+3. Feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta
---+31. Gan dochar do na freagrachtaí a shanntar faoin dlí náisiúnta cuideachtaí is infheidhme, ba …

3. Feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta

3. Feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
31. Gan dochar do na freagrachtaí a shanntar faoin dlí náisiúnta cuideachtaí is infheidhme, ba …

Gan dochar do na freagrachtaí a shanntar faoin dlí náisiúnta cuideachtaí is infheidhme, ba cheart don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a. maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chinnteoireacht agus ar ghníomhaíochtaí bainistíochta agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta, lena n-áirítear faireachán agus grinnscrúdú a dhéanamh ar a fheidhmíocht aonair agus chomhchoiteann agus ar shocrú agus ar chur chun feidhme straitéis agus chuspóirí eisitheoir na ARTanna;
  • b. dúshlán cuiditheach agus athbhreithniú criticiúil a dhéanamh ar thograí agus ar fhaisnéis arna soláthar ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta, chomh maith lena chinntí;
  • c. éifeachtacht chreat rialachais eisitheoirí ARTanna a áirithiú agus a mheasúnú go tréimhsiúil agus bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh a shainaithnítear;
  • d. maoirseacht agus faireachán a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear cuspóirí straitéiseacha, struchtúr eagraíochtúil agus straitéis riosca an eisitheora, a chreat inghlacthachta riosca agus bainistíochta riosca, chomh maith le beartais eile (e.g. beartas infheistíochta maidir leis an gcúlchiste sócmhainní) chun feidhme go comhsheasmhach;
  • e. faireachán a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear cultúr riosca eisitheoir ARTanna chun feidhme go comhsheasmhach;
  • f. maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme, nuashonrú agus cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeartas agus na nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/1114;8
  • g. maoirseacht a dhéanamh ar shláine na faisnéise agus an tuairiscithe airgeadais, agus ar an gcreat rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear creat bainistíochta riosca atá éifeachtach agus fónta;
  • h. a áirithiú go mbeidh cinn feidhmeanna rialaithe inmheánaigh in ann gníomhú go neamhspleách agus, gan beann ar an bhfreagracht tuairisciú do chomhlachtaí inmheánacha eile, do línte gnó eile nó d’aonaid inmheánacha eile, gur féidir leo ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt go díreach don chomhlacht bainistíochta maidir lena fheidhm mhaoirseachta, i gcás inar gá, nuair a dhéanann forbairtí díobhálacha riosca difear d’eisitheoir ARTanna nó nuair a d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh dóibh; agus
  • i. cur chun feidhme an phlean iniúchóireachta inmheánaí a shocrú agus faireachán a dhéanamh air.

8 Féach na caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinbhleacht leasa faoi Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/