+Airteagal 57 Cúraimí na gcomhlachtaí rochtana sonraí sláinte
---+Airteagal 57 1
---+Airteagal 57 2
---+Airteagal 57 3
---+Airteagal 57 4
|
Airteagal 57 Cúraimí na gcomhlachtaí rochtana sonraí sláinte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1
|
1. Déanfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte na cúraimí seo a leanas:
|
(a)
|
cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais ar rochtain ar shonraí sláinte de bhun Airteagal 67 den Rialachán seo, ceadanna sonraí a údarú agus a eisiúint de bhun Airteagal 68 den Rialachán seo chun rochtain a fháil ar shonraí leictreonacha sláinte a thagann faoina sainchúram le haghaidh úsáid thánaisteach agus cinneadh a dhéanamh maidir le hiarrataí ar rochtain ar shonraí sláinte arna gcur isteach de bhun Airteagal 69 den Rialachán seo i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/868, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:
|
(i)
|
rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte a thabhairt d’úsáideoirí sonraí sláinte de bhun cead sonraí i dtimpeallacht shlán phróiseála i gcomhréir le hAirteagal 73;
|
|
(ii)
|
faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo ag úsáideoirí sonraí sláinte agus ag sealbhóirí sonraí sláinte;
|
|
(iii)
|
sonraí leictreonacha sláinte dá dtagraítear in Airteagal 51 a iarraidh ar shealbhóirí sonraí sláinte ábhartha de bhun cead sonraí arna eisiúint nó de bhun iarraidh ar shonraí sláinte arna formheas;
|
|
|
(b)
|
sonraí leictreonacha sláinte a phróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 51 amhail trína sonraí sin, a chomhcheangal, a ullmhú agus a thiomsú, arna n-iarraidh sin do shealbhóirí sonraí sláinte, agus ainm bréige a chur i bhfeidhm ar na sonraí sin nó iad a anaithnidiú;
|
|
(c)
|
gach beart is gá a dhéanamh chun go gcaomhnófar rúndacht na gceart maoine intleachtúla le haghaidh cosaint sonraí rialála, agus chun rúndacht na rún trádála a chaomhnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 52, cearta ábhartha an tsealbhóra sonraí sláinte agus an úsáideora sonraí sláinte araon á gcur san áireamh;
|
|
(d)
|
oibriú i gcomhar le sealbhóirí sonraí sláinte agus maoirseacht a dhéanamh orthu d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach agus go beacht forálacha maidir le lipéad cáilíochta agus áirgiúlachta sonraí in Airteagal 78;
|
|
(e)
|
córas bainistíochta a choinneáil ar bun chun iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte a thaifeadadh agus a phróiseáil, iarrataí ar shonraí sláinte, na cinntí i leith na n-iarratas agus na n-iarrataí sin agus ceadanna sonraí arna n-eisiúint agus iarrataí ar shonraí arna láimhseáil a thaifeadadh agus a phróiseáil, lena soláthraítear, ar a laghad, faisnéis faoi ainm an iarratasóra ar shonraí sláinte, críoch na rochtana, an dáta eisiúna, fad an cheada sonraí agus tuairisc ar an iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte nó ar an iarraidh ar shonraí sláinte;
|
|
(f)
|
córas faisnéise poiblí a choinneáil ar bun chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 58 a chomhlíonadh;
|
|
(g)
|
oibriú i gcomhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun caighdeáin chomhchoiteanna, ceanglais theicniúla agus bearta iomchuí a leagan síos maidir le rochtain a fháil ar shonraí leictreonacha sláinte i dtimpeallacht shlán phróiseála;
|
|
(h)
|
oibriú i gcomhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na teicnící agus na dea-chleachtais le haghaidh úsáid thánaisteach agus bainistiú sonraí leictreonacha sláinte;
|
|
(i)
|
rochtain trasteorann ar shonraí leictreonacha sláinte a éascú le haghaidh úsáid thánaisteach arna n-óstáil i mBallstáit eile trí SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75 agus oibriú i gcomhar go dlúth le chéile agus leis an gCoimisiún;
|
|
(j)
|
an méid seo a leanas a chur ar fáil don phobal trí mhodhanna leictreonacha:
|
(i)
|
catalóg tacar sonraí náisiúnta ina bhfuil mionsonraí faoi fhoinse agus cineál na sonraí leictreonacha sláinte san áireamh, i gcomhréir le hAirteagail 77, 78 agus 80, agus na coinníollacha a bhaineann le sonraí leictreonacha sláinte a chur ar fáil;
|
|
(ii)
|
aon iarratas agus iarraidh ar rochtain ar shonraí sláinte gan moill mhíchuí tar éis glacadh tosaigh;
|
|
(iii)
|
na ceadanna sonraí uile arna n-eisiúint agus na hiarrataí uile ar shonraí sláinte arna bhformheas mar aon le cinntí diúltaithe, in éineacht lena mbonn cirt, laistigh de 30 lá oibre tar éis a n-eisiúna;
|
|
(iv)
|
bearta a bhaineann le neamhchomhlíonadh de bhun Airteagal 63;
|
|
(v)
|
na torthaí arna gcur in iúl ag úsáideoirí sonraí sláinte de bhun Airteagal 61(4);
|
|
(vi)
|
córas faisnéise poiblí chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 58 a chomhlíonadh;
|
|
(vii)
|
faisnéis, ar a laghad ar shuíomh gréasáin nó tairseach ghréasáin ar a bhfuil rochtain éasca, faoin nascadh le SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) maidir le pointí teagmhála náisiúnta le haghaidh úsáid thánaisteach de chuid tríú tír nó córais arna bhunú ar an leibhéal idirnáisiúnta ag eagraíocht idirnáisiúnta, a luaithe a thiocfaidh an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta chun bheith ina rannpháirtí údaraithe in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU).
|
|
|
(k)
|
na hoibleagáidí i leith daoine nádúrtha a chomhlíonadh de bhun Airteagal 58;
|
|
(l)
|
aon chúraimí eile a bhaineann le húsáid thánaisteach sonraí leictreonacha sláinte a chumasú a chomhlíonadh i gcomhthéacs an Rialacháin seo.
|
Déanfar an chatalóg tacar sonraí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (j)(i) den mhír seo a chur ar fáil do phointí faisnéise aonair faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/868.
|
|
Airteagal 57 2
|
2. Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, déanfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte an méid seo a leanas:
|
(a)
|
oibriú i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí leictreonacha pearsanta sláinte agus le Bord EHDS;
|
|
(b)
|
comhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí othar, ionadaithe daoine nádúrtha, gairmithe sláinte, taighdeoirí agus coistí eiticiúla, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;
|
|
(c)
|
oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla náisiúnta eile, lena n-áirítear na comhlachtaí inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar eagraíochtaí a bhíonn ag plé le haltrúchas sonraí faoi Rialachán (AE) 2022/868, leis na húdaráis inniúla faoi Rialachán (AE) 2023/2854 agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta faoi Rialacháin (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 agus (AE) 2024/1689, i gcás inarb ábhartha.
|
|
|
Airteagal 57 3
|
3. Féadfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte cúnamh a chur ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí i gcás ina bhfuil rochtain ag na comhlachtaí earnála poiblí sin ar shonraí leictreonacha sláinte i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2023/2854.
|
|
Airteagal 57 4
|
4. Féadfaidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte tacaíocht a sholáthar do chomhlacht earnála poiblí i gcás ina bhfaigheann comhlacht earnála poiblí sonraí sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 15, pointe (a) nó (b), de Rialachán (AE) 2023/2854, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán sin, trí thacaíocht theicniúil a sholáthar chun na sonraí sin a phróiseáil nó chun sonraí eile a chur leo le haghaidh anailís chomhpháirteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|