+RIALACHÁN (AE) 2019/2088 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2a Prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh
------+Airteagal 2a 1.
------+Airteagal 2a 2.
------+Airteagal 2a 3.
---+Airteagal 3 Trédhearcacht na mbeartas maidir le rioscaí inbhuanaitheachta
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 4 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
------+Airteagal 4 6.
------+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 5 Trédhearcacht na mbeartas luacha saothair maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 6 Trédhearcacht chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 7 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal táirge airgeadais
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 8 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta i nochtaí réamhchonarthacha
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 2a.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 9 Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i nochtaí réamhchonarthacha
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
------+Airteagal 9 4a.
------+Airteagal 9 5.
------+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 10 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe ar láithreáin ghréasáin
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 11 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe i dtuarascálacha tréimhsiúla
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
------+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 12 Athbhreithniú ar nochtaí
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 13 Cumarsáid mhargaíochta
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 14 Na húdaráis inniúla
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 15 Trédhearcacht i gcás IORPanna agus idirghabhálaithe árachais
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 16 Táirgí pinsin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 17 Díolúintí
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 18 Tuarascáil
---+Airteagal 18a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
------+Airteagal 18a 1.
------+Airteagal 18a 2.
------+Airteagal 18a 3.
------+Airteagal 18a 4.
------+Airteagal 18a 5.
---+Airteagal 19 Meastóireacht
------+Airteagal 19 1.
------+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 20 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
English - European Union - Financial Industry -

RIALACHÁN (AE) 2019/2088 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN (AE) 2019/2088 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais maidir leis an trédhearcacht i dtaobh comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta agus i dtaobh dhrochthionchair inbhuanaitheachta a mheas ina bpróisis agus ó thaobh faisnéis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a chur ar fáil i dtaca le táirgí airgeadais.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais”:

(a) 

gnóthas árachais a chuireann táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IBIP) ar fáil;

(b) 

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne;

(c) 

institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IORP);

(d) 

monaróir táirge pinsin;

(e) 

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIM);

(f) 

soláthraí táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach (TPPU);

(g) 

bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(h) 

bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(i) 

cuideachta bainistíochta maidir le gnóthas comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (cuideachta bainistíochta GCUI); nó

(j) 

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne;

(2) 

ciallaíonn “gnóthas árachais” gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2009/138/CE;

(3) 

ciallaíonn “táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe” nó “IBIP”:

(a) 

táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ); nó

(b) 

táirge árachais, arna chur ar fáil d’infheisteoir gairmiúil agus a thairgeann luach aibíochta nó géilliúna atá neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;

(4) 

ciallaíonn “bainisteoir cistí infheistíochta malartacha” nó “BCIM” BCIM mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(5) 

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(6) 

ciallaíonn “bainistíocht punainne” bainistíocht punainne mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(7) 

ciallaíonn “institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde” nó “IORP” le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2016/2341 seachas institiúid a roghnaigh Ballstát d’fhonn Airteagal 5 den Treoir sin a chur i bhfeidhm nó institiúid a bhfuil scéimeanna pinsin á bhfeidhmiú aici, a bhfuil níos lú ná 15 bhall san iomlán iontu;

(8) 

ciallaíonn “táirge pinsin”:

(a) 

táirge pinsin dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014; nó

(b) 

táirge pinsin aonair dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014;

(9) 

ciallaíonn “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” táirge dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1238;

(10) 

ciallaíonn “cuideachta bainistíochta GCUI”:

(a) 

cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE; nó

(b) 

cuideachta infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nár ainmnigh cuideachta bainistíochta arna húdarú faoin Treoir sin le haghaidh a bhainistithe;

(11) 

ciallaíonn “comhairleoir airgeadais”:

(a) 

idirghabhálaí árachais a sholáthraíonn comhairle árachais i dtaca le IBIPanna;

(b) 

gnóthas árachais a sholáthraíonn comhairle árachais i dtaca le IBIPanna;

(c) 

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn comhairle infheistíochta;

(d) 

gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta;

(e) 

BCIM a sholáthraíonn comhairle infheistíochta i gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 6(4) de Threoir 2011/61/AE; nó

(f) 

cuideachta bainistíochta GCUI a sholáthraíonn comhairle infheistíochta i gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 6(3) de Threoir 2009/65/CE;

(12) 

ciallaíonn “táirge airgeadais”:

(a) 

punann a bhainistítear i gcomhréir le pointe (6) den Airteagal seo;

(b) 

cistí infheistíochta malartacha (CIM);

(c) 

IBIP;

(d) 

táirge pinsin;

(e) 

scéim pinsin;

(f) 

GCUI; nó

(g) 

TPPU;

(13) 

ciallaíonn “cistí infheistíochta malartacha” nó “CIManna” CIManna mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(14) 

ciallaíonn “scéim pinsin” scéim pinsin mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2341;

(15) 

ciallaíonn “gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe” nó “GCUI” gnóthas arna n‐údarú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE;

(16) 

ciallaíonn “comhairle infheistíochta” comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

▼C1

(17) 

ciallaíonn “infheistíocht inbhuanaithe” infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil, amhail infheistíochtaí a thomhaistear de réir príomhtháscairí éifeachtúlachta acmhainní maidir le fuinneamh, fuinneamh inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh a úsáid, agus maidir le táirgeadh dramhaíola, agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus maidir leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeilleagar ciorclach, nó infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, go háirithe infheistíocht a rannchuidíonn le dul i ngleic leis an éagothroime nó a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta, fad is nach ndéanann na hinfheistíochtaí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais, go háirithe i ndáil le struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;

▼B

(18) 

ciallaíonn “infheisteoir gairmiúil” cliant a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(19) 

ciallaíonn “infheisteoir miondíola” infheisteoir nach infheisteoir gairmiúil é;

(20) 

ciallaíonn “idirghabhálaí árachais” idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(21) 

ciallaíonn “comhairle árachais” comhairle mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(22) 

ciallaíonn “riosca inbhuanaitheachta” teagmhas nó dáil ó thaobh an chomhshaoil, nó an rialachais de, nó teagmhas sóisialta nó dáil shóisialta, a d’fhéadfadh, dá dtarlódh sé nó sí, tionchar diúltach ábhartha iarbhír nó ionchasach a imirt ar luach na hinfheistíochta;

(23) 

ciallaíonn “ciste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach” nó “ELTIF” ciste atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/760;

(24) 

ciallaíonn “tosca inbhuanaitheachta” cúrsaí comhshaoil, cúrsaí sóisialta agus ábhair a bhaineann le fostaithe, le hurraim do chearta an duine, leis an bhfrithéilliú agus leis an bhfrith-bhreabaireacht.

Airteagal 2a Prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh -
Airteagal 3 Trédhearcacht na mbeartas maidir le rioscaí inbhuanaitheachta -
Airteagal 4 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis -
Airteagal 5 Trédhearcacht na mbeartas luacha saothair maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta -
Airteagal 6 Trédhearcacht chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta -
Airteagal 7 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal táirge airgeadais -
Airteagal 8 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta i nochtaí réamhchonarthacha -
Airteagal 9 Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i nochtaí réamhchonarthacha -
Airteagal 10 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe ar láithreáin ghréasáin -
Airteagal 11 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe i dtuarascálacha tréimhsiúla -
Airteagal 12 Athbhreithniú ar nochtaí -
Airteagal 13 Cumarsáid mhargaíochta -
Airteagal 14 Na húdaráis inniúla -
Airteagal 15 Trédhearcacht i gcás IORPanna agus idirghabhálaithe árachais -
Airteagal 16 Táirgí pinsin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009 -
Airteagal 17 Díolúintí -
Airteagal 18 Tuarascáil

Airteagal 18

Tuarascáil

Déanfaidh na ÚMEnna breithniú ar mhéid na nochtaí deonacha i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) agus pointe (a) d’Airteagal 7(1). Faoin 10 Meán Fómhair 2022 agus gach bliain ina dhiadh sin, cuirfidh na ÚMEnna tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dea-chleachtais agus déanfaidh siad moltaí maidir le caighdeáin dheonacha tuairiscithe. Sa tuarascáil bhliantúil sin, déanfar impleachtaí na gcleachtas díchill chuí ar nochtaí a mheas faoin Rialachán seo agus tabharfaidh sí treoir maidir leis an ábhar seo. Déanfar an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 18a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach -
Airteagal 19 Meastóireacht -
Airteagal 20 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm -

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha