+Airteagal 14 Faisnéis a ghabhann le haistrithe cripteashócmhainní
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
---+Airteagal 14 7
---+Airteagal 14 8
|
Airteagal 14 Faisnéis a ghabhann le haistrithe cripteashócmhainní
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin tionscnóir le haistrithe cripteashócmhainní:
|
(b)
|
seoladh mórleabhair dháilte an tionscnóra, i gcásanna ina bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, agus uimhir cuntais cripteashócmhainní an tionscnóra, i gcás inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil;
|
|
(c)
|
uimhir cuntais cripteashócmhainní an tionscnóra, i gcásanna nach bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil;
|
|
(d)
|
seoladh an tionscnóra, lena n-áirítear ainm na tíre, uimhir dhoiciméid phearsanta oifigiúil, agus uimhir aitheantais chustaiméara, nó, de rogha air sin, dáta breithe agus áit bhreithe an tionscnóra; agus
|
|
(e)
|
faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid teachtaireachta ábhartha, agus i gcás ina ndéanann an tionscnóir é a chur ar fáil dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, do LEI reatha nó, ina éagmais sin, d’aon aitheantóir coibhéiseach oifigiúil de chuid an tionscnóra atá ar fáil.
|
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin tairbhí le haistrithe cripteashócmhainní:
|
(b)
|
seoladh mórleabhair dháilte an tairbhí, i gcásanna ina bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, agus uimhir cuntais cripteashócmhainní an tairbhí, i gcás inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil;
|
|
(c)
|
uimhir cuntais cripteashócmhainní an tairbhí, i gcásanna nach bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil; agus
|
|
(d)
|
faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta, agus i gcás ina ndéanann an tionscnóir é a chur ar fáil dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, LEI reatha nó, ina éagmais sin, aon aitheantóir oifigiúil coibhéiseach eile de chuid an tairbhí atá ar fáil.
|
|
|
Airteagal 14 3
|
3. De mhaolú ar mhír 1, pointe (c), agus mír 2, pointe (c), i gcás aistriú cripteashócmhainní nach bhfuil cláraithe ar líonra a úsáideann DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil agus nach ndéantar chuig cuntas cripteashócmhainní ná ó chuntas cripteashócmhainní, áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra go mbeidh aitheantóir idirbhirt uathúil ag gabháil leis an aistriú cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 14 4
|
4. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thíolacadh sula ndéanfar aistriú na gcripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin, ar bhealach slán agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.
Ní cheanglófar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith ag gabháil go díreach leis an aistriú cripteashócmhainní ná ní cheanglófar an fhaisnéis a bheith san áireamh ann.
|
|
Airteagal 14 5
|
5. I gcás aistriú cripteashócmhainní a dhéantar chuig seoladh féinóstáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fháil agus a shealbhú agus áiritheoidh sé gur féidir aistriú cripteashócmhainní a shainaithint ar bhonn aonair.
Gan dochar do bhearta maolaithe riosca sonracha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19b de Threoir (AE) 2015/849, i gcás aistriú méid ar mó é ná EUR 1 000 chuig seoladh féinóstáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra bearta leordhóthanacha chun a mheas an bhfuil an seoladh sin faoi úinéireacht nó faoi rialú an tionscnóra.
|
|
Airteagal 14 6
|
6. Sula n-aistreoidh sé na cripteashócmhainní, áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.
|
|
Airteagal 14 7
|
7. Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a bheith déanta i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:
|
(a)
|
fíoraíodh céannacht an tionscnóra i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus rinneadh an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin;
|
|
(b)
|
tá feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an tionscnóir.
|
|
|
Airteagal 14 8
|
8. Ní cheadófar do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra aon aistriú cripteashócmhainní a thionscnamh ná a fhorghníomhú sula n-áiritheofar go gcomhlíonfar an tAirteagal seo go hiomlán.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|