+Airteagal 9 Tomhais agus modheolaíochtaí
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
---+Airteagal 9 9
---+Airteagal 9 10
---+Airteagal 9 11
---+Airteagal 9 12
---+Airteagal 9 13

Airteagal 9 Tomhais agus modheolaíochtaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1

1.   Cinnfidh na Ballstáit líon agus suíomh na bpointí samplála tríd an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid A, a chur i bhfeidhm.

Chun críocha na chéad fhomhíre, soláthróidh an Coimisiún do na Ballstáit léarscáileanna ábhartha de thuairisceoirí ithreach, na pointí samplála tosaigh agus na sonraí ábhartha a bhaineann le pointí samplála a bailíodh faoi shuirbhéanna ithreach LUCAS roimhe seo.

Airteagal 9 2

2.   Tar éis dóibh líon agus suíomh na bpointí samplála a chinneadh agus sula ndéanfar an suirbhé samplála, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon ghá a d’fhéadfadh a bheith le tacaíocht ó thaobh sampláil allamuigh agus anailís ithreach de chomh maith le haon ghá eile a bhaineann leis an suirbhé samplála.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le tacaíocht agus socróidh sé an leibhéal iomchuí tacaíochta i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.

I gcás ina soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht faoin mír seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an suirbhé samplála a oiriúnú dá réir. Leagfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún amach i gcomhaontú i scríbhinn na socruithe praiticiúla maidir leis an tacaíocht sin.

I gcás ina dtugann an Coimisiún tacaíocht don tsampláil allamuigh, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann gur féidir leis an gCoimisiún sampláil ithreach in situ a dhéanamh.

Airteagal 9 3

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás ina dtugann an Coimisiún tacaíocht faoi mhír 2 i gcomhréir leis an gcomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír sin, an Coimisiún tomhais ithreach trí shamplaí ithreach a thógáil ag na pointí samplála dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh siad sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú de réir mar is ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

luachanna na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

i gcás inarb ábhartha, luachanna na dtuairisceoirí ithreach breise dá dtagraítear in Airteagal 7(7).

Beidh na Ballstáit díolmhaithe ó shamplaí ithreach a thógáil as ithir shéalaithe agus as limistéir ar a ndearnadh baint ithreach.

Féadfaidh na Ballstáit na limistéir nach bhfuil i mbaol an tsalannaithe a eisiamh ó thomhas na seoltachta leictrí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin, agus tabharfaidh siad míniú dá réir.

Déanfar an tsampláil ithreach in situ i gcomhréir leis na híoschritéir le haghaidh na modheolaíochta do na suirbhéanna samplála allamuigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2.

Maidir leis na tuairisceoirí éillithe ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, féadfaidh na Ballstáit na pointí samplála a theorannú d’fhothacar ábhartha de líon iomlán na bpointí samplála arna gcinneadh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo.

Maidir leis an tuairisceoir ar chaillteanas na bithéagsúlachta ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, déanfaidh na Ballstáit tomhais ar 5 % ar a laghad de líon iomlán na bpointí samplála arna gcinneadh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo.

Airteagal 9 4

4.   Ar choinníoll gur bailíodh na sonraí le linn an timthrialla faireacháin chéanna ina ndearnadh an suirbhé samplála agus de réir na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2, agus i gCuid B, féadfar na tomhais seo a leanas a chuimsiú, i gcás inarb ábhartha, sna tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit de bhun mhír 3 den Airteagal seo:

(a)

tomhais a rinne na Ballstáit i gcomhréir le líonraí um fhaireachán ithreach agus suirbhéanna ithreach náisiúnta nó fonáisiúnta atá ann cheana;

(b)

tomhais a rinne na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;

(c)

tomhais a rinne gníomhaithe príobháideacha, eagraíochtaí taighde agus páirtithe eile, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.

I gcás dhéanamh na chéad tomhas ithreach dá dtagraítear i mír 8, tosóidh an timthriall le haghaidh bhailiú na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, a mhéid atá na sonraí sin ar fáil, an 16 Nollaig 2024.

Airteagal 9 5

5.   Déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú chun luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, a chinneadh.

Airteagal 9 6

6.   Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

na modheolaíochtaí chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, a chinneadh nó a mheas;

(b)

na híoschritéir mhodheolaíochta chun luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid C, a chinneadh;

(c)

aon cheanglas a leagann an Coimisiún síos i gcomhréir le mír 13 den Airteagal seo.

Féadfaidh na Ballstáit modheolaíochtaí a chur i bhfeidhm seachas na modheolaíochtaí sin a liostaítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den mhír seo, ar choinníoll go bhfuil feidhmeanna tarchuir bailíochtaithe ar fáil, mar a cheanglaítear in Iarscríbhinn II, Cuid B, an ceathrú colún.

Airteagal 9 7

7.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le saotharlanna, nó páirtithe atá ar conradh ag saotharlanna, a dhéanann na tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit de bhun mhír 3, go gcuirfidh siad cleachtais an chórais bainistithe cáilíochta i bhfeidhm i gcomhréir le EN ISO/IEC-17025 nó le caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus go mbeidh rochtain acu ar fhoireann chuícháilithe a bhfuil oiliúint leormhaith orthu agus ar an mbonneagar, ar an trealamh agus ar na táirgí is gá chun tomhais ithreach a dhéanamh.

Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh chleachtais an chórais bainistithe cáilíochta, féadfaidh na Ballstáit a mheas gur leor gur ann do chreidiúnú amháin le haghaidh aon cheann de na modheolaíochtaí a úsáidtear chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, a chinneadh.

Áiritheoidh na Ballstáit maidir le saotharlanna, nó páirtithe atá ar conradh ag saotharlanna, a dhéanann na tomhais ithreach atá le déanamh ag na Ballstáit de bhun mhír 3, go léireoidh siad a n-inniúlachtaí maidir le hanailís a dhéanamh ar thomhasáin ábhartha tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a bheith rannpháirteach i gcláir tástála inniúlachta lena gcumhdaítear na modhanna anailíse ar leibhéil tiúchana atá ionadaíoch do chláir faireacháin ithreach, má tá fáil orthu;

(b)

anailís a dhéanamh ar ábhair thagartha atá ionadaíoch do shamplaí ithreach a bailíodh ina bhfuil leibhéil iomchuí tiúchana, má tá fáil orthu.

I gcás ina ndéanann an Coimisiún tomhais ithreach i gcomhréir le míreanna 3 agus 4, beidh feidhm ag an mír seo maidir leis an gCoimisiún.

Airteagal 9 8

8.   Áiritheoidh na Ballstáit agus, i gcás ina soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht faoi mhír 2, an Coimisiún go ndéanfar na chéad tomhais ithreach faoin 17 Nollaig 3030.

Airteagal 9 9

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar tomhais ithreach nua gach 6 bliana laistigh d’aon fheachtas samplála amháin nó mar chuid de scéim samplála leanúnaí le linn na tréimhse 6 bliana ábhartha.

Airteagal 9 10

10.   De mhaolú ar mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, roimh an dara feachtas samplála agus aon fheachtas samplála ina dhiaidh sin, gan tomhais nua ithreach a dhéanamh le haghaidh tuairisceoir ithreach i gcuid dá gcríoch nó ina gcríoch ar fad má tá sé réasúnta agus má tá údar lena bheith ag dréim leis, bunaithe ar shonraí a bailíodh roimhe sin de bhun an Airteagail seo agus Airteagail 6, 7 agus 8, agus ar úsáid fianaise eolaíche, lena n-áirítear samhlacha tuartha ithreach, le tacaíocht ó shonraí allamuigh atá suntasach ó thaobh staidrimh i ndáil le cumhdach geografach agus ama, nach bhfuil athrú suntasach tagtha ar luach an tuairisceora ithreach sin i ndáil le héiginnteacht an tomhais ó bhí an timthriall faireacháin deireanach ann. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh den sórt sin gan moill mhíchuí.

Ní bheidh feidhm ag an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír a mhéid a bhaineann le tomhais ithreach a dhéanamh le haghaidh an tuairisceora chéanna i gcaitheamh dhá fheachtas samplála as a chéile.

Airteagal 9 11

11.   Maidir le gach timthriall faireacháin, stórálfaidh na Ballstáit fothacar ionadaíoch de shamplaí ithreach ar feadh dhá thimthriall faireacháin ar a laghad, i gcartlanna tiomnaithe ithreach. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan samplaí ithreach óna réigiúin is forimeallaí a stóráil.

I gcás ina stórálann na Ballstáit samplaí ithreach ina gcartlanna tiomnaithe ithreach, cinnfidh siad na coinníollacha maidir le rochtain ar na samplaí ithreach sin agus maidir lena n-úsáid.

I gcás ina gcinneann Ballstáit fothacar ionadaíoch dá samplaí ithreach a aistriú chuig cartlann thiomnaithe ithreach an Choimisiúin, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir leis an aistriú sin. Bunóidh na Ballstáit agus an Coimisiún na socruithe praiticiúla maidir le seoladh na samplaí ithreach sin agus na coinníollacha maidir lena rochtain agus lena n-úsáid. Déanfaidh an Coimisiún aon torthaí a thagann as seiceálacha breise ar pharaiméadair ábhartha nó as anailís a dhéanfar amach anseo ar pharaiméadair nua atá ag teacht chun cinn a tharchur chuig na Ballstáit. Stórálfaidh an Coimisiún na samplaí ithreach i gcomhréir lena phrótacal maidir le cartlannú.

Airteagal 9 12

12.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar cothrom le dáta luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach gach 3 bliana ar a laghad, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil.

Airteagal 9 13

13.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun Iarscríbhinn II, Cuid B, a leasú chun na modheolaíochtaí tagartha dá dtagraítear inti a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe i gcás inar féidir luachanna na dtuairisceoirí ithreach a chinneadh leis na táirgí cianbhraiteachta ithreach dá dtagraítear in Airteagal 6(4).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.