+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
---+Airteagal 2 (12)
---+Airteagal 2 (13)
---+Airteagal 2 (14)
---+Airteagal 2 (15)
---+Airteagal 2 (16)
---+Airteagal 2 (17)
---+Airteagal 2 (18)
---+Airteagal 2 (19)
---+Airteagal 2 (20)
---+Airteagal 2 (21)
---+Airteagal 2 (22)
---+Airteagal 2 (23)
---+Airteagal 2 (24)
---+Airteagal 2 (25)
---+Airteagal 2 (26)
---+Airteagal 2 (27)
---+Airteagal 2 (28)
---+Airteagal 2 (29)
---+Airteagal 2 (30)
---+Airteagal 2 (31)
---+Airteagal 2 (32)
---+Airteagal 2 (33)
---+Airteagal 2 (34)
---+Airteagal 2 (35)
---+Airteagal 2 (36)
---+Airteagal 2 (37)
---+Airteagal 2 (38)
---+Airteagal 2 (39)
---+Airteagal 2 (40)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘glantach’ substaint, meascán nó miocrorgánaigh, nó teaglaim díobh sin, atá beartaithe:
|
—
|
chun fabraicí, miasa nó dromchlaí a ghlanadh;
|
|
—
|
chun fabraicí, miasa nó dromchlaí a chur ar maos (roimh níochán), a shruthlú nó a thuar;
|
|
—
|
chun tadhall nó boladh fabraicí a mhodhnú i bpróisis atá ann chun comhlánú a dhéanamh ar níochán fabraicí;
|
|
—
|
chun tacú leis an bpróiseas glantacháin nuair a úsáidtear é in éineacht le glantach níocháin nó glantach miasniteoirí uathoibríocha;
|
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘glantach níocháin tomhaltóra’ glantach le haghaidh níocháin arna chur ar an margadh lena úsáid ag daoine nach proifisiúnaigh iad, lena n-áirítear i neachtlanna poiblí;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra’ glantach arna chur ar an margadh lena úsáid i miasniteoirí uathoibríocha ag daoine nach proifisiúnaigh iad;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘glantach ina bhfuil miocrorgánaigh’ glantach lenar cuireadh miocrorgánach amháin nó níos mó d’aon ghnó, bíodh sin leis féin nó trí cheann amháin de chomhpháirteanna an ghlantaigh;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘glantach tionsclaíoch agus institiúideach’ glantach a chuirtear ar an margadh lena úsáid lasmuigh den réimse baile amháin, arna dhéanamh ag pearsanra speisialaithe;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘glanadh’ an próiseas lena ndíghrádaítear nó lena mbaintear deascán neamh-inmhianaithe amach ó shubstráit nó ón taobh istigh de shubstráit agus lena n-athraítear go staid tuaslagáin nó chuig staid spréite é;
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn ‘substaint’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn ‘meascán’ meascán mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn ‘miocrorgánach’ miocrorgánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (b), de Rialachán (AE) uimh. 528/2012;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn ‘miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe’ miocrorgánaigh ar athraíodh an t-ábhar géiniteach iontu ar bhealach eile nach dtarlaíonn go nádúrtha trí chúpláil agus/nó athchuingriú nádúrtha; laistigh de théarmaí an tsainmhínithe seo:
|
—
|
tarlaíonn modhnú géiniteach ar a laghad trí úsáid na dteicnící a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);
|
|
—
|
ní mheastar go dtarlaíonn modhnú géiniteach de thoradh ar na teicnící a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann leis an Treoir chéanna;
|
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn ‘dromchlaghníomhaí’ aon substaint nó meascán orgánach atá i nglantaigh nó a bheartaítear a úsáid i nglantaigh, ag a bhfuil saintréithe dromchla-ghníomhacha agus lena gcuimsítear grúpa hidrifileach amháin nó níos mó nó grúpa hidreafóbach amháin nó níos mó, ar de chineál agus de mhéid iad atá in ann na gníomhaíochtaí seo a leanas uile a dhéanamh:
|
—
|
teannas dromchla an uisce a laghdú go dtí faoi 45 mN/m;
|
|
—
|
aonchisil leata nó asúcháin a chruthú ag an gcomhéadan uisce-aer;
|
|
—
|
eibleachtaí, micri-eibleachtaí nó míclí a chruthú, nó teaglamaí díobh sin;
|
|
—
|
asúchán a dhéanamh ar chomhéadain uisce-aer;
|
|
|
Airteagal 2 (12)
|
ciallaíonn ‘dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh’ dromchlaghníomhaí a chuirtear ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí gairmiúla nó do thomhaltóirí;
|
|
Airteagal 2 (13)
|
ciallaíonn ‘bithdhíghrádú aeróbach deiridh’ leibhéal an bhithdhíghrádaithe a bhaintear amach i gcás ina n-úsáideann na miocrorgánaigh an tsubstaint nó an meascán ina iomláine le láithreacht na hocsaigine, rud a fhágann go ndianscaoileann sé go dé-ocsaíd charbóin, uisce agus salann mianrach d’aon eilimintí eile i láthair, mar a thomhaistear é le modhanna tástála a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I, agus comhábhair cheallacha miocróbach nua (bithmhais);
|
|
Airteagal 2 (14)
|
ciallaíonn ‘sceo’ sceo polaiméireacha uiscethuaslagtha a úsáidtear mar chapsúil ghlantaigh;
|
|
Airteagal 2 (15)
|
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé i gcomaoin ar íocaíocht nó saor in aisce;
|
|
Airteagal 2 (16)
|
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad chur ar fáil táirge ar mhargadh an Aontais;
|
|
Airteagal 2 (17)
|
ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a mhonaraíonn nó a chuireann faoi deara dromchlaghníomhaí a dhearadh nó a mhonarú, agus a chuireann an glantach nó an dromchlaghníomhaí sin ar an margadh faoina ainm nó a thrádmharc;
|
|
Airteagal 2 (18)
|
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;
|
|
Airteagal 2 (19)
|
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;
|
|
Airteagal 2 (20)
|
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh;
|
|
Airteagal 2 (21)
|
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;
|
|
Airteagal 2 (22)
|
ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanann na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí an Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (23)
|
ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’ údarás faireachais margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/1020;
|
|
Airteagal 2 (24)
|
ciallaíonn ‘aisghairm’ aisghairm mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/1020;
|
|
Airteagal 2 (25)
|
ciallaíonn ‘tarraingt siar’ tarraingt siar mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2019/1020;
|
|
Airteagal 2 (26)
|
ciallaíonn ‘gníomhaíocht cheartaitheach’ gníomhaíocht cheartaitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Rialachán (AE) 2019/1020;
|
|
Airteagal 2 (27)
|
ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
|
|
Airteagal 2 (28)
|
ciallaíonn ‘iompróir sonraí’ iompróir sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (29), de Rialachán (AE) 2024/1781;
|
|
Airteagal 2 (29)
|
ciallaíonn ‘aitheantóir táirge uathúil’ aitheantóir táirge uathúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (30), de Rialachán (AE) 2024/1781;
|
|
Airteagal 2 (30)
|
ciallaíonn ‘aitheantóir foirmle uathúil’ aitheantóir foirmle uathúil dá dtagraítear i gCuid A, pointe 5, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;
|
|
Airteagal 2 (31)
|
ciallaíonn ‘aitheantóir oibreora uathúil’ aitheantóir oibreora uathúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (31), de Rialachán (AE) 2024/1781;
|
|
Airteagal 2 (32)
|
ciallaíonn ‘pas táirge digiteach’ tacar sonraí a bhaineann go sonrach le táirge ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VI agus atá inrochtana trí mhodhanna leictreonacha trí iompróir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 21(4);
|
|
Airteagal 2 (33)
|
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh’ soláthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (32), de Rialachán (AE) 2024/1781;
|
|
Airteagal 2 (34)
|
ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
|
|
Airteagal 2 (35)
|
ciallaíonn ‘Córas Malartaithe Deimhnithe de chuid Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam’ an córas a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2399;
|
|
Airteagal 2 (36)
|
ciallaíonn ‘pacáistíocht aonair’ pacáistíocht ina gcuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar fáil ar an margadh agus a mbeartaítear go rachadh sé in éineacht leis an ábhar go dtí an láthair ina n-úsáidtear é;
|
|
Airteagal 2 (37)
|
ciallaíonn ‘athlíonadh’ an oibríocht ar an láthair lena líontar glantach nó dromchlaghníomhaí a thairgeann oibreoir eacnamaíoch d’úsáideoirí deiridh le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, i bpacáistíocht;
|
|
Airteagal 2 (38)
|
ciallaíonn ‘stáisiún athlíonta’ áit a ndéanann oibreoir eacnamaíoch glantach nó dromchlaghníomhaí is féidir a fháil trí athlíonadh, de láimh nó trí threalamh uathoibríoch nó leath-uathoibríoch a thairiscint d’úsáideoirí deiridh;
|
|
Airteagal 2 (39)
|
ciallaíonn ‘múnla’ cineál glantaigh nó cineál dromchlaghníomhaí a chomhlíonann a aonaid uile na coinníollacha seo a leanas:
|
—
|
tá an monaróir céanna acu agus cuirtear ar an margadh iad faoin trádainm céanna;
|
|
—
|
tá an t-ábhar céanna iontu, i gcomhréir le Cuid A, pointe 1(h), d’Iarscríbhinn V, a ghabhann leis an Rialachán seo, agus monaraítear iad trí úsáid a bhaint as na próisis mhonaraíochta chéanna;
|
|
—
|
i gcás inarb infheidhme, tá siad faoi réir an aicmithe chéanna faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008; agus
|
|
—
|
sainítear iad le huimhir chineáil nó le heilimint eile lenar féidir iad a shainaithint mar ghrúpa;
|
|
|
Airteagal 2 (40)
|
ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá ina chónaí san Aontas nó atá bunaithe ann, ar cuireadh glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh dó i gcáil tomhaltóra lasmuigh d’aon trádáil, gnó, ceird nó gairm, nó i gcáil úsáideora deiridh ghairmiúil i rith a chuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|