|
+Airteagal 21 1. |
Airteagal 21 1.Chun a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an Údarás na bearta riaracháin a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, chun a cheangal ar aon eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid na bearta is gá a dhéanamh i gcás:
(a)
ina bhfionntar go bhfuil gníomhartha an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) á sárú ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;
(b)
ina bhfuil tásca leordhóthanacha agus inléirithe ag an Údarás gur dócha go sáróidh an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid gníomhartha an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gur féidir le cur i bhfeidhm birt riaracháin tarlú an tsáraithe a chosc nó an riosca a bhaineann leis a laghdú;
(c)
bunaithe ar chinneadh a bhfuil údar cuí leis ag an Údarás, nach bhfuil na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, lena chionta preideacáide nó le maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid neamhchosanta orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|