+Airteagal 17 Aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
|
Airteagal 17 Aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Cuirfidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta atá bunaithe ar an mbonn riosca-íogair dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849, chun a chinneadh an ndéanfaidh sé aistriú cripteashócmhainní ina bhfuil an fhaisnéis iomlán a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú, a chur ar ais nó a chur ar fionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh.
I gcás ina dtagann soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) nó (2) nó in Airteagal 15 in easnamh nó neamhiomlán, déanfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin an méid seo a leanas, ar bhonn riosca-íogair agus gan moill mhíchuí:
|
(a)
|
an t-aistriú a dhiúltú nó na cripteashócmhainní a aistríodh a chur ar ais chuig cuntas cripteashócmhainní an tionscnóra; nó
|
|
(b)
|
an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a iarraidh sula gcuirfear na criptea-sócmhainní ar fáil don tairbhí.
|
|
|
Airteagal 17 2
|
2. I gcás ina mainneoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a sholáthar, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bearta a dhéanamh, agus féadfar a áireamh orthu sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndéanfar aistriú a dhiúltú, a shrianadh nó a fhoirceannadh i gcomhréir le pointe (b) mura bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear curtha ar fáil go fóill; nó
|
|
(b)
|
aon aistriú cripteashócmhainní amach anseo chuig an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin nó ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a dhiúltú go díreach, nó a ghaolmhaireacht ghnó leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a shrianadh nó a fhoirceannadh.
|
Tabharfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí tuairisc faoin mhainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|