+Airteagal 10 Malgam fiaclóireachta
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 2a.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
|
Airteagal 10 Malgam fiaclóireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Ón 1 Eanáir 2019,ní úsáidfear malgam fiaclóireachta ach i bhfoirm réamhdháileoige capsúil. Toirmiscfear mearcair a bheith á úsáid i mbulc ag na cleachtóirí fiaclóireachta.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Ón 1 Iúil 2018, ní bheidh malgam fiaclóireachta á úsáid le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhiúlfhiacla, do leanaí faoi 15 bliana agus do mná atá torrach nó do mhná atá ag cothú an linbh ar an gcíoch ach amháin ná mheasann an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis ar bhonn riachtanais shonracha leighis an othair.
|
|
Airteagal 10 2a.
|
Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní úsáidfear malgam fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta san Aontas, ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair. Agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sheachadadh, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír, i mBallstáit inarb é malgam fiaclóireachta an t-aon ábhar a aisíoctar go poiblí ar ráta 90 % ar a laghad faoin dlí náisiúnta d’othair nach bhfuil incháilithe d’ábhair aisíoctha eile de líonadh fiaclóireachta agus do dhaoine ar ioncam íseal a mbeidh tionchar díréireach socheacnamaíoch acu faoi dháta céimnithe amach an 1 Eanáir 2025, féadfar malgam fiaclóireachta a úsáid le haghaidh cóireáil fiaclóireachta go dtí an 30 Meitheamh 2026. Déanfaidh na Ballstáit a sholáthar agus a chur ar fáil go poiblí mínithe réasúnaithe maidir le húsáid a bhaint as an maolú seo, lena n-áirítear na bearta iomchuí atá le cur chun feidhme faoin 30 Meitheamh 2026, agus tabharfaidh siad fógra ina leith don Choimisiún faoin 31 Lúnasa 2024.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Faoin 1 Iúil 2019, leagfaidh gach Ballstát plean naisiúnta amach maidir leis na bearta atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach. Cuirfidh na Ballstáit a gcuid pleananna náisiúnta ar fáil ar an idirlíon don phobal agus déanfaidh siad iad a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta a nglactha.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Ón 1 Eanáir 2019, déanfaidh oibreoirí saoráidí fiaclóireachta ina n-úsáidtear malgam fiaclóireachta nó ina mbaintear líontaí malgaim fiaclóireachta nó fiacla ina bhfuil na líontaí sin a áirithiú go mbeidh deighilteoirí malgaim curtha ar fáil chun cáithní malgaim a choimeád agus a bhailiú, lena n-áirítear iad siúd atá in uisce úsáidte. Áiritheoidh na hoibreoirí go ndéanfaidh:
(a)
deighilteoirí malgam a chuirfear i seirbhís ón 1 Eanáir 2018 leibhéal coinneála de 95 % ar a laghad de na cáithní malgaim;
(b)
gach deighilteoir a bheidh in úsáid an leibhéal coinneála a shonraítear i bpointe (a) a áirithiú, ón 1 Eanáir 2021.
Déanfar deighilteoirí malgam a chothabháil i gcomhréir le treoracha an mhonaróra chun an leibhéal coinneála is fearr is féidir a áirithiú.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Maidir le capsúil agus deighilteoirí malgaim a chomhlíonann caighdeáin Eorpacha, nó caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile a dhéanann leibhéal coibhéiseach cáilíochta agus coinneála a sholáthar, glacfar leis go gcomhlíonann siad an ceanglas a leagtar amach i mír 1 agus mír 4.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Déanfaidh cleachtóirí fiaclóireachta a áirithiú go ndéanfaidh bunaíocht nó gnóthas údaraithe um bainistiú dramhaíola a ndramhaíl mhalgaim, lena n-áirítear iarmhair, cáithní agus líontaí malgaim mar aon le fiacla, nó codanna d'fhiacla, atá éillithe ag malgam fiaclóireachta, a láimhseáil agus a bhailiú. Ní dhéanfaidh cleachtóirí fiaclóireachta an dramhaíl mhalgaim sin a scaoileadh isteach go díreach nó go hindíreach sa chomhshaol in imthosca ar bith.
|
|
Airteagal 10 7.
|
Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar mhalgam fiaclóireachta a onnmhairiú. Ón 1 Iúil 2026, ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar mhalgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú. De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, ligfear malgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú le haghaidh na riachtanas sonrach liachta dá dtagraítear i mír 2a, an chéad fhomhír.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|