábhartha feidhme, an dáta agus dáta cur i bhfeidhm mheasúnú SREP, chomh maith leis na dátaí tagartha don fhaisnéis a úsáideadh lena ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur i bhfeidhm an Choimisiúin (AE) Uimh. 710/2014;
- b. tuairisc ar thoradh SREP, lena n ‑ áirítear achoimre ar an measúnú, torthaí maoirseachta ábhartha, agus scór foriomlán SREP. I gcás ina bhfuil gá le beart ceartaitheach ón institiúid maidir le gnéithe nó fo-ghnéithe sonracha SREP, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thréimhse ama iomchuí a chur san áireamh le haghaidh feabhsúchán agus scór na ngnéithe agus na bhfo-ghnéithe seo a chomhroinnt, i gcás inarbh iomchuí;
- c. leibhéal agus cáilíocht riachtanach an P2R, de réir an phróisis agus na gcritéar a shonraítear i dTeideal 7, lena n-áirítear an t-údar a bhaineann go sonrach leis an institiúid chun na ceanglais a shocrú, ar leithligh maidir le riosca na giarála iomarcaí agus maidir le cineálacha eile rioscaí. Ba cheart go dtabharfaí léiriú soiléir sa bhonn cirt ar na cúiseanna ábhartha riosca a rannchuidíonn leis an P2R. I gcás athruithe ábhartha ar an gcreat rialála chun an P1R is infheidhme maidir le hinstitiúid a chinneadh, ba cheart go n-áireofaí sa chumarsáid toradh an mheasúnaithe a dhéantar de réir mhír 294 de Theideal 7. Agus údar á thabhairt do P2R, ba cheart d’údaráis inniúla:
| i. tagairt a dhéanamh, a mhéid is féidir, do | na catagóirí riosca agus do na |
fochatagóirí/gnéithe mar a chuirtear síos orthu i dTeideal 6 agus i rannáin 7.2 agus 7.3, agus na sainmhínithe atá ann cheana ar chineálacha sonracha riosca san reachtaíocht is infheidhme á gcur san áireamh, d'fhonn comhionannacht fhoriomlán a chinntiú ar fud na n-institiúidí; - ii. na príomheasnaimh atá le clúdach leis na ceanglais sin a shainaithint go dtí go dtabharfar aghaidh orthu ar aon dul le mír 320.
- d. agus an leibhéal riachtanach caipitil agus cáilíocht de cheanglais Cholún 2 á gcur in iúl acu de réir an phointe roimhe seo, ba cheart d’údaráis inniúla:
- i. TSCR na hinstitiúide mar chomhréir (cóimheas) den TREA, arna miondealú i dtéarmaí chomhdhéanamh an cheanglais a chur in iúl. Ba cheart an TSCR a chur in iúl tríd an fhoirmle seo a úsáid:
𝑇𝑆𝐶𝑅 𝑐ó𝑖𝑚ℎ𝑒𝑎𝑠 = 𝑀𝐼𝑁𝐶𝑅/𝑇𝑅𝐸𝐴 - ii. TSLRR na hinstitiúide mar chomhréir (cóimheas) den neamhchosaint ar an gcóimheas giarála (LRE), arna mhiondealú i dtéarmaí chomhdhéanamh an cheanglais, a chur in iúl. Ba cheart an TSRRR a chur in iúl trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
| 𝑇𝑆𝐿𝑅𝑅 𝑐ó𝑖𝑚ℎ𝑒𝑎𝑠 = | 𝑇𝑆𝐿𝑅𝑅 𝐿𝑅𝐸 |
- iii. OCR na hinstitiúide agus a comhpháirteanna a chur in iúl – ceanglais na gcisti dílse de Cholún 1, P2R agus na riachtanais maoláin – mar chion (cóimheas) den TREA, arna miondealú i dtéarmaí chomhdhéanamh an cheanglais;
- iv. OLRR na hinstitiúide agus a chomhpháirteanna a chur in iúl – ceanglas na gcistí dílse maidir le cóimheas giarála, P2R-LR agus ceanglas maoláin cóimheasa giarála G-SII - mar chionr (cóimheas) den LRE, arna miondealú i dtéarmaí chomhdhéanamh an cheanglais.
- e. An leibhéal agus an chaighdeán ionchais a bhaineann leis an P2G agus an P2G-LR i gcomhréir leis an bpróiseas agus na critéir atá sonraithe i rannóg 7.6, nuair a eascraíonn luach dearfach as a gcinneadh, lena n-áirítear:
- i. gach cóimheas cuí cisti dílse a bhfuil tionchar ag P2G orthu (CET1, T1 agus cisti dílse iomlána) agus an ceanglas cóimheasa giarála a bhfuil tionchar ag P2G-LR air, agus nach féidir na cisti dílse a choinnítear chun críocha P2G a úsáid chun aon cheann de na gnéithe den OCR a chomhlíonadh, agus nach féidir P2G-LR a úsáid chun aon cheann de ghnéithe an OLRR a chomhlíonadh;
- ii. na teorainneacha ama ábhartha dá bhunú;
- iii. an t-údarú atá sonrach don institiúid do shocrú na treorach agus príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideadh;
- iv. an fhreagairt mhaoirseachta fhéideartha ar chásanna nuair nach gcomhlíontar P2G agus P2G-LR.
- f. ráiteas maidir leis an leachtacht atá á coinneáil agus le haon riachtanais leachtachta sonracha a leagann an t-údarás inniúil síos seachas na cinn atá leagtha síos in Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2015/61 ón gCoimisiún agus in 428b(2) de Rialachán Uimh. 575/2013, lena n-áirítear na cúiseanna atá sonrach maidir leis an institiúid leis na ceanglais seo;
- g. más iomchuí, ráiteas ar bhearta maoirseachta eile, cibé acu atá siad cáilíochtúil nó cainníochtúil, lena n-áirítear aon bhearta luath-idirghabhála atá beartaithe ag an údarás inniúil a dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|