+4. Sonraíochtaí breise maidir le bailiú sonraí lucht ardioncaim le
---+35. Chun lucht ardioncaim a leithdháileadh ar fheidhmeanna nó ar limistéir ghnó in Iarscríbhinn I …
|
4. Sonraíochtaí breise maidir le bailiú sonraí lucht ardioncaim le
4. Sonraíochtaí breise maidir le bailiú sonraí lucht ardioncaim le
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
35. Chun lucht ardioncaim a leithdháileadh ar fheidhmeanna nó ar limistéir ghnó in Iarscríbhinn I …
|
Chun lucht ardioncaim a leithdháileadh ar fheidhmeanna nó ar limistéir ghnó in Iarscríbhinn I, ba cheart do ghnólachtaí a socruithe eagraithe inmheánacha agus an méid seo a leanas a chur san áireamh: - a. Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta, lena n-áirítear baill de chomhlacht bainistíochta fochuideachtaí a leithdháileadh, ach níor cheart baill de chomhlacht bainistíochta gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir Airteagal 25 agus Airteagal 34 de Threoir (AE) 2019/2034 a leithdháileadh, de réir mar is infheidhme, ar an gcolún dar teideal “comhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta” nó “comhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta” neamhspleách ar shamhail ghnó an ghnólachta.
- i. Is éard atá i gceist le “feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta”, baill den chomhlacht bainistíochta atá i mbun an róil a bhfuil sé mar aidhm leis maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chinnteoireacht na foirne bainistíochta (i.e. stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin).
- ii. Is éard atá i gceist le “feidhm bhainistíochta an chomhlachta bainistíochta”, baill an Chomhlachta Bainistíochta, atá freagrach as a fheidhmeanna bainistíochta (i.e. stiúrthóirí feidhmiúcháin).
- b. Ba cheart go n-áireofaí i “baincéireacht infheistíochta” maoiniú corparáideach, trádáil agus díolachán mar atá sainmhínithe in Airteagal 317, Tábla 2 de Rialachán (AE) 575/2013, idirbhearta caipitil margadh-thiomanta mar atá sainmhínithe in Airteagal 192(3) de Rialachán (AE) 575/2013 agus cothromas príobháideach.
- c. Ba cheart go n-áireofaí i “baincéireacht mhiondíola” gníomhaíocht iomlán iasachtaithe na n-institiúidí (do dhaoine aonair agus d’fhiontair).
- d. Ba cheart go n-áireofaí i “bainistiú sócmhainní” in Iarscríbhinn I bainistiú sócmhainní laistigh de:
- i. an institiúid;
- ii. fochuideachtaí ar institiúidí iad; agus
- iii. fochuideachtaí ar gnóthais iad le haghaidh comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil faoi réir Airteagal 25 agus Airteagal 34 de Threoir (AE) 2019/2034.
- e. Ba cheart go n-áireofaí i “feidhmeanna corparáideacha” baill foirne i ngach feidhm atá freagrach as an institiúid ar fad ar an leibhéal comhdhlúite agus as fochuideachtaí a bhfuil feidhmeanna den sórt sin acu ar an leibhéal aonair, e.g. acmhainní daonna, teicneolaíocht faisnéise.
- f. Níor cheart go n-áireofaí i “feidhmeanna rialaithe neamhspleácha” ach baill foirne atá gníomhach i bhfeidhmeanna bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchta inmheánaigh neamhspleácha mar a thuairiscítear i Roinn 19 de Threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/AE.
- g. Ba cheart go n-áireofaí i “gach duine de lucht ardioncaim i bhfochuideachtaí atá faoi réir Airteagal 25 agus Airteagal 34 de Threoir (AE) 2019/2034” gach duine de lucht ardioncaim agus a luach saothair atá le cur san áireamh in Iarscríbhinn II.
- h. Ba cheart go n-áireofaí i “gach duine eile de lucht ardioncaim” baill foirne nach féidir iad a leithdháileadh ar cheann de na feidhmeanna nó na limistéir ghnó idir
- (a) - (g).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|