+Airteagal 77 1
|
Airteagal 77 1
1. Coinneoidh eintitis faoi oibleagáid na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
cóip de na doiciméid agus den fhaisnéis a fhaightear agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh de bhun Chaibidil III, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear trí mheáin sainaitheantais leictreonaigh;
|
|
(b)
|
taifead ar an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 69(2), lena n-áirítear an fhaisnéis agus na himthosca a breithníodh agus torthaí an mheasúnaithe sin, cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar tuarascáil ar idirbhearta amhrasacha chuig an FIU mar thoradh ar an measúnú sin, agus cóip den tuarascáil ar idirbhearta amhrasacha, más ann di;
|
|
(c)
|
an fhianaise thacaíochta agus taifid na n-idirbheart, arb é a bheidh iontu na doiciméid bhunaidh nó cóipeanna a bheidh inghlactha in imeachtaí breithiúnacha faoin dlí náisiúnta is infheidhme, a bhfuil gá leo chun idirbhearta a shainaithint;
|
|
(d)
|
nuair a bhíonn siad rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise de bhun Chaibidil VI, cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis a fhaightear faoi chuimsiú na gcomhpháirtíochtaí sin, agus taifid gach cáis comhroinnte faisnéise.
|
Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid nach ndéanfar doiciméid, faisnéis ná na taifid a choimeádtar de bhun an Airteagail seo a fholú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|