+2. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas faoin gceannghnóthas agus faoina ghrúpa san …
|
2. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas faoin gceannghnóthas agus faoina ghrúpa san …
Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas faoin gceannghnóthas agus faoina ghrúpa san iarratas ar údarú: - a) cairt chorparáideach de ghrúpa an cheannghnóthais is iarratasóir, ina léirítear, i measc nithe eile, an gnóthas idirmheánach agus an máthairghnóthas deiridh, de réir Airteagal 47(3), pointe (2) de CRD, agus limistéir gheografacha bunaithe agus gníomhaíochta na n-eintiteas atá ina gcuid den TCG;
- b) léiriú ar aon oibríochtaí corparáideacha suntasacha atá ar siúl nó atá tuartha laistigh den TCG (e.g. cumaisc nó fáltais, bunú fochuideachtaí nua agus/nó brainsí tríú tír eile) a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar staid stuamachta agus ar struch túr eagraíochtúil an cheannghnóthais is iarratasóir;
- c) céannacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta i bhfeidhm bhainistíochta (i) an cheannghnóthais is iarratasóir, lena n-áirítear an comhalta/na comhaltaí arb é nó iad an líne tuairiscithe deiridh faoin BTT, agus (ii) agus an cheannghnóthais idirmheánaigh agus an mháthairghnóthais deiridh, i gcás inarb infheidhme;
- d) cairt de struchtúr caipitiúil an mháthairghnóthais deiridh, ina n -aithnítear na scairshealbhóirí rialaitheacha díreacha agus an t-úinéir (nó na húinéirí) tairbhiúla deiridh. I gcás ina bhfuil fochuideachta nó BTT amháin nó níos mó ag TCG san Aontas Eorpach ar eintitis earnála airgeadais iad, faisnéis faoin mBallstát ina bhfuil siad údaraithe agus ainm an údaráis ábhartha nó, i gcás ina bhfuil an t-iarratas ar údarú ar feitheamh, léiriú ar an údarás inniúil a láimhseálann an t- iarratas sin agus na daoine teagmhála ábhartha laistigh den údarás inniúil sin;
- e) ráitis airgeadais iniúchta na 3 bliana is deireanaí de chuid an cheannghnóthais , ar bhonn aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhonn comhdhlúite, lena n -áirítear nóta achoimre a chuireann síos ar oibríochtaí an cheannghnóthais nó a ghrúpa;
- f) i gcás ina bhforáiltear sa chlár oibríochtaí go nglacfaidh an BTT le taiscí, gealltanas an cheannghóthais is iarratasóir comhalta a dhéanamh den BTT, is é sin comhalta de scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit ina ndéantar an t-iarratas5 .
- g) ráiteas ó údarás inniúil tríú tír nó ó údaráis inniúla tríú tír an cheannghnóthais is iarratasóir, agus i gcás inarb infheidhme, ón gceannghnóthas idirmheánach agus ón máthairghnóthas deiridh de réir bhrí Airteagal 47(2), pointe (b) CRD, nach bhfuil aon fhoras ann le cur in aghaidh bhunú an BTT. Ba cheart go gcumhdófaí i ráiteas/ráitis den sórt sin dea-sheasamh na gceannghnóthas ábhartha go léir maidir le comhlíontacht an cheannghnóthais/na gceannghnóthas sin ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite de réir mar is infheidhme faoi dhlí tríú tír, leis na ceanglais stuamachta is infheidhme i ndlí agus rialáil tríú tír (go háirithe, cistí dílse, ceanglais cistí dílse, CCL, CGCC, ceanglas cóimheasa luamhánaith e), agus leordhóthanacht na struchtúr eagraíochtúil, riaracháin agus cuntasaíochta.
5 Chun teacht le hAirteagal 15 de Threoir 2014/49/AE maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí, mar a leasaíodh le pointe (16) d'Airteagal 1 de Threoir 2026/804/AE an 30 Márta 2026, IO L, 20.4.2026, lch. 1. . 7 Ba cheart go gcumhdófaí sa ráiteas gan cur in aghaidh freisin dea-cháil na gceannghnóthas ábhartha go léir agus chomhaltaí a gcomhlachtaí bainistíochta faoi seach atá i bhfeidhm bhainistíochta, chomh maith leis na scairshealbhóirí rialaithe agus na húinéirí tairbhiúla deiridh. Sn ráiteas gan cur in aghaidh ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla tríú tír, ba cheart breithniú a dhéanamh ar aon sárú dlí nó rialacháin atá ábhartha do chreat stuamachta an tríú tír ábhartha, amhail sárú ar rialacháin stuamachta, dócmhainneacht, coireanna tráchtála, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, a tharla le 10 mbliana anuas nó le tréimhse níos giorra eile de réir mar is infheidhme faoi dhlí stuamachta tríú tír, lena n -áirítear faoi nós imeachta nó imscrúdú atá ar feitheamh. Nuair is ábhartha, ba cheart faisnéis a shonrú sa ráiteas gan cur in aghaidh maidir le ciontuithe i ndlí coiriúil, i ndlí airgeadais, i sciúradh airgid, i ndócmhainneacht nó i ndlí tráchtála nár cuireadh ar ceal, agus faoi imscrúduithe coiriúla, nósanna imeachta nó imeachtaí nó imscrúduithe comhchosúla atá ar feitheamh. - h) Nuair a chuireann an t- údarás inniúil tríú tír go díreach chuig an iarratasóir é, ba cheart go mbeadh an ráiteas sin maidir le gan cur in aghaidh san iarratas. Nó, mar mhalairt air sin, ba cheart don údarás inniúil dul i gcomhairle leis an údarás inniúil t ríú tír i gcomhréir le Cuid III de na Treoirlínte seo.
- i) Tuairim dhlíthiúil réasúnaithe ó thríú páirtí maidir le heaspa bacainní i gcreat an tríú tír is infheidhme maidir leis an gceannghnóthas is iarratasóir, an ceannghnóthas idirmheánach agus an máthairghnóthas deiridh, de réir mar is infheidhme, a chuireann cosc ar chumas an BTT reachtaíocht agus rialacháin an Aontais agus reachtaíocht agus rialacháin stuamachta a chomhlíonadh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|