+IARSCRÍBHINN X ACMHAINNEACHT MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ

IARSCRÍBHINN X ACMHAINNEACHT MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ




IARSCRÍBHINN X

ACMHAINNEACHT MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ

Áireofar sa mheasúnú cuimsitheach ar an acmhainneacht náisiúnta téimh agus fuaraithe dá dtagraítear in Airteagal 25(1) na nithe seo a leanas agus beidh sé bunaithe orthu sin:

Cuid I

FORBHREATHNÚ AR THÉAMH AGUS AR FHUARÚ

1. éileamh ar théamh agus ar fhuarú i dtéarmaí fuinneamh úsáideach a ndéantar measúnú air ( 20 ) agus tomhaltas deiridh cainníochtaithe fuinnimh in GWh in aghaidh na bliana ( 21 ) de réir na hearnála seo a leanas:

(a) 

an earnáil chónaithe;

(b) 

an earnáil seirbhísí;

(c) 

earnáil na tionsclaíochta;

(d) 

aon earnáil eile a tomhlaíonn níos mó ná 5 % den éileamh iomlán náisiúnta úsáideach téimh agus fuaraithe;

2. sainaithint, nó i gcás phointe (a)(i), sainaithint nó meastachán an tsoláthair téimh agus fuaraithe atá ann faoi láthair:

(a) 

trí theicneolaíocht, in GWh in aghaidh na bliana ( 22 ), laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear i bpointe 1, i gcás inar féidir, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite:

(i) 

arna soláthar ar an láthair i suíomhanna cónaithe agus seirbhíse trí bhíthin na nithe seo a leanas:

— 
coirí a ghineann teas agus sin amháin;
— 
comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;
— 
teaschaidéil;
— 
teicneolaíochtaí agus foinsí eile ar an láthair;
(ii) 

arna soláthar ar an láthair i suíomhanna neamhsheirbhíse agus neamhchónaithe trí bhíthin na nithe seo a leanas:

— 
coirí a ghineann teas agus sin amháin;
— 
comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;
— 
teaschaidéil;
— 
teicneolaíochtaí agus foinsí eile ar an láthair;
(iii) 

arna soláthar lasmuigh den láthair trí bhíthin na nithe seo a leanas:

— 
comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;
— 
dramhtheas;
— 
teicneolaíochtaí agus foinsí eile lasmuigh den láthair;
(b) 

suiteálacha a ghineann dramhtheas nó dramhfhuacht agus an soláthar téimh nó fuaraithe a d’fhéadfadh a bheith acu in GWh in aghaidh na bliana a shainaithint:

(i) 

suiteálacha giniúna cumhachta teirmí lenar féidir dramhtheas a sholáthar nó is féidir a iarfheistiú chun dramhtheas a sholáthar agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 50 MW;

(ii) 

suiteálacha comhghiniúna teasa agus cumhachta a úsáideann teicneolaíochtaí dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW;

(iii) 

gléasraí loiscthe dramhaíola;

(iv) 

suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW seachas na suiteálacha a shonraítear faoi phointí (i) agus (ii) a ghineann téamh nó fuarú trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid;

(v) 

suiteálacha tionsclaíocha a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW agus ar féidir dramhtheas a sholáthar leo;

(c) 

sciar tuairiscithe an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas nó ó dhramhfhuacht sa thomhaltas fuinnimh deiridh san earnáil téimh agus fuaraithe ceantair ( 23 ) le 5 bliana anuas, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001;

3. sonraí comhiomlánaithe maidir le haonaid chomhghiniúna i líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana i gcúig raon acmhainneachta lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

(a) 

tomhaltas fuinnimh phríomhúil;

(b) 

éifeachtúlacht fhoriomlán;

(c) 

coigilteas fuinnimh phríomhúil;

(d) 

fachtóirí astaíochta CO2;

4. sonraí comhiomlánaithe maidir le líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana agus a sholáthraítear ó chomhghiniúint i gcúig raon acmhainneachta lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

(a) 

tomhaltas fuinnimh phríomhúil foriomlán;

(b) 

tomhaltas fuinnimh phríomhúil aonad comhghiniúna;

(c) 

sciar na comhghiniúna i soláthar téimh nó fuaraithe ceantair;

(d) 

caillteanais an chórais téimh ceantair;

(e) 

caillteanais an chórais fuaraithe ceantair;

(f) 

dlús nasctha;

(g) 

sciartha na gcóras in aghaidh grúpaí teochta oibriúcháin éagsúla;

5. léarscáil lena gcumhdaítear an chríoch náisiúnta iomlán lena sainaithnítear na nithe seo a leanas, agus an fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú san am céanna:

(a) 

réimsí éilimh téimh agus fuaraithe a eascraíonn as an anailís ar phointe 1, agus critéir chomhsheasmhacha á n-úsáid chun díriú ar cheantair dhlúthfhuinnimh i mbardais agus i gceirtleáin uirbeacha;

(b) 

pointí soláthair téimh agus fuaraithe atá ann cheana a shainaithnítear faoi phointe 2(b) agus suiteálacha tarchuir téimh ceantair;

(c) 

pointí soláthair téimh agus fuaraithe beartaithe den chineál a dtugtar tuairisc air faoi phointe 2(b) agus limistéir nua sainaitheanta le haghaidh an téimh agus fuaraithe ceantair;

6. réamhaisnéis ar threochtaí maidir leis an éileamh ar théamh agus ar fhuarú chun peirspictíocht na 30 bliana atá amach romhainn in GWh a choinneáil ar bun agus aird á tabhairt go háirithe ar réamh-mheastacháin do na 10 mbliana atá amach romhainn, an t-athrú ar an éileamh i bhfoirgnimh agus in earnálacha difriúla den tionscal, agus tionchar na mbeartas agus na straitéisí a bhaineann le bainistiú éilimh, amhail straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i bhfoirgnimh faoi Threoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 );

Cuid II

CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS

7. rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit maidir lena chuspóirí náisiúnta, lena spriocanna náisiúnta agus lena rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1999, a bhainfear amach trí éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú, go háirithe a bhaineann le hAirteagal 4, pointe (b), pointí 1 go 4 agus le hAirteagal 15(4), pointe (b), den Rialachán sin, lena sainaithnítear cé acu de na heilimintí sin atá sa bhreis i gcomparáid leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin;

8. forbhreathnú ginearálta ar na beartais agus na bearta atá ann cheana mar a thuairiscítear iad sa tuarascáil is déanaí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagail 3, 20 agus 21 agus Airteagal 27(a) de Rialachán (AE) 2018/1999;

Cuid III

ANAILÍS AR AN ACMHAINNEACHT EACNAMAÍOCH MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ

9. déanfar anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch ( 25 ) teicneolaíochtaí difriúla téimh agus fuaraithe don chríoch náisiúnta iomlán trí úsáid a bhaint as an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus sainaithneofar inti cásanna malartacha le haghaidh teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe níos éifeachtúla agus in-athnuaite, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite i gcás inarb infheidhme.

Ba cheart na teicneolaíochtaí seo a leanas a mheas:

(a) 

dramhtheas tionsclaíoch agus dramhfhuacht thionsclaíoch;

(b) 

loscadh dramhaíola;

(c) 

comhghiniúint ardéifeachtach;

(d) 

foinsí in-athnuaite fuinnimh amhail fuinneamh geoiteirmeach, grianfhuinneamh teirmeach agus bithmhais seachas iad sin a úsáidtear le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtach;

(e) 

teaschaidéil;

(f) 

caillteanais teasa agus fuachta ó líonraí ceantair atá ann cheana a laghdú;

(g) 

téamh agus fuarú ceantair;

10. áireofar san anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch na céimeanna agus na breithnithe seo a leanas:

(a) 

Breithnithe:

(i) 

áireofar san anailís costais is tairbhe chun críocha Airteagal 25(3) anailís eacnamaíoch ina gcuirtear tosca socheacnamaíocha agus comhshaoil ( 26 ) san áireamh, agus anailís airgeadais a dhéanfar chun tionscadail a mheasúnú ó thaobh na n-infheisteoirí de, anailísí eacnamaíocha agus airgeadais araon agus úsáid á baint as an nglanluach reatha mar chritéar don mheasúnú;

(ii) 

ba cheart an cás bunlíne a bheith mar phointe tagartha agus beartais atá ann cheana tráth a dtiomsaítear an measúnú cuimsitheach ( 27 ) sin a chur san áireamh ann, agus ba cheart é a bheith nasctha le sonraí arna mbailiú faoi Chuid I agus Chuid II, pointe 6, den Iarscríbhinn seo;

(iii) 

le cásanna malartacha ar an mbonnlíne, cuirfear san áireamh éifeachtúlacht fuinnimh agus cuspóirí an fhuinnimh in-athnuaite i Rialachán (AE) 2018/1999, i ngach cás ina léirítear na heilimintí seo a leanas i gcomparáid leis an gcás bunlíne:

— 
acmhainneacht eacnamaíoch na dteicneolaíochtaí a ndéantar scrúdú orthu trí úsáid a bhaint as an nglanluach láithreach mar chritéar;
— 
laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
— 
an coigilteas fuinnimh phríomhúil in GWh in aghaidh na bliana;
— 
an tionchar ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh sa mheascán náisiúnta fuinnimh.

Féadfar cásanna nach bhfuil indéanta ar chúiseanna teicniúla, cúiseanna airgeadais nó mar gheall ar rialachán náisiúnta a eisiamh go luath san anailís costais is tairbhe, má tá údar cuí leis sin bunaithe ar bhreithnithe atá cúramach, sainráite agus dea-dhoiciméadaithe.

Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú agus sa chinnteoireacht costais agus coigilteas fuinnimh de bhíthin solúbthacht mhéadaithe i dtaobh an tsoláthair fuinnimh agus de bhíthin fheidhmiú barrmhaith na líonraí leictreachais, lena n-áirítear na costais agus an coigilteas a seachnaíodh a bhuí le hinfheistíocht laghdaithe sa bhonneagar, sna cásanna a ndéantar anailís orthu.

(b) 

Costais agus sochair

Áireofar na costais agus na tairbhí seo a leanas ar a laghad sna costais agus sna tairbhí dá dtagraítear i bpointe (a):

(i) 

costais:

— 
costais chaipitiúla gléasra agus trealamh;
— 
costais chaipitiúla na líonraí fuinnimh gaolmhara;
— 
costais oibriúcháin athraitheacha agus sheasta;
— 
costais fuinnimh;
— 
costais chomhshaoil, sláinte agus sábháilteachta a mhéid is féidir;
— 
costais mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir.
(ii) 

sochair:

— 
luach aschuir don tomhaltóir (téamh, fuarú agus leictreachas);
— 
tairbhí seachtracha amhail tairbhí comhshaoil, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus sláinte agus sábháilteachta, a mhéid is féidir;
— 
iarmhairtí ar mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir.
(c) 

Cásanna ábhartha maidir leis an mbunlíne:

Déanfar gach cás ábhartha a ghabhann leis an mbunlíne a mheas, lena n-áirítear ról an téimh agus an fhuaraithe aonair éifeachtúil. Féadfar measúnú tionscadail nó grúpa tionscadal do mheasúnú áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta níos leithne a chumhdach leis an anailís costais is tairbhe chun an réiteach téimh nó fuaraithe is cost-éifeachtaí agus is tairbhiúla a bhunú in aghaidh bunlíne do limistéar geografach ar leith chun críche pleanála.

(d) 

Teorainneacha agus cur chuige comhtháite:

(i) 

cumhdófar leis an teorainn gheografach limistéar geografach dea-shainithe a bheidh oiriúnach;

(ii) 

cuirfear san áireamh sna hanailísí costais is tairbhe na hacmhainní soláthair láraithe nó díláraithe ábhartha uile atá ar fáil laistigh den chóras agus teorainn gheografach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí a mheastar faoi phointe 9 de Chuid III den Iarscríbhinn seo, agus treochtaí agus saintréithe an éilimh ar théamh agus ar fhuarú.

(e) 

Toimhdí:

(i) 

soláthróidh na Ballstáit toimhdí, chun críoch na n-anailísí costais is tairbhe, maidir le praghsanna na bpríomhfhachtóirí ionchuir agus aschuir agus an ráta lascaine;

(ii) 

roghnófar an ráta lascaine arna úsáid san anailís eacnamaíoch chun an glanluach láithreach a ríomh de réir treoirlínte Eorpacha nó náisiúnta;

(iii) 

bainfidh na Ballstáit úsáid as réamhaisnéisí ar fhorbairt praghsanna fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, más iomchuí, ina gcomhthéacs náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

(iv) 

na praghsanna a úsáidfear san anailís eacnamaíoch, léireoidh siad na costais agus na sochair shocheacnamaíocha. Ba cheart costais sheachtracha, amhail éifeachtaí ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte, a áireamh a mhéid is féidir, eadhon nuair is ann do phraghas margaidh nó nuair atá sé san áireamh cheana féin i rialachán Eorpach nó náisiúnta.

(f) 

Anailís íogaireachta: áireofar anailís íogaireachta chun costais agus tairbhí tionscadail nó grúpa tionscadal a mheasúnú agus beidh sí bunaithe ar fhachtóirí athraitheacha a bhfuil tionchar suntasach acu ar thoradh na ríomhanna, amhail praghsanna éagsúla fuinnimh, leibhéil éilimh, rátaí lascaine agus eile.

Cuid IV

CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS NUA FÉIDEARTHA

11. forbhreathnú ar bhearta beartais reachtacha agus neamhreachtacha nua ( 28 ) chun an acmhainneacht eacnamaíoch arna sainaithint i gcomhréir le pointí 9 agus 10 a bhaint amach, mar aon le réamhaisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(b) 

an coigilteas fuinnimh phríomhúil in GWh in aghaidh na bliana;

(c) 

an tionchar ar sciar na comhghiniúna ardéifeachtaí;

(d) 

an tionchar ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh sa mheascán náisiúnta fuinnimh agus san earnáil téimh agus fuaraithe;

(e) 

naisc le clárú airgeadais náisiúnta agus coigilteas costais don bhuiséad poiblí agus do rannpháirtithe sa mhargadh;

(f) 

bearta measta tacaíochta poiblí, más ann dóibh, lena mbuiséad bliantúil agus sainaithint na comhchoda cabhraí a d’fhéadfadh a bheith ann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.