|
+IARSCRÍBHINN III |
IARSCRÍBHINN III
IARSCRÍBHINN III FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN DODHÉANTACHT A BHAINEANN LE EPOC / EPOC-PR A FHORGHNÍOMHÚ Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ), i gcás nach féidir leis an seolaí an oibleagáid atá air a chomhlíonadh sonraí arna n-iarraidh a chaomhnú faoi EPOC-PR nó iad a thabhairt ar aird faoi EPOC, nó nach féidir leis an spriocdháta sonraithe a chomhlíonadh nó nach dtugann sé na sonraí ar aird go cuimsitheach, ba cheart don seolaí an fhoirm seo a chomhlánú agus a chur ar ais chuig an údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra agus i gcásanna eile más infheidhme, chuig an údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC, gan moill mhíchuí. I gcás inar féidir, caomhnóidh an seolaí na sonraí arna n-iarraidh fiú nuair is gá a thuilleadh faisnéise chun iad a shainaithint go cruinn, ach amháin mura leor an fhaisnéis san EPOC/EPOC-PR chun na críche sin. Más gá soiléirithe ón údarás eisiúna, lorgóidh an seolaí iad, gan moill mhíchuí, tríd an bhfoirm seo a úsáid. CUID A: Deimhniú lena mbaineann Baineann an fhaisnéis seo a leanas le: Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) CUID B: Údarás/údaráis ábhartha An t-údarás eisiúna:… Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna:… An t-údarás bailíochtaithe, más infheidhme:… Uimhir chomhaid an údaráis bailíochtaithe, más infheidhme:… An dáta a eisíodh an EPOC/EPOC-PR:… An dáta a fuarthas an EPOC/EPOC-PR:… An t-údarás forfheidhmiúcháin, más infheidhme:… Uimhir chomhaid an údaráis forfheidhmiúcháin, má tá sí ar fáil:… CUID C: Seolaí an EPOC/EPOC-PR Seolaí an EPOC/EPOC-PR:… Uimhir chomhaid an tseolaí:… CUID D: Na cúiseanna nach ndearnadh an forghníomhú
(a)
Ní fhéadfar an EPOC/EPOC-PR a fhorghníomhú nó ní fhéadfar é a fhorghníomhú laistigh den sprioc-am sonraithe ar an gcúis nó na cúiseanna seo a leanas: tá sé neamhiomlán tá earráidí follasacha ann níl dóthain faisnéise ann ní bhaineann sé le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann ag an am a fuarthas an EPOC/EPOC-PR cúiseanna eile dodhéantachta de facto i ngeall ar imthosca a bhí i bhfeidhm tráth a fuarthas EPOC/EPOC-PR ach nach é an seolaí ná soláthraí na seirbhíse is cúis leo níor eisigh nó níor bhailíochtaigh údarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird/an tOrdú Caomhnaithe Eorpach de réir mar a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1543 maidir leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí tráchta a fháil nár iarradh chun an t-úsáideoir a aithint mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1543 é agus chun na críche sin amháin, nó chun sonraí inneachair a fháil, eisíodh an t-ordú sin i leith cion nach gcumhdaítear le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2023/1543. ní cumhdaítear an tseirbhís arna soláthar ag an seolaí i Rialachán (AE) 2023/1543. tá na sonraí atá á n-iarraidh faoi chosaint ag díolúintí nó pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin nó tá na sonraí atá á n-iarraidh cumhdaithe ag rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile lena gcuirtear cosc le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh. bheadh comhlíonadh an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ag teacht salach ar an dlí/na dlíthe is infheidhme i dtríú tír. Comhlánaigh Cuid (E) freisin.
(b)
Tabhair míniú breise ar na cúiseanna nach ndearnadh an forghníomhú dá dtagraítear i bpointe (i), agus, i gcás inar gá, luaigh agus mínigh aon chúiseanna eile nach liostaítear faoi phointe (i): …… CUID E: Coinbhleacht oibleagáidí a eascraíonn as dlí tríú tír I gcás coinbhleacht oibleagáidí a eascraíonn as dlí tríú tír, cuir an fhaisnéis seo a leanas san áireamh:
—
an teideal ar dhlí nó dlíthe an tríú tír:
……
—
an fhoráil reachtúil/na forálacha reachtúla is infheidhme agus téacs na forála/na bhforálacha ábhartha:
……
—
cineál na coinbhleachta oibleagáide, lena n-áirítear an leas atá faoi chosaint ag dlí an tríú tír:
cearta bunúsacha daoine aonair (sonraigh le do thoil): …… leasanna bunúsacha an tríú tír a bhaineann le slándáil náisiúnta agus le cosaint (sonraigh le do thoil): …… leasanna eile (sonraigh le do thoil): ……
—
mínigh an chúis a bhfuil an dlí infheidhme sa chás seo:
……
—
mínigh an chúis a measann tú go bhfuil coinbhleacht ann sa chás seo:
……
—
mínigh an nasc atá idir an soláthraí seirbhíse agus an tríú tír i dtrácht:
……
—
na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don seolaí dá ndéanfadh sé an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chomhlíonadh, lena n-áirítear na pionóis a d’fhéadfaí a thabhú:
……
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile:… CUID F: Iarraidh ar fhaisnéis nó soiléiriú breise (comhlánaigh más infheidhme) Tá tuilleadh faisnéise á iarraidh ar an údarás eisiúna chun go ndéanfar an EPOC/EPOC-PR a fhorghníomhú: …… CUID G: Caomhnú sonraí Maidir leis na sonraí a iarradh (cuir tic sa bhosca cuí agus comhlánaigh): tá siad á gcaomhnú go dtí go dtabharfar na sonraí ar aird nó go dtí go gcuirfidh an t-údarás eisiúna nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás forfheidhmiúcháin in iúl nach gá na sonraí a chaomhnú ná a thabhairt ar aird a thuilleadh nó go dtí go dtabharfadh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis is gá ar fáil ionas gur féidir méid na sonraí atá le caomhnú nó le tabhairt ar aird a laghdú níltear á gcaomhnú (ná tarlaíodh sé sin ach go heisceachtúil, e.g. mura bhfuil na sonraí ag soláthraí na seirbhíse nuair a fhaigheann sé an iarraidh nó mura féidir leis na sonraí a iarradh a shainaithint go leordhóthanach) CUID H: Sonraí teagmhála bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dhlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse Ainm bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dhlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse:… Ainm an duine teagmhála:… Post:… Seoladh:… Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)… Seoladh ríomhphoist:… Ainm an duine údaraithe:… Dáta… Síniú ( 22 ):… 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|