+376. Agus an tionchar a bhíonn ag turraingí ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide á meas, ba …

376. Agus an tionchar a bhíonn ag turraingí ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide á meas, ba …

Agus an tionchar a bhíonn ag turraingí ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide á meas, ba cheart d'údaráis inniúla gach foinse ábhartha riosca leachtachta don institiúid a chur san áireamh, go háirithe:

  • a. an fhéidearthacht nach n-aithneodh aon cheanglas rialála de chuid AE is infheidhme go leordhóthanach riachtanais leachtachta na hinstitiúide i gcás an chineáil cáis struis a úsáidtear don cheanglas, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil aibíochtaí níos giorra ná 30 lá;
  • b. rioscaí a thagann chun cinn i ndáil le contrapháirtithe mórdhíola maidir le míreanna laistigh den chlár comhardaithe agus comhchruinnithe maoinithe. Ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt ar luaineacht an mhaoinithe a sholáthraíonn contrapháirtithe ar ball é gach ceann acu de na hearnálacha is suntasaí a fhreastalaítear orthu, agus ar rioscaí ionfhabhtaithe féideartha. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhaoiniú a bhailítear trí línte gnó agus bealaí dáileacháin nua, agus ó chliaint atá i mbun gníomhaíochtaí a bhfuil leibhéal méadaithe riosca ag baint leo (eisitheoirí cripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí);
  • c. rioscaí a eascraíonn maidir le sreafaí airgid teagmhasacha/míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe (mar shampla, línte creidmheasa, glaonna éarlaise) agus gníomhaíochtaí (mar shampla, tacaíocht leachtachta d'fheithiclí sainchuspóra neamhchomhdhlúite lastall d'oibleagáidí conarthacha;
  • d. insreafaí agus eis-sreafaí ar bhonn comhlán chomh maith le glanbhonn: i gcás ina bhfuil insreafaí agus eis-sreafaí an-ard ann, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar an riosca don institiúid nuair nach bhfaightear insreafaí nuair a bhítear ag súil leo, fiú nuair atá an riosca glan-eis-sreafa teoranta;
  • e. rioscaí a thagann chun cinn i ndáil le contrapháirtithe miondíola lena n‑áirítear comhchruinnithe maoinithe. Chun na críche sin, ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as an modheolaíocht maidir le haicmiú taiscí miondíola i mbuicéid riosca éagsúla, de bhun Airteagal 24 agus Airteagal 25 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún;
  • f. an riosca go ndéanfaidh rioscaí iomarcacha sa phróifíl chistiúcháin meántéarmach agus fadtéarmach dochar d'iompar na gcontrapháirtithe atá ábhartha don suíomh leachtachta gearrthéarmach;
  • g. riosca a eascraíonn i gcomhthéacs taiscí muiníneacha45 .

45 Tá na dea-chleachtais ar fáil i dtuarascáil an ÚBE: Faireachán ar chur i bhfeidhm an chóimheasa um chlúdach leachtachta san AE – Dara tuarascáil (ÚBE/REP/2021/07).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.