+91. Agus measúnú á dhéanamh ar chreataí ICAAP agus ILAAP na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis …

91. Agus measúnú á dhéanamh ar chreataí ICAAP agus ILAAP na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis …

Agus measúnú á dhéanamh ar chreataí ICAAP agus ILAAP na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar Threoirlínte an ÚBE maidir le faisnéis ICAAP agus ILAAP a bheith á gcomhlíonadh ag an institiúid22 . Ba cheart go gcuimseofaí sa mheasúnú ar chreataí ICAAP agus ILAAP na hinstitiúide athbhreithniú tréimhsiúil ar ICAAP agus ar ILAAP agus ba cheart a chinneadh an bhfuil siad fónta, éifeachtach agus cuimsitheach. Maidir leis seo, ba cheart d’údaráis inniúla:

  • a. a measúnú conas a dhéantar ICAAP agus ILAAP a chomhtháthú i gcleachtais fhoriomlána bainistithe riosca agus bainistithe straitéisí na hinstitiúide, lena n ‑ áirítear pleanáil chaipitil agus leachtachta, chomh maith le méid a gcineáil réamhbhreathnaithigh;
  • b. breithniú a dhéanamh ar oiriúnacht ICAAP agus an ILAAP chun leibhéal leordhóthanach caipitil inmheánaigh agus leachtachta a mheas agus a chothabháil chun rioscaí na hinstitiúide a chlúdach agus chun cinntí gnó stuama a dhéanamh (e.g. maidir le caipiteal a leithdháileadh faoin bplean gnó), lena n-áirítear faoi dhálaí struis;
  • c. measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil ICAAP agus an ILAAP leabaithe sna próisis chinnteoireachta agus bhainistíochta ag gach leibhéal san institiúid (e.g. socrú teorainneacha, tomhas feidhmíochta);
  • d. a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil creataí ICAAP agus ILAAP faoi réir maoirseachta rialta ag an gcomhlacht bainistíochta, lena n-áirítear formheas na gcreataí seo agus a gcuid torthaí;
  • e. measúnú a dhéanamh ar cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear ICAAP agus ILAAP i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go comhréireach i ngach líne ghnó agus eintiteas dlíthiúil de chuid na hinstitiúide agus an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn siad na rioscaí ábhartha go léir a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sí a bheith neamhchosanta orthu;
  • f. measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dlí agus rialála gaolmhar agus breithniú a dhéanamh freisin i dtaobh an sainaithníonn ICAAP na hinstitiúide rioscaí atá ag teacht chun cinn agus/nó rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, rioscaí ardtionchair, lena n ‑ áirítear rioscaí TFC, rioscaí comhshaoil agus neamhchinnteachtaí geopholaitiúla;
  • g. measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon chlaonadh ó ICAAP nó ILAAP caighdeánach na hinstitiúide, i gcomhair ceann amháin nó níos mó dá heintitis dhlíthiúla nó dá línte gnó, inchosanta.

22 Treoirlínte an ÚBE maidir le faisnéis ICAAP agus ILAAP a bhailítear chun críocha SREP (ÚBE/GL/2016/10)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.