+Airteagal 4 Athruithe ar ghlanioncam úis na hinstitiúide
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4

Airteagal 4 Athruithe ar ghlanioncam úis na hinstitiúide

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1

1.   Léireoidh institiúidí na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha a leagtar amach in Airteagal 3(2), (3) agus (4) agus (7) go (10) agus an glanioncam úis á ríomh acu. Ina theannta sin, léireoidh institiúidí na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo agus an glanioncam úis á ríomh acu.

Airteagal 4 2

2.   Breithneoidh na hinstitiúidí ioncam úis agus costais úis thar thréimhse bliana ina ríomhanna, beag beann ar aibíocht agus láimhseáil chuntasaíochta na n-ionstraimí ábhartha leabhair neamhthrádála atá íogair ó thaobh ráta úis de.

Airteagal 4 3

3.   Áireoidh institiúidí corrlaigh tráchtála agus comhpháirteanna eile raonta difríochta ina ríomhanna.

Airteagal 4 4

4.   Ríomhfaidh institiúidí an t-athrú ar an nglanioncam úis trí ghlacadh leis go mbeidh clár comhardaithe seasmhach ann, i gcás ina ndéantar a mhéid iomlán agus a chomhdhéanamh, lena n-áirítear ítimí laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, a choinneáil ar bun trí ionstraimí nua a chur in ionad sreafaí airgid atá ag aibiú nó sreafaí airgid athphraghsála, ar ionstraimí iad a bhfuil gnéithe inchomparáide acu maidir le hairgeadra, méid agus tréimhse athfhillte na n-ionstraimí sin lena ngintear na sreafaí airgid athphraghsála. Beidh corrlaigh na n-ionstraimí nua bunaithe ar na corrlaigh ó tháirgí arna gceannach nó arna ndíol le déanaí agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu. I gcás ionstraimí a bhfuil praghsanna margaidh inbhraite acu, úsáidfear na raonta difríochta margaidh is déanaí seachas raonta difríochta margaidh stairiúla.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0856
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.