+TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Raon Feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 2 4.
------+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
|
TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus chun rannchuidiú le neodracht aeráide agus le geilleagar ciorclach agus truailliú nialasach a bhaint amach trí na drochthionchair is féidir teacht as loingsithe dramhaíola agus as cóireáil na dramhaíola ag a ceann scríbe a chosc nó a laghdú. Bunaítear leis nósanna imeachta agus córais rialaithe maidir le loingsithe dramhaíola, ag brath ar thionscnamh, ceann scríbe agus bealach an loingsithe, ar chineál na dramhaíola agus ar an gcineál cóireála atá le cur i bhfeidhm ar an dramhaíl ag a ceann scríbe.
|
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
|
|
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
|
Airteagal 3
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘meascán dramhaíolacha’ dramhaíl a eascraíonn as dhá chineál dramhaíola éagsúla nó níos mó ná sin a mheascadh d’aon ghnó nó go neamhthoiliúil, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
liostaítear iad in iontrálacha éagsúla in Iarscríbhinní III, IIIA, IIIB agus IV, nó, i gcás inarb infheidhme, i bhfleascanna éagsúla nó fo-fhleascanna éagsúla d’iontrálacha den sórt sin; nó
(b)
ní aicmítear iad faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, IIIA, IIIB nó IV;
Ní meascán dramhaíola é dramhaíl a sheoltar in aon loingsiú dramhaíola amháin, ina bhfuil dhá chineál dramhaíola nó níos mó ná sin, i gcás ina ndéantar gach dramhaíl a dheighilt;
(2)
ciallaíonn ‘diúscairt eatramhach’ aon oibríochtaí diúscartha a liostaítear faoi D8, D9, D13, D14 nó D15 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;
(3)
ciallaíonn ‘aisghabháil eatramhach’ aon oibríochtaí aisghabhála a liostaítear faoi R12 nó R13 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;
(4)
ciallaíonn ‘bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol’ gach céim phraiticiúil a ghlacadh chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl a bhainistiú ar bhealach ina gcosnófar sláinte an duine, an aeráid agus an comhshaol i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha is féidir a bheith ann mar thoradh ar dhramhaíl den sórt sin;
(5)
ciallaíonn ‘coinsíní’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach faoi dhlínse náisiúnta na tíre cinn scríbe lena seoltar an dramhaíl chun an dramhaíl sin a aisghabháil nó a dhiúscairt;
(6)
ciallaíonn ‘fógróir’:
(a)
i gcás loingsiú de thionscnamh Ballstáit, aon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas faoi dhlínse náisiúnta an Bhallstáit sin, a dhéanann nó a bheartaíonn loingsiú dramhaíola a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3), nó a chuireann faoi deara loingsiú den sórt sin a dhéanamh, nó a bheartaíonn loingsiú den sórt sin a chur faoi deara, dá sanntar an dualgas maidir le fógra a thabhairt:
(i)
an táirgeoir dramhaíola bunaidh;
(ii)
an táirgeoir dramhaíola nua a dhéanann oibríochtaí roimh loingsiú as a dtagann athrú ar chineál na dramhaíola nó ar chomhdhéanamh na dramhaíola;
(iii)
bailitheoir a bhfuil an loingsiú, ó chainníochtaí beaga éagsúla den chineál céanna dramhaíola arna mbailiú ó fhoinsí éagsúla, bailithe le chéile aige nó aici, ar loingsiú é atá le tionscain ó shuíomh aonair ar tugadh fógra ina leith;
(iv)
déileálaí nó bróicéir ag gníomhú thar ceann aon cheann de na daoine dá dtagraítear i bpointe (i), (ii) nó (iii); nó
(v)
i gcás ina bhfuil gach ceann de na daoine dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) anaithnid nó dócmhainneach, sealbhóir na dramhaíola;
(b)
i gcás allmhairiú dramhaíola isteach san Aontas nó dramhaíl atá ar idirthuras tríd an Aontas, ar dramhaíl nach de thionscnamh Ballstáit í, aon cheann de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas faoi dhlínse náisiúnta na tíre seolta a dhéanann loingsiú nó a bheartaíonn é a dhéanamh nó a chuireann faoi deara loingsiú a dhéanamh nó a bheartaíonn loingsiú den sórt sin a chur faoi deara:
(i)
an duine a ainmnítear le dlí na tíre seolta;
(ii)
in éagmais duine a ainmnítear le dlí na tíre seolta, sealbhóir na dramhaíola an tráth a rinneadh an t-onnmhairiú;
(7)
ciallaíonn ‘duine a shocraíonn an loingsiú’ aon cheann de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas faoi dhlínse náisiúnta na tíre seolta a dhéanann loingsiú dá dtagraítear in Airteagal 4(4) nó (5), nó a bheartaíonn loingsiú den sórt sin a dhéanamh, nó a chuireann faoi deara loingsiú den sórt sin a dhéanamh nó a bheartaíonn loingsiú den sórt sin a chur faoi deara:
(i)
an táirgeoir dramhaíola bunaidh;
(ii)
an táirgeoir dramhaíola nua a dhéanann oibríochtaí roimh loingsiú as a dtagann athrú ar chineál na dramhaíola nó ar chomhdhéanamh na dramhaíola;
(iii)
bailitheoir a bhfuil an loingsiú, ó chainníochtaí beaga éagsúla den chineál céanna dramhaíola arna mbailiú ó fhoinsí éagsúla, bailithe le chéile aige nó aici, ar loingsiú é atá le tosú ó shuíomh aonair;
(iv)
déileálaí nó bróicéir ag gníomhú thar ceann aon cheann de na daoine dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) nó (iii); nó
(v)
i gcás ina bhfuil gach ceann de na daoine dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) anaithnid nó dócmhainneach, sealbhóir na dramhaíola;
(8)
ciallaíonn ‘bailitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann dramhaíl a bhailiú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Threoir 2008/98/CE;
(9)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’:
(a)
i gcás Ballstáit, an comhlacht arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 75;
(b)
i gcás tríú tír is páirtí i gCoinbhinsiún Basel an 22 Márta 1989 maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus lena ndiúscairt (‘Coinbhinsiún Basel’), an comhlacht arna ainmniú ag an tír sin mar an t-údarás inniúil chun críocha Choinbhinsiún Basel i gcomhréir le hAirteagal 5 de;
(c)
i gcás aon tír nach dtagraítear di i bpointe (a) nó pointe (b), an comhlacht arna ainmniú mar an t-údarás inniúil ag an tír nó an réigiún lena mbaineann nó, in éagmais ainmniúchán den sórt sin, an t-údarás rialaitheach le haghaidh na tíre nó an réigiúin, de réir mar is iomchuí, a bhfuil dlínse aici nó aige ar loingsiú;
(10)
ciallaíonn ‘údarás inniúil seolta’ an t-údarás inniúil don limistéar óna dtionscnaítear an loingsiú nó óna bhfuil sé beartaithe go ndéanfar an loingsiú a thionscnamh;
(11)
ciallaíonn ‘údarás inniúil cinn scríbe’ an t-údarás inniúil le haghaidh an limistéir ina ndéantar an loingsiú nó ina mbeartaítear an loingsiú a dhéanamh nó ina luchtaítear dramhaíl sula ndéantar í a aisghabháil nó a dhiúscairt i limistéar nach bhfuil faoi dhlínse náisiúnta tíre ar bith;
(12)
ciallaíonn ‘údarás inniúil idirthurais’ an t-údarás inniúil le haghaidh tír ar bith, seachas tír an údaráis inniúil seolta agus tír an údaráis inniúil cinn scríbe, trína ndéantar an loingsiú a nó trína mbeartaítear é a dhéanamh;
(13)
ciallaíonn ‘tír seolta’ aon tír óna dtionscnaítear loingsiú nó óna mbeartaítear é a thionscnamh;
(14)
ciallaíonn ‘tír cinn scríbe’ aon tír ina ndéantar loingsiú nó ina mbeartaítear é a dhéanamh lena aisghabháil nó lena dhiúscairt inti, nó chun luchtú a dhéanamh sula ndéantar an aisghabháil nó an diúscairt i limistéar nach bhfuil faoi dhlínse náisiúnta tíre ar bith;
(15)
ciallaíonn ‘tír idirthurais’ aon tír, seachas an tír seolta nó an tír cinn scríbe, trína ndéantar loingsiú nó trína mbeartaítear é a dhéanamh;
(16)
ciallaíonn ‘limistéar faoi dhlínse náisiúnta tíre’ aon limistéar talún nó limistéar muirí ina bhfuil freagracht riarthach agus freagracht rialaitheach á feidhmiú ag stát i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta maidir le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint;
(17)
ciallaíonn ‘tíortha agus críocha thar lear’ na tíortha agus na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE;
(18)
ciallaíonn ‘oifig custam onnmhairithe’ oifig custam onnmhairithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (16), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (
7
);
(19)
ciallaíonn ‘oifig custam imeachta’ oifig custam imeachta mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 329 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (
8
);
(20)
ciallaíonn ‘oifig custam iontrála’ oifig custam na céadiontrála mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (15), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;
(21)
ciallaíonn ‘allmhairiú’ aon dramhaíl a theacht isteach san Aontas ach eisiatar ann idirthuras tríd an Aontas;
(22)
ciallaíonn ‘onnmhairiú’ fágáil aon dramhaíle ón Aontas ach eisiatar ann idirthuras tríd an Aontas;
(23)
ciallaíonn ‘idirthuras’ loingsiú trí thír amháin nó níos mó seachas an tír seolta nó an tír cinn scríbe;
(24)
ciallaíonn ‘iompar dramhaíola’ dramhaíl a iompar de bhóthar, d’iarnród, d’aer, d’fharraige nó d’uiscebhealach intíre;
(25)
ciallaíonn ‘loingsiú’ iompar dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil nó lena diúscairt ón suíomh óna dtosaíonn an t-iompar go dtí go bhfaigheann an tsaoráid a dhéanann an diúscairt nó an aisghabháil sa tír cinn scríbe an dramhaíl agus a dhéantar nó a bheartaítear a dhéanamh:
(b)
idir tír agus tír thar lear nó críoch nó limistéar eile faoi chosaint na tíre sin;
(c)
idir tír agus aon limistéar geografach nach bhfuil ina chuid de thír ar bith faoin dlí idirnáisiúnta;
(d)
idir tír agus an tAntartach;
(e)
ó thír amháin trí aon cheann de na limistéir dá dtagraítear i bpointí (a) go (d);
(f)
laistigh de thír trí aon cheann de na limistéir dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus a thionscnaíonn agus a chríochnaíonn sa tír chéanna sin; nó
(g)
ó limistéar geografach nach bhfuil faoi dhlínse náisiúnta de chuid tír ar bith, chuig tír;
(26)
ciallaíonn ‘loingsiú neamhdhleathach’ aon loingsiú a dhéantar:
(a)
gan fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo;
(b)
gan toiliú ó na húdaráis inniúla lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo;
(c)
le toiliú arna fháil ó na húdaráis inniúla lena mbaineann de bhun an Rialacháin seo trí bhíthin brionnaithe, mífhaisnéise nó calaoise;
(d)
ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an bhfaisnéis atá sa doiciméad fógartha nó atá sa doiciméad gluaiseachta nó atá le soláthar sa doiciméad gluaiseachta, ach amháin i gcás mionearráidí cléireachais sa doiciméad fógartha nó sa doiciméad gluaiseachta;
(e)
ar bhealach arb é an toradh a bheidh ann aisghabháil nó diúscairt a sháraíonn dlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta;
(f)
contrártha d’Airteagal 4(1), Airteagal 4(3), nó Airteagail 37, 39, 40, 45, 46, 48, 49 nó 50;
(g)
ar bhealach, i ndáil le loingsithe dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5), nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 18, míreanna 2, 4, 6 agus 10, ná leis an bhfaisnéis atá i ndoiciméad Iarscríbhinn VII nó atá le soláthar ann, ach amháin i gcás mionearráidí cléireachais i ndoiciméad Iarscríbhinn VII;
(27)
ciallaíonn ‘cigireacht’ aon ghníomhaíocht a dhéanann údarás chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a sheiceáil;
(28)
Ciallaíonn ‘ord na réiteach dramhaíola’ ord na réiteach dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE;
(29)
ciallaíonn ‘ródú’ an pointe imeachta as gach tír lena mbaineann agus an pointe iontrála isteach i ngach tír lena mbaineann, lena n-áirítear oifigí custam iontrála, imeachta agus onnmhairiúcháin;
(30)
ciallaíonn ‘bealach’ an cúrsa taistil idir an suíomh ina dtosaíonn an loingsiú sa tír seolta, tríd an bpointe imeachta as gach tír lena mbaineann agus an pointe iontrála isteach i ngach tír lena mbaineann, chuig an tsaoráid chóireála sa tír cinn scríbe.
Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘dramhaíl’, ‘dramhaíl ghuaiseach’, ‘táirgeoir dramhaíola’, ‘sealbhóir dramhaíola’, ‘déileálaí’, ‘bróicéir’, ‘bainistiú dramhaíola’, ‘athúsáid’, ‘cóireáil’, ‘aisghabháil’, ‘ullmhú le haghaidh athúsáide’, ‘athchúrsáil’ agus ‘diúscairt’, a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (1), (2), (5) go (9), (13) go (15), (16), (17) agus (19) de Threoir 2008/98/CE, faoi seach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|