+IARSCRÍBHINN I
|
IARSCRÍBHINN I
IARSCRÍBHINN I
▼M3
|
Colún 1
Ainmniú na substainte nó an ghrúpa substaintí
|
Colún 2
Coinníollacha an tsrianta
|
|
1. Mearcair Uimh. CAS. 7439-97-6 Uimh. CE 231-106-7 agus a chomhdhúile
|
Ní bheidh níos mó ná 0,0005 % de mhearcair (arna shloinneadh mar mhiotal mearcair) de réir meáchain i gceallraí, bídís i láthair nó ionchorpraithe i bhfearais nó ná bíodh, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile nó ná bíodh.
|
|
2. Caidmiam Uimh. CAS 7440-43-9 Uimh. CE 231-152-8 agus a chomhdhúile
|
1. Ní bheidh níos mó ná 0,002 % de chaidmiam (arna shloinneadh mar mhiotal caidmiam) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís i láthair nó ionchorpraithe i bhfearais nó ná bíodh, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile nó ná bíodh.
2. Maidir le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí DSA, atá ionchorpraithe i bhfeithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858, ní bheidh níos mó ná 0,01 % de chaidmiam (arna shloinneadh mar mhiotal caidmiam) de réir meáchain in ábhar aonchineálach iontu.
3. Ní bheidh feidhm ag pointe 2 maidir le ceallraí feithiclí leictreacha arna n-úsáid mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí leictreacha, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858 a chuirtear ar an margadh roimh an 31 Nollaig 2008.
|
|
3. Luaidhe Uimh. CAS 7439-92-1 Uimh. CE 231-100-4 agus a comhdhúile
|
1. Ón 18 Lúnasa 2024, ní bheidh níos mó ná 0,01 % de luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal luaidhe) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís i láthair nó ionchorpraithe i bhfearais nó ná bíodh.
2. Ní bheidh feidhm ag an srian a leagtar amach i bpointe 1 maidir le cnapchealla soghluaiste sinc-aeir go dtí an 18 Lúnasa 2028.
3. Ní bheidh níos mó ná 0,1 % luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal luaidhe) de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gceallraí inaistrithe atá ionchorpraithe i bhfeithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858.
4. Ní bheidh feidhm ag pointe 3 maidir le Ceallraí Inaistrithe atá ionchorpraithe i bhfeithiclí, nó arna n-úsáid mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858, arna gcineálcheadú roimh an 1 Eanáir 2024.
5. Ní bheidh níos mó ná 0,1 % luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal luaidhe) de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gceallraí feithiclí leictreacha atá ionchorpraithe i bhfeithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858.
|
|
|
6. Ní bheidh feidhm ag pointe 5 maidir leis an méid a leanas:
(a) Ceallraí feithiclí leictreacha a úsáidtear i gcórais ardvoltais (2) atá ionchorpraithe i bhfeithiclí de chatagóirí M1 agus N1, nó arna n-úsáid mar pháirt spártha dóibh, i bhfeithiclí de chatagóirí M1 agus N1, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858 agus arna gcineálcheadú roimh an 1 Eanáir 2019;
(b) Ceallraí feithiclí leictreacha nach gcumhdaítear le pointe (a) den phointe seo atá ionchorpraithe i bhfeithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 nó arna n-úsáid mar pháirt spártha dóibh, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858, agus arna gcineálcheadú roimh an 1 Eanáir 2024.
7. Ní bheidh níos mó ná 0,1 % luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal luaidhe) de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gceallraí DSA atá ionchorpraithe i bhfeithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858.
|
|
|
8. Ní bheidh feidhm ag pointe 7 maidir leis an méid a leanas:
(a) ceallraí DSA arna n-úsáid i bhfeidhmeanna 12 V le haghaidh feithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858. (3)
(b) ceallraí DSA arna n-úsáid i bhfeidhmeanna 24 V i bhfeithiclí sainchuspóireacha de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858. (4)
(c) ceallraí DSA arna n-úsáid i bhfeidhmeanna eile seachas na feidhmeanna sin a chumhdaítear le pointí (a) agus (b) den phointe seo i bhfeithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858 arna gcineálcheadú roimh an 1 Eanáir 2024.
|
|
4. Cróimiam heicsifhiúsach CAS Uimh 18540-29-9EC Uimh. 606-053-1 agus a chomhdhúile
|
Na ceallraí atá ionchorpraithe i bhfeithiclí, lena n-áirítear feithiclí sainchuspóireacha, de chatagóirí M1 agus N1 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/858, ní bheidh níos mó ná 0,1 % de chróimiam heicsifhiúsach iontu, arna chur in iúl mar mhiotal cróimiam heicsifhiúsach, de réir meáchain in ábhar aonchineálach.
|
(1)
Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/35/oj).
(2)
Córais ag a bhfuil voltas > 75 V DC dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
(3)
Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2030.
(4)
Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2030.
|
▼B
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|