+IARSCRÍBHINN IX MODÚL LE hAGHAIDH NA gCUNTAS ÉICEACHÓRAIS

IARSCRÍBHINN IX MODÚL LE hAGHAIDH NA gCUNTAS ÉICEACHÓRAIS




IARSCRÍBHINN IX

MODÚL LE hAGHAIDH NA gCUNTAS ÉICEACHÓRAIS

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le cuntais éiceachórais cuirtear sonraí ar fáil maidir le fairsinge agus riocht na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar. Tá na sonraí ag teacht le CCEC-CE agus tá siad comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 2010.

Úsáideann cuntais éiceachórais faisnéis atá ann cheana nuair is féidir, lena n-áirítear faisnéis ó Fhaire na Cruinne, tuairisciú comhshaoil agus foinsí eile sonraí.

Roinn 2

CUMHDACH

Déantar taifead i gcuntais éiceachórais ar fhairsinge na n-éiceachóras, ar riocht na n-éiceachóras, agus ar shreafaí na seirbhísí éiceachórais.

Is éard atá i bhfairsinge an éiceachórais, méid dhromchla na n-éiceachóras. I gcuntais fairsinge éiceachóras, cumhdaítear éiceachórais talún (lena n-áirítear éiceachórais fionnuisce) agus éiceachórais mhuirí sa chríoch náisiúnta.

Is ionann riocht an éiceachórais agus cáilíocht éiceachórais a thomhaistear i dtéarmaí aibitheacha, bitheacha agus tírdhreacha, de réir chineálacha éiceachórais.

Is éard is seirbhísí éiceachórais ann na tairbhí a chuireann éiceachórais ar fáil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do ghníomhaíochtaí daonna eile. Áirítear leo sin (i) seirbhísí soláthair, (ii) seirbhísí rialála agus cothabhála, agus (iii) seirbhísí cultúir. Le cuntais seirbhísí éiceachórais, déantar taifead ar sholáthar agus úsáid iarbhír na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn na héiceachórais sa chríoch náisiúnta.

Is éard is cuntais théamacha ann cuntais a eagraíonn sonraí de réir téamaí sonracha beartais, cur i gcás an bhithéagsúlacht, an t-athrú aeráide, na haigéin agus ceantair uirbeacha.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais éiceachórais a ullmhú de réir na saintréithe seo a leanas:

1. 

Cuntais fairsinge éiceachóras ina dtaifeadtar an dromchla agus an t-athrú ar an dromchla le haghaidh gach cineáil éiceachórais laistigh den chríoch náisiúnta. Is i mílte heicteár a thuairisceoidh na Ballstáit na cuntais fairsinge éiceachóras.

2. 

Mar chomhpháirt de na cuntais fairsinge éiceachóras, beidh maitrís chomhshóiteachta ina dtaifeadtar comhshónna idir cineálacha éiceachórais idir dhá phointe ama, i heicteáir.

3. 

Cuntais reachta éiceachórais ina dtaifeadtar saintréithe an éiceachórais mar a leanas:

(a) 

i gcás lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile:

— 
déanfar limistéir ghlasa i gcathracha agus i mbailte agus bruachbhailte cóngaracha a thuairisciú i gcéatadán den dromchla iomlán, arna ríomh le haghaidh dromchla iomlán na gcathracha agus na mbailte agus na mbruachbhailte máguaird, lena n-áirítear gach cineál éiceachórais sa limistéar sin;
— 
tuairisceofar tiúchan ábhair cháithnínigh, a bhfuil trastomhas suas le 2,5 μm aige i gcathracha, in μg/m3 mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
(b) 

i gcás talamh curaíochta:

— 
déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtonna/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
(c) 

i gcás féarthalaimh:

— 
déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtonna/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
(d) 

i gcás talamh curaíochta agus féarthalamh le chéile:

— 
déanfar innéacs éanlaithe coiteann talaimh feirme a thuairisciú mar innéacs comhiomlán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
(e) 

i gcás foraoise agus coillearnaí:

— 
déanfar adhmad marbh a thuairisciú i m3/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
— 
déanfar dlús cumhdaigh na gcrann a thuairisciú i gcéatadán, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
— 
innéacs na n-éan coiteann foraoise; leis an innéacs éan foraoise, tugtar tuairisc ar threochtaí i líonmhaireacht na n-éan coiteann foraoise ar fud a réimsí Eorpacha in imeacht ama; is innéacs ilchodach é a cruthaíodh ó shonraí breathnóireachta ar speicis éan saintréitheach ghnáthóga foraoise na hEorpa; tá an t-innéacs bunaithe ar liosta sonrach speiceas i ngach Ballstát;
(f) 

i gcás tránna, dumhcha agus bogach cois cósta:

— 
maidir leis sciar dromchla an chumhdaigh neamh-thréscaoiltigh shaorga sa limistéar cósta lena n-áirítear tránna, dumhcha agus bogaigh cósta de chineál éiceachórais, déanfar é a thuairisciú i gcéatadán mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

Is aonaid riaracháin áitiúla iad cathracha, bailte agus bruachbhailte, agus iad á n-aicmiú de réir leibhéal na típeolaíochta uirbiúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2391 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).

4. 

Cuntais seirbhísí éiceachórais ina dtaifeadtar soláthar agus úsáid seirbhísí éiceachórais i dtáblaí soláthair agus úsáide. Sa tábla soláthair, déanfar taifead ar sholáthar seirbhísí éiceachórais ó na héiceachórais go dtí na córais shocheacnamaíocha. Déanfar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an chineáil úsáide a shainmhínítear i Roinn 5 a thaifeadadh sa tábla úsáide.

Tuairisceofar na táblaí soláthair agus úsáide sna haonaid fhisiceacha seo a leanas.

(a) 

Seirbhísí soláthair

— 
Sainmhínítear “soláthar barr” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le fás plandaí arna neasú le méid na mbarr arna mbuain i gcás úsáidí éagsúla. Áirítear leis sin táirgeadh bia agus snáithíní, farae agus fuinneamh, agus bithmhais innilte, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Tábla A, Ranna 1.1 agus 1.2.
— 
Sainmhínítear “pailniú” mar an méid a chuireann pailneoirí fiáine le táirgeadh na mbarr dá dtagraítear sa chead fhleasc. Déanfar an rannchuidiú a thuairisciú i dtonnaí de bharra atá spleách ar phailneoirí agus is féidir a chur i leith pailneoirí fiáine, de réir an chineáil bairr i gcás na bpríomhchineál barr atá spleách ar phailneoirí, lena n-áirítear crainn torthaí, caora, trátaí, olashíolta agus “eile”.
— 
Sainmhínítear “soláthar adhmaid” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le fás crann agus bithmhais adhmaid eile agus déanfar é a thuairisciú mar ghlan-incrimint in adhmad lena choirt, i mílte m3, de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VII.
(b) 

Seirbhísí rialála agus cothabhála

— 
Sainmhínítear “scagachán aeir” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le truailleáin aeriompartha a scagadh trí truailleáin a bheith á ndeascadh, á nglacadh, á socrú agus á stóráil ag comhpháirteanna éiceachórais (go háirithe crainn). Maolaíonn sé sin éifeachtaí díobhálacha na dtruailleán. Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtonnaí ábhair cháithnínigh arna n-asú.
— 
Sainmhínítear “rialú domhanda na haeráide” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le tiúchain na ngás ceaptha teasa san atmaisféar a laghdú trí charbón a bhaint (glan-cheapadh) ón atmaisféar agus trí charbón a choinneáil (stóráil) in éiceachórais. Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtéarmaí tonnaí glan-cheaptha carbóin agus tonnaí de charbón orgánach atá stóráilte in éiceachórais talún, lena n-áirítear os cionn an talaimh agus stoc faoi thalamh.
— 
Sainmhínítear “rialú áitiúil na haeráide” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le rialú dálaí timpeallachta atmaisféaracha i limistéir uirbeacha trí fhásra a fheabhsaíonn dálaí maireachtála daoine agus a thacaíonn le táirgeadh eacnamaíoch. Sloinnfear agus tuairisceofar é mar an laghdú ar an teocht i gcathracha, a bhuí le héifeacht an fhásra uirbigh, i gcéimeanna Celsius ar laethanta os cionn 25 chéim Celsius.
(c) 

Seirbhísí cultúir

— 
Sainmhínítear “seirbhísí turasóireachta dúlra-bhunaithe” mar rannchuidiú an éiceachórais, go háirithe trí shaintréithe agus trí cháilíochtaí bithfhisice na n-éiceachóras, a chuireann ar chumas daoine leas a bhaint as an gcomhshaol agus taitneamh a bhaint as trí idirghníomhaíochtaí díreacha, in situ, fisiceacha agus taithíocha leis an gcomhshaol. Déanfar na rannchuidithe sin a thuairisciú i líon na bhfanachtaí thar oíche in óstáin, i mbrúnna, i láithreacha campála, etc. is féidir a chur i leith cuairteanna ar éiceachórais.
5. 

Úsáidfear an tábla seo a leanas de chineálacha éiceachórais sna cuntais éiceachórais:



Catagóir

Cineál éiceachórais

1

Lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile

2

Talamh curaíochta

3

Féarthalamh (féaraigh, féarthalamh leathnádúrtha agus nádúrtha)

4

Foraois agus coillearnach

5

Fraochmhánna agus tor

6

Éiceachórais fásra scáinte

7

Bogaigh intíre

8

Aibhneacha agus canálacha

9

Lochanna agus taiscumair

10

Ionraoin mhuirí agus uiscí trasdultacha

11

Tránna, dumhcha agus bogaigh cois cósta

12

Éiceachórais mhuirí (uiscí cósta, uiscí scairbhe agus aigéan oscailte)

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur:

— 
gach 3 bliana le haghaidh cuntais fairsinge éiceachóras agus cuntais reachta éiceachórais; déanfar tagairt sna sonraí do mheán ionadaíoch le haghaidh na bliana tagartha, agus don mhaitrís chomhshóiteachta a léiríonn an t-athrú sna 3 bliana idir 2 bhliain tagartha;
— 
ar bhonn bliantúil, ar choinníoll go gcuireann an Coimisiún (Eurostat) uirlisí samhaltúcáin ar fáil chun seirbhísí éiceachórais a ríomh le haghaidh cuntais seirbhísí éiceachórais. in éagmais na n-uirlisí sin, gach 3 bliana i dtaca le cuntais seirbhísí éiceachórais.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú.

4. Is é 2024 an chéad bhliain tagartha. I gcás na maitríse comhshóiteachta, is é 2027 an chéad bhliain tagartha.

5. Sa chéad tarchur sonraí, is in aonaid fhisiceacha a áireoidh na Ballstáit sonraí ó 2024 maidir le cuntais fairsinge agus cuntais reachta agus maidir le táblaí soláthair agus úsáide i dtaca le seirbhísí éiceachórais. A mhéid a bhaineann leis an maitrís comhshóiteachta, léireoidh na sonraí na hathruithe idir 2024 agus 2027.

6. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí cuntas seirbhísí, fairsinge agus reachta éiceachóras le haghaidh na mblianta n-3 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair ó 2024 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2024 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. Cuntais fairsinge éiceachóras: maidir le gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí sa chéad tarchur le haghaidh na chéad bhliana tagartha. I gcás gach tarchuir sonraí ina dhiaidh sin, déanfar na sonraí a thuairisciú mar a leanas:

— 
fairsinge sa bhliain tagartha roimhe sin;
— 
méaduithe;
— 
laghduithe;
— 
fairsinge sa bhliain tagartha reatha.

Tuairisceoidh an mhaitrís chomhshóiteachta idir gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3 idir an bhliain tagartha roimhe sin agus an bhliain tagartha reatha.

2. Cuntais seirbhísí éiceachórais: le haghaidh cuntais seirbhísí éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí i dtáblaí soláthair agus úsáide mar a leanas:

(a) 

tábla soláthair ina dtaifeadtar soláthar bliantúil na seirbhísí dá dtagraítear i Roinn 3 de réir gach cineáil éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, ach amháin catagóirí 10 agus 12;

(b) 

tábla úsáide ina dtaifeadtar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an mhiondealaithe seo a leanas:

— 
tomhaltas idirmheánach na dtionscal;
— 
tomhaltas deiridh an rialtais;
— 
tomhaltas deiridh teaghlach;
— 
foirmiú ollchaipitil;
— 
onnmhairí.

3. Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát sonraí a thuairisciú más rud é nach mó a dhromchla talún iomlán ná 0,3  % de dhromchla talún iomlán an Aontais.

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.