|
+IARSCRÍBHINN VIII |
IARSCRÍBHINN VIII
IARSCRÍBHINN VIII NÓSANNA IMEACHTA MEASÚNAITHE COMHRÉIREACHTA Cuid A MODÚL A – RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE 1. Tuairisc ar an modúl Is é atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta measúnaithe comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir faoina fhreagracht féin go gcomhlíonann na ceallraí lena mbaineann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 a bhaineann leo. 2. Doiciméadacht theicniúil Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Fágfaidh an doiciméadacht go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 agus áireofar leis anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh, i gcás inar infheidhme, sa doiciméadacht theicniúil:
(a)
tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus a úsáid bheartaithe;
(b)
líníochtaí den dearadh coincheapúil agus líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha, agus ciorcaid;
(c)
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;
(d)
sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;
(e)
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear léiriú ar na codanna de a cuireadh i bhfeidhm, liosta de na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear léiriú ar na codanna de a cuireadh i bhfeidhm, agus liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríofa;
(f)
i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe agus na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear i bpointe (e) i bhfeidhm nó nach bhfuil siad ar fáil, tuairisc ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6, 9, 10, 12, 13 agus 14 a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú;
(g)
torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh, agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh; agus
(h)
na tuarascálacha tástála. 3. Monaraíocht Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraíochta agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go gcomhlíonann na ceallraí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1. 4. Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach ceallra aonair a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an cheallra, ar an bpacáistíocht agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra. Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail cheallra faoi seach a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an tsamhail cheallra dár tarraingíodh suas é. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin. 5. Ionadaí údaraithe an mhonaróra Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4 a chomhlíonadh, thar ceann agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú. Cuid B MODÚL D1 - DEARBHÚ CÁILÍOCHTA AN PHRÓISIS TÁIRGTHE 1. Tuairisc ar an modúl Is é atá i gceist le dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe an nós imeachta measúnaithe comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 4 agus 7, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir faoin bhfreagracht aonair atá orthu, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis an Rialachán seo, go gcomhlíonann na ceallraí lena mbaineann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8, nó, de rogha an mhonaróra, na ceanglais uile is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14. 2. Doiciméadacht theicniúil Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1, agus beidh ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa doiciméadacht theicniúil, nuair is infheidhme:
(a)
tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus ar a úsáid bheartaithe;
(b)
na líníochtaí den dearadh coincheapúil agus na líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha agus ciorcaid;
(c)
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;
(d)
sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;
(e)
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm, agus, i gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm go páirteach, léiriú ar cé na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;
(f)
liosta de shonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríofa agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14 a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú, i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, i bhfeidhm nó nach bhfuil fáil orthu;
(g)
torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh, agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh;
(h)
staidéar lena dtacaítear le luachanna loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus leis an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír, pointe (a), agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin;
(i)
staidéar lena dtacaítear le sciar ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 8(1), an dara fomhír, agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin; agus
(j)
na tuarascálacha tástála. 3. Infhaighteacht na doiciméadachta teicniúla Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh. 4. Monaraíocht Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le táirgeadh, le cigireacht ar an táirge deiridh agus le tástáil na gceallraí lena mbaineann de réir mar a shonraítear i bpointe 5 é, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 6 é. 5. Córas cáilíochta 1. Taiscfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta lena rogha comhlachta faoina dtugtar fógra, do na ceallraí lena mbaineann. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
(a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má thaisceann ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh freisin;
(b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;
(c)
gach faisnéis is ábhartha don chatagóir cheallra atá beartaithe;
(d)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;
(e)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2. 2. Áiritheofar leis an gcóras cáilíochta go gcomhlíonann na ceallraí na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14. Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus ordúil trí bhíthin beartais, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Le doiciméadacht an chórais cáilíochta, beifear in ann léiriú comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta. I ndoiciméadacht an chórais cháilíochta, beidh tuairisc leordhóthanach ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
cuspóirí cáilíochta agus struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí an lucht bainistíochta maidir le cáilíocht táirge;
(b)
na nósanna imeachta maidir le doiciméadú agus faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair agus ar na sonraí is gá chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh agus a nuashonrú;
(c)
na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear i dtaca le monaraíocht, le rialú cáilíochta agus le dearbhú cáilíochta;
(d)
na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha a dhéanfar roimh an monaraíocht, lena linn agus ina diaidh agus cé chomh minic is a dhéanfar iad;
(e)
na taifid ar cháilíocht, amhail tuarascálacha cigireachta agus ríomh, tomhas agus sonraí tástála, sonraí calabraithe, tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann;
(f)
na modhanna faireacháin ar ghnóthú cháilíocht an táirge a éilítear agus ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta. 3. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 5.2. Glacfaidh an comhlacht leis go gcomhlíontar na ceanglais sin maidir leis na heilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe iomchuí. Sa bhreis ar thaithí ar chórais bainistithe cáilíochta, beidh ag an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad a bhfuil taithí aige nó aici ar mheastóireacht i réimse an táirge ábhartha agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus eolas ar na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14. Mar chuid den iniúchóireacht, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta na doiciméid theicniúla dá dtagraítear i bpointe 2 chun cumas an mhonaróra a fhíorú i dtaca leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus in Airteagail 12, 13 agus 14 a shainaithint agus na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ceallra na ceanglais sin. Seiceálfaidh an fhoireann iniúchóireachta iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh chomh maith le cur chun feidhme cuí na modheolaíochta ríomha ábhartha. Tar éis measúnú a dhéanamh ar an gcóras cáilíochta, tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra maidir lena chinneadh don mhonaróir. Sonrófar conclúidí na hiniúchóireachta agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin san fhógra. 4. Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí. 5. Coinneoidh an monaróir an comhlacht faoina dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe maidir leis an gcóras cáilíochta. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 5.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá lena athmheasúnú. Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don mhonaróir maidir lena chinneadh. Sonrófar conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh réasúnaithe faoin mheasúnú san fhógra sin. 6. Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra
1.
Is é is cuspóir don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta formheasta.
2.
Tabharfaidh an monaróir, chun críoch measúnachta, cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin monaraithe, iniúchóireachta, tástála agus stórála agus tabharfaidh sé don chomhlacht an fhaisnéis riachtanach go léir, go háirithe:
(a)
doiciméadacht an chórais cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;
(b)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2;
(c)
na taifid ar cháilíocht, amhail tuarascálacha cigireachta agus ríomh, tomhas agus sonraí tástála, sonraí calabraithe agus tuarascálacha ar cháilíocht an phearsanra lena mbaineann.
3.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinníonn an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuireann sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóireachta don mhonaróir. Le linn iniúchtaí den sórt sin, seiceálfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, ar a laghad, iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun sciar an ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7 a ríomh, chomh maith le cur chun feidhme cuí na modheolaíochta ríomha ábhartha.
4.
Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. I rith cuairteanna den sórt sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, más gá, scrúduithe, ríomhanna, tomhais agus tástálacha a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, chun a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú i gceart. Cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil ar fáil don mhonaróir maidir lena chuairt agus, má rinneadh tástálacha, gheobhaidh an monaróir tuarascáil tástála air sin. 7. Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE
1.
Greamóidh an monaróir an mharcáil CE, agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 5.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach ceallra aonair a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an cheallra, ar an bpacáistíocht agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.
2.
Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail cheallra faoi seach a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an tsamhail cheallra dár tarraingíodh suas é. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin. 8. Infhaighteacht doiciméadacht an chórais cáilíochta Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh, an méid a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:
(a)
doiciméadacht an chórais cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 5.2;
(b)
an t-athrú dá dtagraítear i bpointe 5.5, arna fhormheas;
(c)
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 5.5, 6.3 agus 6.4. 9. Oibleagáidí faisnéise an chomhlachta faoina dtugtar fógra Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé ar an eolas an t-údarás sin a thugann fógra faoi, maidir le córais cháilíochta a n-eisítear nó a dtarraingítear siar a gcuid ceadanna, agus cuirfidh sé ar fáil, ar bhonn tréimhsiúil nó ar iarratas, don údarás sin a thugann fógra, liosta de na ceaduithe sin a diúltaíodh do chórais cháilíochta, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian leo ar aon bhealach eile. Déanfaidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra ceaduithe córais cáilíochta atá diúltaithe aige, tarraingthe siar aige, curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar aon bhealach eile orthu, a chur in iúl do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra, agus, arna iarraidh sin, ceaduithe córais cáilíochta a d’eisigh sé. 10. Ionadaí údaraithe an mhonaróra Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3, 5.1, 5.5, 7 agus 8 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú. Cuid C MODÚL G – COMHRÉIREACHT BUNAITHE AR FHÍORÚ AONAID 1. Tuairisc ar an modúl Is é atá i gceist le comhréireacht bunaithe ar fhíorú aonaid an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2, 3 agus 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin bhfreagracht aonair atá air, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil an ceallra lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 4, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8, nó, de rogha an mhonaróra, na ceanglais uile is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14. 2. Doiciméadacht theicniúil 1. Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas agus a chur ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4. Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 agus beidh ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an cheallra. I gcás inarb infheidhme, beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa doiciméadacht theicniúil:
(a)
tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus a úsáid bheartaithe;
(b)
na líníochtaí den dearadh coincheapúil agus na líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha agus ciorcaid;
(c)
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;
(d)
sampla den lipéad a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 13;
(e)
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm, agus, i gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, arna gcur i bhfeidhm go páirteach, léiriú ar cé na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;
(f)
liosta de shonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríomha agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1 a chomhlíonadh nó chun comhréireacht ceallraí leis na ceanglais sin a fhíorú, i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna, nó an dá rud, i bhfeidhm nó nach bhfuil fáil orthu;
(g)
torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh agus na scrúduithe a rinneadh agus an fhianaise theicniúil nó dhoiciméadach a úsáideadh;
(h)
staidéar lena dtacaítear leis na luachanna loirg carbóin agus an aicme loirg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 7(1), an ceathrú fomhír, pointe (a), agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin;
(i)
staidéar lena dtacaítear le sciar ábhair athchúrsáilte dá dtagraítear in Airteagal 8, ina bhfuil na ríomhanna a rinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe de bhun Airteagal 8(1), an dara fomhír, agus an fhianaise agus an fhaisnéis lena gcinntear na sonraí ionchuir do na ríomhanna sin; agus
(j)
na tuarascálacha tástála. 2. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh. 3. Monaraíocht Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraíochta agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go bhfuil an ceallra monaraithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1. 4. Fíorú
1.
Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra, arna roghnú ag an monaróir, scrúduithe, ríomhanna, tomhais agus tástálacha iomchuí, mar a leagtar amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15, sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, nó sa dá rud, nó tástálacha coibhéiseacha, chun comhréireacht an cheallra leis na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1 a sheiceáil, nó cuirfidh sé faoi deara iad a dhéanamh. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin nó sonraíocht chomhchoiteann, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir leis na scrúduithe, na ríomhanna, na tomhais agus na tástálacha is iomchuí a bheidh le déanamh. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe, na ríomhanna, na dtomhas agus na dtástálacha a rinneadh, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den cheallra atá formheasta, nó socróidh sé lena greamú faoina fhreagracht.
2.
Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh. 5. Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE Greamóidh an monaróir an mharcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach ceallra a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis de bharr chineál an cheallra, den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra. Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 18 i gcás gach ceallra agus coinneoidh sé é agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an ceallra dá bhfuil sé tarraingthe suas. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin. 6. Ionadaí údaraithe an mhonaróra Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 2.2, 4.2 agus 5 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|