+8.2. Measúnú ar an riosca leachtachta bunúsach
---+372. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta gearrthéarmach agus …
---+373. Chun riachtanais leachtachta, maoláin agus cumas frithchothromaithe a mheasúnú faoi …
---+374. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide sa …
---+375. Ba cheart d’údaráis inniúla tacú le measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta gearrthéarmach …
---+376. Agus an tionchar a bhíonn ag turraingí ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide á meas, ba …
---+377. Ba cheart d'údaráis inniúla a áirithiú go mbreithnítear ina measúnú ar riachtanais leachtachta …
---+378. Ba cheart d’údaráis inniúla neamhchosaint na hinstitiúide ar riosca leachtachta ionlae a mheas …
---+379. I gcás na ndlínsí sin nach bhfuil tuairisciú ar riosca ionlae ar fáil go fóill iontu, ba …
---+380. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht mhaolán leachtachta agus …
---+381. Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí a d'fhéadfadh cur isteach ar …
---+382. Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh (más infheidhme) ar oiriúnacht na toimhdí …
---+383. Ba cheart d'údaráis inniúla a gcuid tástálacha struis leachtachta féin a reáchtáil chun …
|
8.2. Measúnú ar an riosca leachtachta bunúsach
8.2. Measúnú ar an riosca leachtachta bunúsach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
372. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta gearrthéarmach agus …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta gearrthéarmach agus meántéarmach na hinstitiúide thar thacar iomchuí tréimhsí ama, lena n-áirítear tréimhsí idirlae, chun a áirithiú go gcoimeádann an institiúid leibhéil leordhóthanacha maoláin leachtachta, faoi ghnáthdhálaí agus faoi dhálaí struis araon. Áirítear leis an measúnú seo na gnéithe seo a leanas: - a. meastóireacht ar riachtanais leachtachta sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma;
- b. meastóireacht ar riosca leachtachta ionlae;
- c. Meastóireacht ar acmhainn maolánach leachtachta agus frithchothromaithe;
- d. tástáil struis leachtachta maoirseachta.
|
|
373. Chun riachtanais leachtachta, maoláin agus cumas frithchothromaithe a mheasúnú faoi …
|
Chun riachtanais leachtachta, maoláin agus cumas frithchothromaithe a mheasúnú faoi ghnáthchoinníollacha, ba cheart d’údaráis inniúla tacú leis an anailís le fianaise ó na teimpléid tuairiscithe maidir le méadracht faireacháin bhreise mar a shonraítear san ITS maidir le tuairisciú maoirseachta. Agus riachtanais leachtachta á measúnú i gcúinsí struis, ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt freisin ar na bearta a d'fhéadfadh na hinstitiúidí a dhéanamh chun a gcáil/a saincheadúnas a chaomhnú. Ba cheart go mbreithneofaí leis sin éifeachtaí clú ar chontrapháirtithe móra mórdhíola agus miondíola lena n‑áirítear na contrapháirtithe sin a d’fhéadfadh a bheith spreagtha trí bhealaí sóisialta nó bealaí eile. Féadfaidh údaráis inniúla meastóireacht a dhéanamh ar riosca leachtachta ionlae nach bhfuil chomh gráinneach céanna agus tástáil struis leachtachta, i gcás ina mbeidh údar maith leis sin mar gheall ar ábharthacht níos ísle na bhfoinsí riosca sin, go háirithe i gcás institiúidí Chatagóir 3 agus Chatagóir 4, agus torthaí an ILAAP á gcur san áireamh. Meastóireacht ar riachtanais leachtachta sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma
|
|
374. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide sa …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma faoi ghnáthchoinníollacha agus faoi dhálaí struis. Ba cheart dóibh an tionchar ar riachtanais leachtachta faoi strus na hinstitiúide roimh 30 lá, idir, mar shampla, 30 lá agus trí mhí agus ina dhiaidh sin,a chur san áireamh, mar shampla, idir trí agus dhá mhí dhéag de strusanna géara ach inchreidte a chlúdaíonn turraingí neamhghnácha, turraingí ar fud an mhargaidh agus turraingí comhcheangailte. Ba cheart d'údaráis inniúla anailís a dhéanamh freisin ar mhéid, ar shuíomh agus ar airgeadas na gceanglas leachtachta agus ar na tionchair ar leith a bhaineann le turraingí ina n-airgeadraí ábhartha éagsúla chun riosca in-aistritheachta airgeadra agus an riosca go mbeadh cur isteach ar an rochtain ar mhargaí malairte eachtraigh (lena n-áirítear turraingí neamhghnácha a léiriú amhail, mar shampla, cailleadh na rochtana ar chuntas baincéireachta comhfhreagraí atá ainmnithe in airgeadra eachtrach).
|
|
375. Ba cheart d’údaráis inniúla tacú le measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta gearrthéarmach …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla tacú le measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta gearrthéarmach trí anailís a dhéanamh ar an LCR, mar a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún, lena n-áirítear cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar an LCR a thomhas agus a thuairisciú i gceart agus an sainaithníonn sé go leordhóthanach clúdach na hinstitiúide maidir le riachtanais leachtachta. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas freisin cibé acu atá nó nach bhfuil tástáil thréimhsiúil á déanamh ag institiúidí ar a gcumas an LCR a thuairisciú ar bhonn laethúil chun a áirithiú go mbeidh institiúidí in ann sonraí iontaofa a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 414 de Rialachán (AE) 575/2013 nuair is gá.
|
|
376. Agus an tionchar a bhíonn ag turraingí ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide á meas, ba …
|
Agus an tionchar a bhíonn ag turraingí ar riachtanais leachtachta na hinstitiúide á meas, ba cheart d'údaráis inniúla gach foinse ábhartha riosca leachtachta don institiúid a chur san áireamh, go háirithe: - a. an fhéidearthacht nach n-aithneodh aon cheanglas rialála de chuid AE is infheidhme go leordhóthanach riachtanais leachtachta na hinstitiúide i gcás an chineáil cáis struis a úsáidtear don cheanglas, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil aibíochtaí níos giorra ná 30 lá;
- b. rioscaí a thagann chun cinn i ndáil le contrapháirtithe mórdhíola maidir le míreanna laistigh den chlár comhardaithe agus comhchruinnithe maoinithe. Ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt ar luaineacht an mhaoinithe a sholáthraíonn contrapháirtithe ar ball é gach ceann acu de na hearnálacha is suntasaí a fhreastalaítear orthu, agus ar rioscaí ionfhabhtaithe féideartha. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhaoiniú a bhailítear trí línte gnó agus bealaí dáileacháin nua, agus ó chliaint atá i mbun gníomhaíochtaí a bhfuil leibhéal méadaithe riosca ag baint leo (eisitheoirí cripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí);
- c. rioscaí a eascraíonn maidir le sreafaí airgid teagmhasacha/míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe (mar shampla, línte creidmheasa, glaonna éarlaise) agus gníomhaíochtaí (mar shampla, tacaíocht leachtachta d'fheithiclí sainchuspóra neamhchomhdhlúite lastall d'oibleagáidí conarthacha;
- d. insreafaí agus eis-sreafaí ar bhonn comhlán chomh maith le glanbhonn: i gcás ina bhfuil insreafaí agus eis-sreafaí an-ard ann, ba cheart d'údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar an riosca don institiúid nuair nach bhfaightear insreafaí nuair a bhítear ag súil leo, fiú nuair atá an riosca glan-eis-sreafa teoranta;
- e. rioscaí a thagann chun cinn i ndáil le contrapháirtithe miondíola lena n‑áirítear comhchruinnithe maoinithe. Chun na críche sin, ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as an modheolaíocht maidir le haicmiú taiscí miondíola i mbuicéid riosca éagsúla, de bhun Airteagal 24 agus Airteagal 25 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún;
- f. an riosca go ndéanfaidh rioscaí iomarcacha sa phróifíl chistiúcháin meántéarmach agus fadtéarmach dochar d'iompar na gcontrapháirtithe atá ábhartha don suíomh leachtachta gearrthéarmach;
- g. riosca a eascraíonn i gcomhthéacs taiscí muiníneacha45 .
45 Tá na dea-chleachtais ar fáil i dtuarascáil an ÚBE: Faireachán ar chur i bhfeidhm an chóimheasa um chlúdach leachtachta san AE – Dara tuarascáil (ÚBE/REP/2021/07).
|
|
377. Ba cheart d'údaráis inniúla a áirithiú go mbreithnítear ina measúnú ar riachtanais leachtachta …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla a áirithiú go mbreithnítear ina measúnú ar riachtanais leachtachta ghearrthéarmacha na hinstitiúide an tionchar a bhíonn ag an digitiú (lena n-áirítear, mar shampla, íocaíochtaí láithreacha) agus ar an acmhainneacht go scaipfear faisnéis ar na meáin shóisialta chun luas na n-aistarraingtí a mhéadú i gcás struis. Meastóireacht ar riosca leachtachta ionlae
|
|
378. Ba cheart d’údaráis inniúla neamhchosaint na hinstitiúide ar riosca leachtachta ionlae a mheas …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla neamhchosaint na hinstitiúide ar riosca leachtachta ionlae a mheas le haghaidh tréimhse ionchasach roghnaithe. Ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú sin, ar a laghad, meastóireacht ar leachtacht ionlae atá ar fáil nó inrochtana faoi ghnáthchoinníollacha agus faoi strus airgeadais nó oibriúcháin freisin (e.g. clistí TF, srianta dlíthiúla ar aistriú cistí, rochtain ar sheirbhísí baincéireachta comhfhreagraí a chur ar fionraí/a fhoirceannadh agus/nó ar sheirbhísí imréitigh airgeadraí, tráchtearraí nó ionstraimí atá suntasach don institiúid). Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis sin go háirithe conas, in amanna struis, a d’fhéadfadh riachtanais mhéadaithe comhthaobhachta ionlae institiúide teorainn a chur lena cumas maolán leachtachta a úsáid chun eis-sreafaí struis a chlúdach nuair is gá.
|
|
379. I gcás na ndlínsí sin nach bhfuil tuairisciú ar riosca ionlae ar fáil go fóill iontu, ba …
|
I gcás na ndlínsí sin nach bhfuil tuairisciú ar riosca ionlae ar fáil go fóill iontu, ba cheart d'údaráis inniúla brath ar anailís na hinstitiúide féin ar an riosca leachtachta ionlae. Meastóireacht ar acmhainn maolánach leachtachta agus frithchothromaithe
|
|
380. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht mhaolán leachtachta agus …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht mhaolán leachtachta agus acmhainn fhrithchothromaithe na hinstitiúide chun freastal ar a riachtanais leachtachta laistigh de mhí agus thar thréimhsí ama éagsúla, b’fhéidir suas le bliain amháin, lena n-áirítear thar oíche. Ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú breithniú ar aicmiú agus cáilíocht sócmhainní leachtacha (mar a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún), ar chomhlíonadh ceanglais ghinearálta agus oibríochtúla maidir le sócmhainní leachtacha ardcháilíochta, agus cibé an atá nó nach bhfuil an maolán leachtachta agus an acmhainn frithchothromaithe i gcomhréir le hinghlacthacht riosca na hinstitiúide.
|
|
381. Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí a d'fhéadfadh cur isteach ar …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí a d'fhéadfadh cur isteach ar chumas na hinstitiúide a cuid sócmhainní leachtacha a airgeadú go tráthúil le linn tréimhse struis, lena n-áirítear an méid seo a leanas: comhchruinniú ard le contrapháirtithe aonair nó le cineálacha áirithe sócmhainní; sócmhainní sa mhaolán atá faoi ualach nó ar iasacht; agus ainmniú na sócmhainní leachtacha in airgeadra atá difriúil ó riachtanais leachtachta na hinstitiúide. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar luach dóchúil na saoráidí leachtachta tiomanta a d’fhéadfaí a áireamh san acmhainn frithchothromaithe.
|
|
382. Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh (más infheidhme) ar oiriúnacht na toimhdí …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh (más infheidhme) ar oiriúnacht na toimhdí atá ag an institiúid maidir lena cumas rochtain a fháil ar mhargaí athcheannaigh agus ar mhaoiniú ó bhanc ceannais i dtréimhse struis, lena n-áirítear maidir le hoiriúnacht agus infhaighteacht sócmhainní le feidhmiú mar chomhthaobhacht. Ba cheart dóibh a chur san áireamh cibé an ndéanann nó nach ndéanann an institiúid tástáil ar a rochtain ar an margadh trí dhíolachán nó trí athcheannach a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil; Ar an gcaoi chéanna, ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar thuairimí na n-institiúidí maidir leis an am go leachtacht faoi bhrú. Tástáil struis leachtachta maoirseachta
|
|
383. Ba cheart d'údaráis inniúla a gcuid tástálacha struis leachtachta féin a reáchtáil chun …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla a gcuid tástálacha struis leachtachta féin a reáchtáil chun rioscaí leachtachta gearrthéarmacha agus meántéarmacha a mheas go neamhspleách. Ba cheart cásanna struis a bheith ar ancaire le toimhdí struis 30 lá LCR, ach féadfaidh údaráis inniúla raon feidhme a measúnaithe a leathnú trí rioscaí a fhiosrú laistigh de 30 lá agus thar 30 lá, agus na toimhdí LCR a athrú chun rioscaí nach bhfuil clúdaithe go leormhaith sa LCR a léiriú; Ba cheart go n-áireofaí leis sin tástáil struis mhaoirseachta lena gcomhcheanglaítear strus atá sainiúil don institiúid agus strus ar fud an mhargaidh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|