+Airteagal 12 Meastóireacht agus athbhreithniú
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
|
Airteagal 12 Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 26 Meitheamh 2028, meastóireacht ar an Rialachán seo. Beidh an mheastóireacht bunaithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
an taithí a fuarthas ón Rialachán seo a chur chun feidhme;
|
|
(b)
|
na tacair sonraí arna gcur ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus an forléargas uile-Aontais arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 11(3);
|
|
(c)
|
sonraí eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha ábhartha;
|
|
(d)
|
eolas teicniúil agus eolaíochta;
|
|
(e)
|
moltaí ó EDS, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nó treoraíocht idirnáisiúnta eile nó caighdeáin ISO.
|
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Agus an mheastóireacht á déanamh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na gnéithe seo a leanas:
|
(a)
|
na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
|
|
(c)
|
na ceanglais bhreise arna leagan síos ag na húdaráis inniúla de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3);
|
|
(d)
|
tionchar na hathúsáide uisce ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe, lena n-áirítear tionchar na substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad.
|
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Mar chuid den mheastóireacht, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an indéantacht maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig uisce athshlánaithe a bheartaítear le húsáidí sonracha eile, lena n-áirítear é a athúsáid chun críoch tionsclaíoch;
|
|
(b)
|
ceanglais an Rialacháin seo a leathnú chun úsáid indíreach fuíolluisce chóireáilte a chumhdach.
|
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta nó aon uair a éilítear é le heolas nua teicneolaíoch agus eolaíoch, féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na híoscheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. I gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0741
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|