+Airteagal 34 4

Airteagal 34 4

4.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), chun coimeádachas cur chuige i leith ionadach a thástáil, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla de chuir chuige agus cuirfidh siad na céimeanna seo a leanas uile i bhfeidhm san ord seo a leanas i gcás gach cur chuige i leith ionadach:

(a)

é a cheangal ar an institiúid amshraith sampla d’fhachtóirí riosca nach n-úsáidtear ionadaigh ina leith a sholáthar, ar fachtóirí iad, dá n-úsáidfí ionadaigh ina leith, a leanfadh an cur chuige i leith ionadach a bhfuil measúnú á dhéanamh air;

(b)

é a cheangal ar an institiúid an amshraith a sholáthar a d’úsáidfí tríd an gcur chuige i leith ionadach a bhfuil measúnú á dhéanamh air a chur i bhfeidhm ar amshraith na bhfachtóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

i gcás an dá amshraith, luaineachtaí na bhfachtóirí riosca sa tréimhse struis agus sa tréimhse 12 mhí a chuaigh thart a fháil, agus a fhíorú nach ngannmheastar leis an luaineacht a eascraíonn as an amshraith ionadach dá dtagraítear i bpointe (b) an luaineacht a eascraíonn as an amshraith dá dtagraítear i bpointe (a).

Le linn an modh measúnúcháin sin a chur i bhfeidhm, roghnóidh na húdaráis inniúla sampla d’fhachtóirí riosca lena léireofar éagsúlacht cur chuige i leith ionadach, lena n-áirítear, i gcás ina n-úsáidfear iad, samhlacha fachtóirí, neastacháin béite, agus mapáil fachtóirí riosca chuig tagarmharcanna, lena n-áirítear ainmneacha atá ionadaíoch d’earnáil agus réigiún ar leith nó d’innéacsanna ar leith.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.